Tá sceitimíní le brath san aer, le lucht féachana ag súil le cumhacht agus paisean a bhrath anocht, mé féin san áireamh. Muna thuigeamar gur chainteoir múscailteach, bríomhar é Micheál D Ó hUigín i rith an toghcháin, tuigimid go trom anois é.
Chuaigh mé timpeall agus chaith mé cúpla ceisteanna i dtreo an lucht féachana, idir óg agus aosta, le cloisteáil cad a bhíodar ag súil le i rith an chaint; “Is brocaire ceart é nuair is gá dó a bheith, chonaic mé é ag caint síos i gCorcaigh agus bhí sé iontach!” Ní an agallamh ar thug sé don ‘Financial Times’ faoi ceannairí na hEorpa an t-aon conspóid atá lasta ag MD Ó hUigín. Níl ann ansin ach an focal bríomhar is déanaí uaidh.Tabhair sracfhéachaint ar an argóint chorraithe ar ‘Newstalk’ i gcoinne Michael Graham (ar fáil ar YouTube), nó léigh faoin bhfeachtais ar shon cothromaíocht agus cearta i dtíortha éagsula thar lear ar nós an Iaráic agus an Chambóid ar ghlac sé páirt iontu, gan trácht a dhéanamh ar na toipicí éagsúla ar labhair sé ar a shon agus é ina Theachta Dála.
Anois, suím chun tosaigh, idir na suíocháin atá curtha in áireamh do mhuintir an Áras agus an póidiam ina sheasfaidh Uacharán na hÉireann agus é ag labhairt faoi ‘Eiticí don Uile Duine.’ Tosnaíonn sé, ina ghuth aisteach, iasachta ach lán le tuiscint do chás an ghnáth Éireannach. Tá guth draíochtúil, mealltach aige, tá ealaíon agus eispéireas fite fuaite i ngach abairt. Tosnaíonn sé le Gaeilge, leis an ghnáth duine “Tá áthas orm a bheith in bhur measc.” Tosnaíonn an óráid, ag fiafrú dúinn cén fáth nach gcuireann muid na ceisteanna cearta? Cad is gá chun saol maith, foirfe a chruthú? Má imíonn an post a bhíomar ag traenáil le haghaidh, an ciallaíonn sin nach bhfuil fiúntacht ag baint linn mar daoine daonna? Cruthann an bhean in aice liom a ceann go heolach.“Caithfimid bunús a thabhairt d’ár gcuid eiticí!” a bhéiceann sé, ag labhairt faoi eiticí an eacnamaíocht, an liobrálachas i gcoinne an nualiobrálachas. Tugann sé cuótaí agus argóintí ó Durkheim, Aristotle agus Adam Smith, agus é ag tabhairt cuóta ó Smith ciúnaíonn sé a ghuth agus deireann sé de mhiongháire; “ní ó dea-mhéin an búistéir, an grúdaire ná an báicéir a faighimid ár dinnéir, ach óna bhféin leas pearsanta.”
Féachann sé thart timpeall ar an seomra ollmhór, féachann sé ar muintir an stáitse.Leanann sé ar aghaidh go bríomhar, ag labhairt faoi aire a thabhairt dá céile agus aire a thabhairt do chórais creidiúna eile. Meabhraíonn sé dúinn go léir go bhfuil tábhacht le clann agus gaol idir daoine; ní tugann tuismitheoirí aire dá bpáistí mar gheall ar spéis réasúnach, ná mar gheall ar a bhfhiúntacht leis an sochaí, ach mar gheall ar rud níos doimhne – tuigeann gach duine san amharclann an teachtaireacht atá an t-Uachtarán ag seoladh amach, ina gcroíthe is ina n-aigní.
Críochnaíonn sé sa tslí inar thosaigh sé, le focail Gaeilge, agus seasann gach duine beo suas chun buíochas a ghabháil leis i bhfoirm torann iontach, uilíoch. Tugann an Uachtarán meanga gáire agus crutha láimh dona lucht féachana, agus bualann muid ár mbosa níos crua agus árdaíonn an bród inár gcroíthe. Tar éis cúpla focail ón Uachtarán agus stiúrthóir ‘Eiticí don Uile Duine,’ fágann Uachtarán an stáitse, agus chasann muintir an lucht féachana ar a chéile, ag rá “Iontach, nach raibh sé? Iontach.”
Go dtí seo tá DCU agus Mater Dei tar éis leachtanna ar eiticí éagsúla inár ghnáthshaoil a thabhairt, leis an ngaol idir an Stát agus an Eaglais, Cód Phroifisiúnta Iompraíocht na Múinteoirí agus Bitheiticí na hÉireann fiosruithe ina iomlán. Chuir an Uachtarán críoch spleodrach leis an chaint, agus níor rinneadh dearmad é sin a chuir in iúl dó. “Tá sé aige i ngach slí,” a dúirt Labhrás Ó Murchú, Seanadóir agus Ard-Stiúrthóir Comhaltas Ceoltóirí Éireann; “Tá cultúr aige, ealaíon, taithí sa Dáil agus mar Aire, scríbhneoireachta, filíochta – tá na rudaí sin ana-thábhachtach ó thaobh íomhá na hUachtaránachta. Rud amháin atáim cinnte faoi ná go bhfuil Uachtarán ana-mhaith againn.”
Gráinne Ní Aodha
Image Credit Nick Bradshaw, Fotonic
Leave a Reply