I lár an chéid seo caite, thosaigh feachtas i nGaeltacht Chonamara faoi stiúir Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Mar chuid den fheachtas seo, dubhadh na leagain Ghallda de logainmneacha an cheantair ar na comharthaí bóithre. Mar thoradh ar an bhfeachtas seo, tháinig Ord isteach sa bhliain 1970 a chur cosc ar ainmneacha Gallda i gceantair Ghaeltachta. Rinneadh neamhaird ar an ord seo go dtí an bhliain 2002, an bhliain nuair a dréachtadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chosnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre seo, nuair a bheartaigh Aire na Gaeltachta na linne sin, Éamon Ó Cuív, nach mbeadh feidhm ar bith ag ainm Gallda a thuilleadh. Faoi dheireadh, d’éist an rialtas le mianta phobal na Gaeltachta agus cuireadh an t-athrú i bhfeidhm cheann ceann na tíre. Crochadh comharthaí nua sna Gaeltachtaí ó Ghaoth Dobhair go dtí An Rinn agus baineadh an Galldachas ó na comharthaí nach raibh i gceantair Ghaeltachta.
Le deich mbliana anuas níl tasc ná tuairisc ar ‘Rannafast’, ‘Kilkerrin’ ná ‘Corcaguiny’ agus níor luadh mórán faoin athrú. Ach ní hamhlaidh a bhí i nGaeltacht Chiarraí – dúiche Pheig, Thomáis Uí Chriomthain agus Mhuiris Uí Shúilleabháin. Luaitear baile mór i ngach aon leabhar de chuid na mórscríbhneoirí seo: An Daingean (nó Daingean Uí Chúis mar a ghlaonn siad triúr air ó am go chéile). A luaithe is a buaileadh an buile dearfach seo don teanga, tarraingíodh raic sa bhaile ar a tugadh ‘Dingle’. Rachaidh na turasóirí ar strae, a dúradh. Caillfear na mílte euro de bharr seo, a béiceadh. Ní shin ainm an bhaile seo ar chor ar bith, a screadadh. Seafóid. Seafóid. Agus tuilleadh seafóide. Admhaím anseo go mb’fhéidir go ngabhfadh corrdhuine ar strae le linn an chéid bhliana nuair a bheadh seanleabhar nó seanléarscáil acu. Ach nach bhfuil cáil ar mhuintir na hÉireann as an bhfáilte agus an gcúnamh a chuirtear roimh thurasóirí?
“Where’s Dingle?” – “Oh, that’s called An Daingean now, follow the signs for that an you’ll be right as rain. Begorragh.”
Fadhb ar bith. An chéad bhliain eile, bheadh a fhios ag DK, Lonely Planet agus Rough Guides gur tháinig athrú ar na bailte Gaeltachta agus chuirfí na leabhair agus na léarscáileanna i gceart. Iontas na n-iontas, rinneadh é seo agus má théitear chuig rannóg na leabhar taistil in Eason’s inniu feictear treoraithe na hÉireann le logainmneacha cearta. Is ar éigean nach bhfuil a fhios ag turasóirí an lae inniu go bhfuil cónaí ar Fungi in An Daingean. Is ar éigean go bhfuil siad ag caoineadh agus ag gol ar leac an bhóthair gan lóistín, gan bia agus ag screadach ‘Where’s Dingle?! Where’s Dingle?!’. Ní cheapfainn é. ‘Ní labhraíonn na turasóirí Gaeilge – ní thuigfear An Daingean’. Tá ciall leis an nGaeilge, mar a bhíonn le logainmneacha ar fud na tíre. Ciallaíonn sí ‘dún’, ‘lios’ nó ‘rath’ de shaghas éigin. Cad sa foc é ‘Dingle’?
Deir Séamus Cosaí Mac Gearailt (nó ab shin James Cossy Fitzgerald?) gur ‘branda’ é Dingle. Is dóigh go mbíonn Séamus bocht ag siúl suas ‘is anuas an ollmhargaidh ag cuardach Danone Bio (Activia) dá bhuinneach, Electrasol (Finish) dá mhiasniteoir, barra Marathon (Snickers) agus mála Opal Fruits (Starburst) dá ghasúir agus ruainne beag Immac (Veet) dá bhean chéile. Nuair a bhíonn an méid sin faighte aige ag an deireadh thiar thall, caithfidh go mbíonn an créatúr ag dul ó charr go carr lasmuigh ar tóir a Datsun (Nissan). Nó ar thóg sé Daewoo (Chevrolet) a mhná chéile…? Oibríonn athbhrandáil nuair a dhéantar i gceart é. Dá mbeadh fógraí ag Fáilte Éireann ón gcéad lá riamh ag fógairt ‘Holidays in (An) Daingean’ agus ‘Fungi the Daingean Dolphin’, d’imeodh fadhb na dturasóirí láithreach.
Nach ndearnadh athbhrandáil ar bhailte na tíre seo cheana féin? Iarraim oraibh, a léitheoirí, dul amach agus Kingstown, Marysborough, Queenstown, King’s County, Queen’s County agus Philipstown a aimsiú dom. B’fhéidir go gcabhródh sé libh dá mbeadh a fhios agaibh gur ar Dún Laoghaire, Portlaoise, Offaly, Laois agus Daingean atá mé ag caint. Athraíodh Philipstown i gcontae Uíbh Fhailí go Daingean agus níor thit an spéir – cén fáth nach féidir an rud céanna a dhéanamh i gCorca Dhuibhne?
Ach ag bréagadh libh atá mé nuair a deirim gur faoin turasóireacht an rún seo ar chor ar bith. Tá a fhios ag madaí an bhaile nach faoi é. Dúradh nuair a tharla sé gur chur amú airgid ab ea athrú na gcomharthaí. Céard faoin mbabhta seo? Cén mhéid a bheas ar chomharthaí nua le ‘Béarla’ orthu? Cé mhéid airgid a thuillfidh oibrithe na gcomhairle ag dul timpeall Chiarraí ag athrú comharthaí? Nach rachaidh turasóirí a cheannaigh a dtreoraithe i ndiaidh 2006/7 ar strae toisc nach bhfeiceann siad ‘An Daingean’ ar na comharthaí? Rún frithghaelach amach is amach é seo agus níl ach fíor-aidhm amháin aige – an Ghaeilge a bhrú amach agus a choinneáil i ladhar an chasúir ag an mBéarla.
An argóint dheireanach atá ag lucht an achrainn ná ‘ní shin ainm Gaeilge an bhaile seo ar chor ar bith’. Is aisteach an rud go gcloistear ‘An Daingean’ gach uile lá beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc an phobail Ghaeilge agus fiú i mbéal an Bhéarlóra nuair a fhiosraítear an t-ainm Gaeilge de. Dar ndóigh, Daingean Uí Chúis an seanainm ceart atá ar an áit, agus tá sé le fáil sa chaint agus sna leabhair ó thús ama. Ach tá An Daingean ann freisin agus is fusa ‘An Daingean’ ná ‘Daingean Uí Chúis’ a scríobh ar chomharthaí. Muise, bheadh ní ba lú airgid i gceist leis an ngiorrúchán. Feictear ‘Doire’ ar ‘Doire Cholm Cille’, ‘Ros’ ar ‘Ros Eo’, ‘An Nás’ ar ‘Nás na Ríogh’ agus go leor giorrúchán eile ar fud na tíre. Níl ciall ná réasún leis an argóint sin ach an oiread.
Ní fheicim ach réiteach amháin ar an gceist seo: Dingle Daingean Uí Chúis a chaitheamh amach ón nGaeltacht mura bhfuil siad sásta rialacha na nGaeltachtaí a chur i bhfeidhm. Cloistear gearán go minic ó mhuintir Chorca Dhuibhne go mbíonn an iomarca Conallachais nó Conamarachais le cloisteáil ar TG4 nó RnaG, go n-imríonn na canúintí sin tionchar rómhór ar an gcaighdeán oifigiúil agus nach léitear aon Mhuimhneachas i bhfoilseacháin Ghaeilge. B’fhéidir go bhfuil cúis leis sin. Cár bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta? Cár throideadh ar son na teanga? Cé as a craoladh Saor Raidió Chonamara sular tháinig RnaG? Cé as a craoladh Telefís na Gaeltachta sular tháinig TG4? Ní i nGaeltacht na Mumhan a chairde Gael. Is mithid don Daingean an bád an iomair nó í a fhágáil ar fad.
Maitiú Ó Coimín
Leave a Reply