Tar éis dhá bhliain, tháinig Joy Crookes air ais go Baile Átha Cliath d’oíche amháin san Academy, ach an uair seo, tá a céad albam aici.
Tharla ceolchoim Joy Crookes ar an Déardaoin an 11ú de mhí na Samhna.
Do na daoine nach bhfuil aithne acu ar Crookes, thosaigh Crookes ag cruthú ceoil i 2016 lena céad amhrán ‘New Manthaton’ nuair a bhí sí ach seacht mbliaina dhéag d’aois. Anois, ag trí bliana is fiche d’aois, scaoileadh a céad albam, ‘Skin’, agus caithfidh sé bheith ráite, níor lig sí síos muid.
Is cainteoir bríomhar den chéad scoth í, lena béim ghutha uathúil Breataineach cé gur Éireannach-Banglaidéiseach í. Comh luaith is a shúil sí ar an stáitse, coimeád sí agus an tslua an fuinneamh ó thús go deireadh an seó. Is deas a bheith ag éisteach lena ceoil, a sheasann amach as na hamhráin nua aimsithe atá le fáil.
Leann an cheolchoirm ar feadh uair gur leith ina iomlán, áit ina cháin sí na hamhráin nua ó ‘Skin’, ach mar aitheantais dá lucht leanúna, cháin sí cúpla dá sean amhráin ar nós ‘London Mine’ agus ‘Ya/ Element’.
Cruthaigh sí agus a bánna cheoil atmaisféar suaimhneach, ní amháin lena glór, ach trí na huirlise ceoil a úsáidtear. Bhraith Crookes go mór ar an bpianó, na drumaí, an dordghiotár agus is minic a chloistear trumpa anseo is ansiúd.
Tá gach amhrán difriúil le réimse ábhar i gceist ó ghrá, a baile dúchas Londain, agus fiú téamaí polaitiúil, mar shampla an ghluaiseacht frithchiníochas ina hamhrán ‘Feet Don’t Fail Me Now’ agus an feimineach i ‘Power’. D’insigh gach amhrán cé hí go díreach a bhfuil Joy i slí dílís agus ionrach, rud nach faightear go minic sna leanta seo.
Is tríd an ceol corraitheach a léiríonn Joy í féin a nochtach go muiníneach, rud a leanann le teama a halbam ‘Skin’. Cé gur scaoileadh é ar an 15ú de mhí Mheán Fómhair, d’éirigh leis an cúigiú áit ar an liosta de ‘Official Albums Chart Top 100’ a bhaint amach, morgníomh d’aon ealaíontóir ceoil, go hairithe lena céad albam.
Is léir nach bhfuil sé seo an deireadh le Joy Crookes. A mhalairt, níl a gníomhréim ach ag tosnú agus molaim daoibh bhur aird a choimeád uirthi, mar tá seans mhaith ann go féachfaidh muid níos mó dí sa todhchaí…