Conas tú féin a ollmhú d’Oireachtas na Samhna

Cad é ‘Oireachtas na Samhna’? Tugtar roinnt daoine ‘Oireachtas na Gaeilge’ ar an imeacht agus an chuid is mó ‘An tOireachtas’ air.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge an tOireachtas in 1897 chun céiliúiradh a dhéanamh ar an teanga agus cultúr tír. Thosaigh an imeacht i mBaile Átha Cliath ach sna laethanta seo, bogann an imeacht chuig áiteanna difriúla sa tír ó bhliain go bhliain- ach tá sé sin deacair anois mar tagann na mílte daoine chuile bhliain agus mar sin, bíonn sé deacair ionad a fháil a mbeadh sách-mhór don dream ollmhór a bhíonn ag an tOireachtas.

Tá sé ag tarlú i mbliana san Óstán Gleneagle/INEC i gCill Airne arís. Tá an áit iontach chun cinntiú gur féidir le gach aon duine teacht. Bíonn ceithre comortais móra ar siúl thar an imeacht ó comortas steip go Corn na mBan ach an ceann is mó agus is tabhachtaí ná Corn Uí Ríada, bíonn sin an imeacht is mó den deireadh seachtaine. Bíonn cóisir mór oíche Sathairn agus bíonn oíche na mic léinn ar siúl oíche Aoine chomh maith- níos mó ar oíche na mic léinn níos déanaí.

Bhí an t-am is fearr agam den bhliain acadúil ag an tOireachtas anuaraidh. Ón dturas bus thíos go comórtas ghléasadh ag Oíche na Mac Léinn- ní stopann an spraoi. Ní mór duit ach ceist a chur ar aon duine a bhí ag an tOireachtas faoin dtaithí a bhí acu ann agus beidh a fhios agat cé chomh iontach ‘s atá an deireadh seachtaine.

Bainim an-sult as na painéail a bhíonn ar siúl Dé Sathairn mar is aoibhinn liom an comhairle agus léargais a fhaigheann tú isteach ar saol daoine eile le Gaeilge nó ar áit na Gaeilge sa 21ú aois srl. Ach an rud is iontacha a bhfuair mé ón tOireachtas ná an caidrimh saibhir a bhfuair mé le sean-chairde agus cairde nua. Bíonn deis casadh le daoine eile agus spraoi a bheith agat le chomh-gaeilgeoirí agus níl amhras ar bith ach go leanann na caidrimh sin ar aghaidh agus atá tú ar ais in ollscoil.

Téann DCU chuig an tOireachtas gach bhliain agus ní eisteacht í an bhlian seo. Tá os cionn 50 mic léinn ag teacht chuig Cill Airne le chéile ó DCU ar an 2 Samhain agus táimid ag tnúth go mór leis. Anuaraidh bhí an craic mighty le muintir DCU agus táim cinnte go mbeidh sé mar an gcéanna i mbliana nó fiú níos fearr ná anuaraidh! Rinneamar téama Hawaii don Oíche na Mac Léinn i 2017 agus bhaineamar an-sult as.

Bhí chuile dhuine páirteach agus réchúiseach go leor agus mar sin, bhíomar in ann spraoi a bhaint as an deireadh seachtaine. Ag deireadh an tOireachtais, is léir go raibh muid ag teacht ar ais mar chlann agus bhí sé sin go hálainn. Is é an tOireachtas an rud is difriúla agus is spraíúla den chéad seimeastar in Ollscoil gan amhras ar bith. Molann an tOireachtas féiniúlacht culturtha agus is deis iontach atá ann chun dul ag labhairt agus ag céiliuradh ár dteanga naisiúnta!

Cén saghas rudaí gur cheart duit tógáil leat chuig an tOireachas? Seachas tú féin agus do dhíograis teanga, beidh cúpla rud uait! Beidh airgid tirim i gcomhair taxis ar ais san oíche nó fiú an MyTaxi app a íoslódáil ionas nach bhfuil airgid tirim agat. Tabhair leat do chóta, cloisim saghas aisteach ag rá seo ach b’shin ceann de na rudaí is mó a dhéanann daoine dearmad faoi. An seinneann tú ceol? Tabhair leat d’uirlisí.

Beidh snaiceanna uait agus atá tú sa bhrú agus más mian leat, tóg deochanna sóisialta leat. Beidh éadaí uait don oíche mhór dé Sathairn agus na gnáthrudaí a bhíonn uait agus atá tú ag dul ar thuras. Agus an rud is tabhachtaí, an rud is cruthaitheach, an rud is mó a bheas uait – Do ghéasadh d’oíche na mac léinn. Labhair le d’Oifigeach Gaeilge (sugaeilge@dcu.ie) nó cur ceist ar do Chumann Gaelach chun tuilleadh eolais a fháil amach faoin téama. An t-aon rud gur féidir liom a rá faoin dtéama ná go mbeidh sé fiachmhar.

Céard a bhfaighfidh tú ón Deireadh Seachtaine (seachas póit an Oireachtais…)? Bhuel, an rud is mó a fhaigheann daoine ná cairde nua. Is deis iontach atá ann chun bualadh agus labhairt le daoine trí do theanga agus cinnte go leanann na caidrimh sin ar aghaidh mar gheall ar an comh suim a bhíonn agat leo.

Faigheann tú deis fáil amach faoin féadrachtaí atá ann leis an Ghaeilge agus conas í a chur in úsáid i do shaol féin tar éis an tOireachtas. Is iontach an rud é sin mar beidh tú in ann do Ghaeilge a leathanú tríd gnáthgnó agus gnáthsaol. Is léir nach bhfuil aon míbhuntáist ag baint leis an tOireachtas seachas an mothúcháin a bhíonn agat an luan dar gcionn nuair a thiteann tú ar ais chuig an fíorsaol.

Chun críoch a chur le mo cuid cainte faoin tOireachtas, táim chun rud amhain a rá duit. Is deis ceiliuradh í an tOireachtas agus ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith sa domhan ná a bheith in ann d’fhéiniúlacht, do theanga agus do chultúr tír agus mar sin, ní dóigh liom go bhfuil aom cúis gan é sin a dhéanamh nó gan a bheith ar bís faoi.

Le Shorcha Ní Chonghaile

Image Credit :  An tOireachtas