Samhradh ar an trá i South Carolina

Ar dtús, fáilte romhaibh ar ais chuig The College View. Is mise Ali Spillane. Is mac léinn ‘Gaeilge agus Iriseoireacht’ mé as contae Laoise agus beidh mé mar eagarthóir Gaeilge don phaipéar i mbliana. Táim ag tnúth go mór leis an dúshlán. Is é téama an roinn don seachtain seo ná Taistil.

Bhí mé ar J1 i South Carolina don samhradh. Bhí tréimhse álainn agam ann. Chaith mé trí mhí ag obair i siopa froyo den ainm ‘Sweet Frog’ cois trá. Bhí mé ag fanacht in ionad arasáin díreach trasna an bhóthair le 120 Éireannach eile.

Bheartaigh muid ar Myrtle Beach mar cheann scríbe mar bhí áit cois farraige uainn agus bhí aithne agam ar neart daoine a bhí ann riamh a mhol go hard é. Anuas ar sin, ní raibh an bheirt againn a bhí chun dul ach 20 bliana d’aois agus ar ndóigh bhí sé ar intinn againn bheith ag dul amach go clubanna oíche srl, rud atá níos deacra sna cathair móra.

Ba mo chara Aisling a chuir an plean go léir i gcrích dúinn. Í a bhí freagrach as na jabanna agus lóistín a fháil dúinn agus gach rud eile a chuir in eagar. Thosaigh an próiseas i mí Feabhra agus bhí neart fadhbanna againn go dtí go raibh ár víosaí againn ag tús mí Bealtaine ach in aineoinn an strus agus imní go léir ba fhiú go mór é ar deireadh.

De réir rialacha nua bíonn ort jab a fháil roimh an víosa a aimsiú. Is pian ceart é ach déanann sé ciall agus níl sé deacair post eile nó post breise a fháil nuair a shroicheann tú do cheann scríbe.

Anois agus mé ag smaoineamh siar ar an samhradh atá díreach caite agam, tá sé deacair focail a chuir ar cé comh iontach is atá víosa J1. Gach lá bhí an ghrian ag taitneamh le teochtanna idir trocha agus daichead céim celcius. Níor chaith muid geansaí nó brístí fada ar feadh trí míosa. Seachas na 5 nó 6 huaire a chaith muid ag obair sa tráthnóna ní raibh freagracht ar bith againn sa saol. Níor thosaigh an spraoi gach oíche roimh meán oíche agus níor chríochnaigh sé go dtí na huaireanta beaga an lá dár gcionn.  Bhí neart laethanta eachtraíochta againn comh maith, an paraisheoltóireacht, bád banana, turas go Charleston, agus páirc uisce ina measc.

Seachas an aimsir is é an rud is fearr faoin J1 ná na cairde a bhuaileann tú le. Mic léinn ó chuile cearn den tír ag teacht le chéile sa chearn céanna den SA don samhradh. Idir na laethanta caite sa linn snámha agus na hoícheanta ag canadh ar an trá d’éirigh le strainséirí bheith mar dlúthchairde.

Chun stíl iriseoireachta ceart a chur ar an alt seo ba cheart go mbeidh cothromaíocht ar fáil agus cinnte ní raibh gach uile rud comh foirfe sin ar feadh trí míosa. Bhí mé ag fanacht in arasán le triúr buachaillí nach raibh in ann pláta a ghlanadh nó seomra a choimeád néata agus mar thoradh bhí ciaróg rua, nó dhó, nó trí, nó ocht ag roinnt an chistin linn, gan trácht ar an múscán sa seomra folctha. Agus tú tuirseach agus cumha ort, tosaíonn na rudaí seo ag cur isteach ort. Bhí jóc againn gur gealtlann a bhí i gceist agus go raibh dushláin eágsúla againn le sárú roimh ár saoirse a bhaint amach. Ach b’fhéidir gurb meabhrúcháin iad le cur in iúl dúinn nach síscéal a bhí againn ach réaltacht.

Agus an samhradh ag druidim chun deiridh d’fhág muid Myrtle Beach agus chaitheamar tréimhse i Nua-Eabharc agus Washington DC. Bhí sár-am againn ann. Rinneamar gach rud ar ár liosta agus bhuail muid le cuid de na cairde a bhí déanta againn le linn an samhraidh ann. Bhí meascán mothúcháin orainn agus muid ag fágáil na Stáit Aontaithe. Bhí ár gcroíthe briste ag críochnú ár J1 ach sceitimíní orainn ár gclainne agus ár gcairde a fheiceáil.

Ar an taobh eile den eispéireas anois, molaim do gach mac léinn samhradh a chaitheamh ar an taobh eile den Atlantach. Is próiséis costasach é cinnte agus bhí idir €1500 agus €2000 caite againn ar víosa agus eitilí srl roimh Éirinn a fhágáil. Ach b’fhiú go mór é. Seachas na daoine ag déanamh céim múinteoireachta, gach seans nach mbeadh trí mhí saor agat don samhradh riamh arís tar éis do laethanta ollscoile. Ar a laghad ní bheidh seans agat víosa J1 a fháil i ndiaidh do chéim a bhaint amach. Tosaigh leis an pleanáil go luath (tar éis Nollaig.) Bí cúramach ag roghnú do cheann scríbe, do jab agus do chomhluadar ach go háirithe. Chuaigh mé le duine eile amháin, mo dhlúthchara agus inniu táimid fós mar dhlúthchairde, ach ní bhíonn gach scéal comh simplí sin. Téigh agus déan é. Geallaim duit nach mbeidh aiféala ort. Táim go mór in éad le gach duine leis an seans fós rompu.

Alison Spillane