Fuair Fiontar, an Roinn Gaeilge i DCU, cuireadh chun freastal ar chlár Claire Byrne Live coicís ó shin ar son díospóireachta faoin nGaeilge a bhí eagraithe mar chuid den chlár. Shocraigh mé féin agus cúpla chara dul ann.
An rud is mó a thug mé faoi dheara sa stiúideo an oíche sin ná an méid daoine óga a bhí ann ar son na Gaeilge; agus dealraíonn sé dom go raibh formhór na daoine ann ag déanamh iarrachta a gcuid scileanna teanga a úsáid.
Is dóigh liom gur rinneadh iarracht beocht na teanga a thaispeáint, ach i mo thuairmse ní raibh fiú an tairbhe an iarracht. Leanaíodh leis an struchtúr céanna mar a bhíonn in úsáíd i gcónaí agus an Ghaeilge á phlé sna meáin. Níor bhaineadh úsáid as an mbua is mó sa stiúideo ar taobh na Gaeilge – an óg.
Mar is ghnáth díríodh an díospóireacht ar an meon diúltach a bhíonn bainteach leis an nGaeilge agus éigeantas na teanga san chóras oideachais sa lá atá inniu ann. Roghnaítear aoichainteoir thipiciúil don Ghaeilge, Bláthnaid Ní Chofaigh, nach ndearna ach an gnáth argóint maidir le ceist na teanga dhúchais – féiniúlacht náisiúnta.
Luaigh ceann den lucht féachana an seanfhocal míchlúiteach ‘tír gan teanga tír gan anam’, rud a chuireann beagnach gach dalta Ardteistiméireachta sa tír ar an bpáipéar scrúdaithe chun na marcanna breise a fháil (Sin mar a deirtear ar aon nós). Caithfidh mé a rá gur chas mé mo shúile i dtreo na bhFlaitheas agus muid ag éisteacht leis an seafóid céanna a bhíonn le héisteacht i gcónaí.
Ní raibh níos mó ráth ag an bhfear ón bhfreasúra ach oiread, Eoin Butler a bhí ag tacú leis an éigeantas. Níor chruthaigh sé argóint cruinn ach an oiread. Ghlac sé le Bláthnaid agus le tábhacht do pháistí óg an dara teanga a fhoghlaim. An áit a theip air ná maidir le ceist Bláthnaid ar an ábhar.
Cén fáth nárbh fhéidir an Ghaeilge a bheith mar an dara teanga sin? Cén fáth ba chóir dúinn béim agus meas níos laidre a chur ar na teangacha iasachta? Mar shampla an Fhraincis nó an Spáinnis? Go hiondúil freagraítear an cheist seo leis na bhfocail ; “ní teanga gnó í an Ghaeilge”, nó “níl aon úsáid phraiticiúil don teanga”. Léigh mé alt suimiúil le linn na seachtaine ar shuíomh The Journal.ie le Colm Ó Broin.
Ba é aidhm an ailt ná chun bheith mar fhrithionsaí ar an gceist seo. Rinne sé tagairt do na tíortha, an tSualainn agus an Danmhairg. Níl an Béarla mar phríomhtheanga sna tíortha seo.
Labhraíonn na daoine dúchasach ansin a dteanga dhúchais, ach fós is féidir leo trádáil a dhéanamh agus iad cinn de na tíortha is saibhre ar domhan. Mar a dúirt bean sa lucht féachana ar an Luan ag Claire Byrne Live ‘ceard é costas na Gaeilge? Ní bhaineann sí dá luach féiniúlachta nó cultúrtha na tíre.’
Mar gheall ar ghanntanas argóintí cruinne mar seo cuireadh diospóireacht lag in iúl le RTÉ. Tharraing Claire Byrne an t-ábhar anuas, conas an Ghaeilge a mhúineadh agus a fhoghlaim níos fearr sa chóras oideachais. Níor phlé feabhas ar mhúineadh nó ar fhoghlaim. Níor chuala mé aon moltaí faoi mhúineadh na teanga nó cad iad fréamhacha na deacrachtaí agus an ghráin a bhíonn fite fuaite leis an teanga i measc scoláirí óga timpeall na tíre.
Rinne Bláthnaid tagairt don tslí tipiciúil a labhraíonn an pobal agus na meáin faoin nGaeilge, ag déanamh gearánta fuithi gan mholadh conas is féidir linn feabhas a chur uirthi? B’é freagair Claire: ‘well would you rather we didn’t talk about Irish at all?’ Ceist agam di, an raibh an mhír ann le ‘lip service’ a tugadh don fhadhb seo? Mar is é sin an cruth a bhí air.
Ní mhaith liom gan ár dteanga a phlé ar chor ar bith ach b’fhearr liom í a phlé i mbealach níos fearr, bealach réalaíoch agus comhaimseartha. Cad faoin athbheochan atá ar siúl maidir leis an teanga. Cad faoin rath atá le brath i measc na n-óg. Cad faoi na bealaí is fearr an Ghaeilge a mhúineadh.
Do na Gaeil ar fad a bhí páirteach sa tslua tuigtear an gnáthmheon sin a bhíonn le brath sa phobal agus sna meáin i gcónaí. Ach tuigeann na daoine céanna seo nach fíor é. Tuigeann siad nach bhfuil an teanga ag fáil báis nó ag dul aon áit.
Ní chuireann uimhreacha an daonáireamh imní orthu mar is iadsan na daoine céanna a freastlaíonn ar na Pop-Up Gaeltachta gach mhí. Siadsan na himreoirí a bhíonn ag traenáil agus ag imirt le na Gaeil Óg. Siadsan a bhíonn ag seoladh a bpáistí chuig Gaelscoileanna agus ar Choláistí Samhraidh cosúil le Coláiste Lurgan.
Tuigeann siad go bhfuil todhchaí geall i ndán don teanga. Tuigeann siad go bhfuil an meon ag athrú. Feiceann siad an dul chun cinn atá déanta agus atá fós ag tarlú.
Ach tuigeann siad chomh maith go bhfuil neart deacrachtaí ag cur bac le sin. Tá níos mó seirbhísí uathu. Tá maoiniú rialtais uathu. Agus tá meon dearfach i leith na Gaeilge uathu. Ach níl díospóireacht den chineál seo ag tabhairt an meas nó an meon sin dóibh.
Méabh Riordan