An Amharclann ‘Bataclan’ i bPáras. ‘Virginia Tech’ sna Stáit Aontaithe Meiriceá. Muenchen sa Ghearmáin. Trí shampla de sluascaoileadh, nó ‘mass-shootings’, a tharla le 10 mbliain anuas trasna na cruinneoige. Chaill 171 duine neamhchiontach a gcuid saolta sna sluascaoilte sin toisc ghníomhaíochtaí ionsaitheoirí nár aontaigh lena gcuid tuairimí, lena gcuid stíleanna mhaireachtála, lena mbeithsine. Ní féidir na tubaistí seo a mhíniú, áfach, agus tagairt á dhéanamh agat do reiligiún nó fuath, toisc go mbíonn míniúcháin níos doimhne a bhreathníonn ar shícé na n-ionsaitheoirí, ar an spreagthacht agus na timpeallachtaí ina raibh siad roimh theacht na n-ionsaithe.
I 2015, ag déanamh iarrachta sícé ionsaitheoirí difriúla a chíoradh agus na táscairí a bhaineann le hionsaitheoir féideartha a aithint, roinn an lia Sherry Towers as Arizona State University staidéar a rinne sí ag maíomh go raibh idir 20% agus 30% de shluascaoilte mar eachtraí aithrise, gur chúisigh ionsaí amháin ionsaithe eile agus na hionsaitheoirí eile ag iarraidh gníomhaíochtaí an lámhaigh i dtosach a chóipeáil. Chomh maith le seo, feictear go minic go gcuireann na tíoránaigh a meas ar thíoránaigh eile in iúl, iad ag rá go dteastaíonn uathu breis dhaoine a mharú ná an t-ionsaí deiridh.
Is léargas suimiúil seo toisc go gcuireann sé an solas ar nádúr an duine agus cé chomh héasca agus atá sé dul i bhfeidhm ar dhuine, go háirithe duine leochaileach, agus go mbíonn coimhlint inmheánach ann san ionsaitheoir go rialta, ní hamháin an choimhlint cúisithe acu go seachtrach.
Is féidir, ag www.avoiddenydefend.org, sampla a fheiceáil de rialtas ag déanamh iarrachta na gníomhaíochtaí tógálacha seo a throid, Texas State University ag cur an suíomh idirlín ar fáil chun go gcuirtear an pobal ar an eolas i dtaca le modhanna líon na n-ionsaithe a laghdú agus conas na hionsaithe seo a aithint do mo rud é gur aimsigh tú tú féin i lár sluascaoileadh. Agus iad ag dul i ngleic ar éífeacht na haithrise, tugtar comhairle dos na léitheoirí ó thaobh na dlúthaisritheoirí de agus deirtear nach cóir ainmneacha na n-ionsaitheoirí a lua ar chor ar bith agus gan aitheantas a thabhairt dóibh toisc go gcreidtear go gcúisíonn lagmheas agus leithlisiú an duine an t-ocras d’aitheantas agus do thóir.
Chomh maith le neamhaird a mholadh mar bhealach trioblóide a sheachaint, tugtar comhairle conas tú féin a chosaint má aimsíonn tú tú féin i lár an tsluascaoilte agus tá nasc acu go fís a léiríonn na moltaí seo agus iad curtha i gcrích. Sa lá atá inniu ann agus le cúrsaí ag éirí níos measa ó thaobh sábháilteachta de amuigh ansin is féidir go mbeadh an t-eolas ar fáil ar an suíomh an-luachmhar duit amach anseo.
Ceist a chuirtear go minic agus sluascaoilte á phlé ná ‘an féidir iad a thuar?’. Go simplí, ní féidir, toisc nach féidir faireachas a dhéanamh ar gach aon duine agus níos deacra fós, a staideanna meabhrach a mheas ach an oiread. Cé nach bhfuil cúrsaí dubh agus bán, scríobhann Lisa Grossman in ‘New Scientist’ faoi na táscairí a bhaineann le cuid ionsaitheoirí agus na cúiseanna féideartha le haghaidh sluascaoileadh.
Ar dtús, is truicear diúltach a chúisíonn na gníomhaíochtaí seo go rialta, le críoch ghaoil agus cailliúint poist mar an dá cheann is comónta, dar leis an scríbhneoir agus foinsí a taighde. Is leithlisiú sóisialta go háirithe a spreagann freagracht na dtíoránach agus iad ag mothú nach bhfuil siad ina mball den chine daonna agus nach bhfuil luach ar a saolta. Toisc an leithlisiú seo, dar le halt Grossman, ní bhíonn atrua ag an ionsaitheoir agus níl tuiscint acu ar fhulaingt a n-íospartaigh. Is as seo a thagann an cur síos comónta ó chlanna agus comhlaigh an ionsaitheora i ndiaidh an ionsaithe, go raibh siad ina (h)aonaránach nó ina d(h)íbeartach sóisialta.
Leis an eolas curtha ar fáil ag Grossman, tugann sí comharthaí rabhaidh bainteach le tuar na n-ionsaithe, táscairí gur féidir fearadh amach dóibh agus a thugadh deis sluascaoileadh a sheachaint. Deir sí má thugann tú faoi deara go bhfuil pleanáil ar bhonn ag duine i dtaca le hionsaí, má tá duine tógtha go huile is go hiomlán le duine eile nó bunúdar áirithe agus iad feargach, go bhfuil siad ina n-iarshaighdiúirí le droch-mheabhar sláinte, go bhfuil gníomhaíocht cosúil le seo déanta acu cheana nó mura mothaíonn an duine go bhfuil réiteach ach amháin le húsáid fhoréigin, is gá bheith in amhras fúthu.
Cé go bhfuil an t-eolas ann amuigh ansin cuidiú linn amhrasaigh a aimsiú, ní féidir amhras measctha a bheith ar bhun ag duine toisc an domhain ina bhfuil cónaí orainn inniu. Leis an próifíliú ní féidir gach aon a shásamh. Leo siúd a cheistíonn cé chomh eiticiúil agus atá an próifíliú, leis an té a phróifíltear agus an lucht a dhéanann an próifíliú tá sé deacar gan cur as do ghrúpa ar leith toisc nádúr an phróifílithe. Le seo, ceistím cé chomh eiticiúil agus atá sé slumharfóirí féideartha a bhraith agus ceistím cé chomh cruinn agus gur féidir a bheith agus iad ag déanamh iarrachta sícé na ndaoine seo a thuiscint.