Deireadh Seachtaine na bliana a bhí againn ag tús mhí Mheáin Fómhair ar an tSráidbhaile i gContae Laoise. Ón dara lá go dtí’n ceathrú lá bhí taispeántais cheoil, ealaíona, agus damhsa le feiceáil sa cheantar iargúlta. Thosaigh gach lá mar an gcéanna, fós ar meisce ón oíche roimhe, le cloigeann pianmhar agus gealra ar fud do chorp. Chaithfí an lá ag baint taitnimh as na háiseanna a bhí ar fáil, agus na seastáin bia a bhí scaipthe timpeall na féile, le canna beorach sa lámh agat i gcónaí. Dá mbeadh an t-ádh ort agus an fuinneamh agat, leanadh an cóisir ar aghaidh ar feadh na hoíche, agus bhuailfí le daoine nua éagsúla, ag damhsa gan stad. Bhí thart ar 60,000 daoine ann ag iarraidh a gcuid bannaí nó amhránaí a fheiceáil agus chun taitneamh a bhaint as an gceol, i measc na ndéantús ealaíona a bhí á taispeáint timpeall na féile ar fad.
Do mo rud é go raibh tú ann nó nach raibh, ní féidir éalú ó aimsir na hÉireann agus an t-intuarthacht a thagann leis. Má bhí an t-ádh agat, ní raibh d’ionad campála go hiomlán scriosta le cainéil uisce reatha ag dul tríd, ach mar chuid de thaithí”Electric Picnic” a bhí sé. B’fhiú an dhá chéad euro a chaitheamh ar thicéid chun blas a fháil den atmaisféar agus na ceoltóirí is fearr leat a fheiceáil sa chraiceann amuigh faoin aer.
Bheifeá ábalta the 1975, New Order, Noel Gallagher, Wolf Alice, Lana Del Ray a fheiceáil i measc cláir na ceolchoirme agus grúpa dár dtír féin leo; Walking on Cars. Bhí an fhéile féin go hálainn, deartha le healaín agus codanna iomlána difriúla, cosúil leis an roinn Body & Soul, “The Electric Arena agus Trenchtown”. B’áit í ‘Body and Soul’ a bhí tú in ann bannaí níos anaithnide a lorg inti, agus áit a raibh timpeallacht ailtéarnach ar fáil. Bhí stáitsí ann, crainn beannaithe , agus tobáin cuilithe. Istigh in “Trenchtown”, bhí téama an reigé ar fáil. Bhí ceachtanna drumaí eitneach le déanamh, agus, arís, ceol beo le feiceáil. Chomh maith leo, bhí carnabhal i lár na féile le cluichí sorcais, roth Ferris agus carranna tuairteora ann.
An ghné is suimiúla den ócáid, domsa, ná stíleanna gléastachta na ndaoine a bhí ann agus iad ag cur a bpearsantachtaí i leith trína n-éadaí. Bhí gach duine gléasta le faisean na féile, le gealra ar fud a gcorp, éadaí le patrúin neamh-ghnátha, smideadh agus péint ar a n-aghaidh. Bhí sluaite daoine aisteacha agus indibhidiúla, a bhí sásta a bheith i lár atmaisféir ghrámhair na háite – tréimhse a bhfanadh ina gcuimhneacháin go deo.
Nuair a d’éirigh sé níos dorcha, thosaíodh slua mór ag siúl i dtreo na coille le haghaidh Rave in the Woods. Ceol teicneó a bhíodh á seinm acu, ceol a raibh tú in ann é a chloisteáil timpeall an ionaid campála i rith na hoíche. Mura raibh sé sin mealltach duit, áfach, bhí tú in ann dul go leor an fhéile agus do scíth a ligean in áit níos suaimhní cosúil le roinn “Body and Soul” nó i do phobal féin. Pé rud a rinne tú, níl leithscéal agat a rá nár bhaint tú an-sult as do dheireadh seachtaine ag tús na míosa, é caite agat le cairde, ag ól agus ag cruthú cuimhneachán a bheidh agat go deo. Tar éis bliana amháin á chaitheamh ann, is féidir liom a rá go raibh am den scoth agam agus táim cinnte go bhfeicfidh tú m’aghaidh clúdaithe le gealra agus mise ag rince ar an tSráidbhaile sna blianta atá le teacht.
Gráinne Sharkey
Creidmheas: entertainment.ie
Leave a Reply