Boladh na Bliana Nua Úr San Aer

“Tús maith leath na hoibre”. Táim cinnte go mbeidh mé ag athrá an tseanfhocail sin arís ‘s arís ó sheachtain go seachtain agus mise ag déanamh iarrachta mo chorpán a tharraingt ón leaba do léacht ag a naoi a chlog, an Jaeger-buama amháin sin sa bhreis ag brú i dtreo urláir an leithris mé. Cinnte go mbeidh sprioc na ‘seachtaine ór’ i bhfad níos faide uaim i gceann míosa nuair a théann oíche Chéadaoin in Dicey’s i bhfeidhm orm.

Tá an coláiste agus gach rud a thagann leis fillte. Tá atmaisféar so-aitheanta Mheáin Fhómhair le braith san aer. Teas an tSamhraidh fós le mothú, ach gaoth an Gheimhridh ag síobadh isteach cosúil leis an taoide íseal ag dreapadh ar an trá chiúin. Tús nua é do gach duine sa choláiste, do lucht an chéad bhliain dar ndóigh agus dóibh siúd ag filleadh óna dtréimhse ar Erasmus agus a leithéid. Táim féin ag cur tús leis an dara bhliain ach mothaím go bhfuilim ag tosú arís toisc mo chúrsa ag bogadh campais i mbliana. Beidh an Roinn Ghaeilge suite ar champas All Hallows, agus beidh ár léachtaí idir an coláiste sin agus Coláiste Naomh Pádraig atá suite timpeall trí chéad méadar uaidh.

Bhí díomá an domhain orm nuair a chuala mé an nuacht seo ag deireadh na bliana seo caite toisc gur thaitin campas Ghlas Naíon go mór liom. Táim cinnte go mbeidh mé ar ais ar an gcampas i rith na bliana chun na háiseanna a úsáid, an t-ionad spóirt a thóir aclaíochta agus an leabharlann chun cur le m’intleacht, ach cuireann sé seo deacrachtaí chun tosaigh ó thaobh taistil de do dhaltaí agus léachtoirí a theastaíonn uathu gluaiseacht ó champas go campas in am do léachtaí.

Deirtear gur cheannaigh DCU an campas i nDroim Conrach chun breis lóistín a chur ar fáil do dhaltaí, ach cé go gcloisimid faoin ngéarchéim loistíne ag tús achan bhliain acadúil, beartaíodh muintir na Gaeilge an choláiste a sheoladh amach ansin. Ní fheicim an buntáiste de dhaltaí a chur ag bogadh ó champas a bhfuil aithne acu air, a bhfuil siad sásta leis agus a bhfuil níos faide ón lóistín a bhfuil acu cheana féin, áfach.

Cuireann an cinneadh seo leis an éadóchas atá cheana féin bainteach le maidin an Luain, ag cur 20 nóiméad sa bhreis leis an turas. Táim féin ag fanacht in Gateway Student Village a bhfuil suite i mBaile Munna. Táim chun rothar a thabhairt suas liom as Port Laoise agus beidh sé mar mo chéad taithí de rothaíocht sa chathair. Táim níos buartha faoi sin ná aon rud bainteach le mo chúrsa ag an bpointe seo, gan taithí agam ar bhóithre móra garbha Bhaile Átha Cliath ar dhiallait go dtí seo.

Tá éad orm ar gach duine in Shanowen agus ar an gcampas a bhfuil ábalta titim amach as an leaba agus siúl isteach chuig léacht. Níl a fhios agam conas atá daoine ábalta taisteal gach lá, ach tá blas faighte agam ar shaol an chomaitéara. Níl sé idéalach dúinn ach an oiread, táillí á n-íoc againn agus airgead a gcaitheamh ar an gcíos dár n-árasáin agus an dualgas sa bhreis íoc as an mbus, cé go raibh bus geallta dúinn mar chuid den chomhaontú.

An bogadh ar leataobh, táim ar bís a bheith ar ais don bhliain. Táim ag tnúth go mór bualadh le mo chairde go léir arís, cuid acu nach bhfaca mé ó mhí an Mheithimh seo chaite. Beidh sé deas cúpla oíche amuigh sa chathair a bheith againn, go háirithe i ndiaidh an tsamhraidh a chaitheamh i gcontae Laoise, áit dheas nach dtarlaíonn tada. Beidh sé suimiúil le feiceáil cé go díreach a bhfuil fágtha sa cúrsa mar go bhfuil roinnt daoine tar éis titim amach den chúrsa nó gan ráth a bheith orthusna scrúdaithe samhraidh. Dos na scrúdaithe atá le teacht déanfaidh mé m’iarracht is fearr méid mór cainte a dhéanamh agus uaireanta bíonn an chaint is fearr ar na hóicheanta amach nó i dtithí tábhairne éagsúla leis na meisceoirí.

Ní bheidh sé fada anois go bhfuil na foirne go léir ar ais ag traenáil agus beidh sé suimiúil le feiceáil cé atá réidh sraith cluichí nua a chaitheamh i ndúghorm. Chomh maith leis an spórt, táim cinnte go mbeidh mé ag déanamh roinnt gníomhaíochtaí nach bhfuil ar m’intinn faoi láthair. Is ait an ní é dom a bheith ag scríobh ar son nuachtáin (b’fhéidir go bhfuil sé sin soiléir). Déanaim staidéar ar an nGaeilge agus an gnó, ach bheartaigh mé triail a bhaint as nuair a chuir mo chara Cal ceist orm alt a scríobh. Sin í áilleacht an choláiste, tá deiseanna timpeall gach cúinne, agus molaim do gach duine triail a bhaint as rud amháin nua ar a laghad i rith na bliana. Cá bhfios? B’fhéidir go dtiocfaidh tú ar phaisean nua.

Cormac Sheehy

Íomhá – Antonio Morales García

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.