Mo Thaithí le hAireachas

Teánn Aoife ní Mhistéil i ngleic leis an faisean is deanaí i sláinte mheabhair.

Ag maireachtáil san am i láthair, ag diriú ar ár tuiscint is ár n-aird – sin atá i gceist le haireachas, nó ‘mindfulness.’ Níl aon dabht go bhfuil an cleachtadh áirithe seo go mór san fhaisean faoi láthair, le níos mó daoine ag tabhairt faoin aireachas gach lá chun deacrachtaí na linne a shárú – ach cén fáth?

Chuala mé faoin treocht seo don chéad uair agus mé ag tabhairt cuairt ar mo dhochtúir teaghlaigh. Táim ag streachailt leis an dúlgar agus imní ginearálta ó go raibh mé sa mhéanscoil. Cé go bhfuil mé, ar ndóigh, ag togáil cógas gach lá, tá suim agam fós sna bealaí eagsúla atá ann chun smacht a choinneáil ar mo mheabhairghalar. Mhol an dochtúir dom leas a bhaint as an t-aireachas.

Mar bharr ar an ádh, bhí an Seirbhís Comhairleoireachta agus Forbairt Phearsanta i ÓCBÁC ag cur ranganna bunaithe ar aireachas ar fáil saor in áisce le haghaidh mic léinn – is minic a chuireann an seirbhís ranganna éagsúla ar siúl i rith na bliana, ach bhí seo an chéad uair domsa a raibh fonn orm dul. Tharraing mé mo chara isteach chun dul liom, ag d’fhreastail muid ar an gcéad seisiún.

Níl aon dabht go raibh cineál faitíos orm, ag dul ann don chéad uair. Ní raibh a fhios agam cad a bhí romham in aon chor. Ar an gcéad dul síos, bhí ionadh orm faoin méid a bhí ann don rang – bhí beagnach gach cathaoir sa hall tógtha. Ach nuair a thosaigh an seisiún, faoi stiúir Helena Ahern, a bhfuil mar ceannasaí an seirbhís, bhí mé ar mo suaimhneas gan mhoill.

I rith an uair an chloig sin, d’fhoghlaim mé go leor rudaí – bhí orm teicnící machnaimh a chur in úsáid is m’aird a dhiriú ar mo smaointí is mo láithreacht. Ar dtús bhí sé deacair mo chuid buartha a chur as m’aigne agus m’aird a choinneáil an t-am ar fad – ach chuir Helena in iúl dom go raibh sin breá normálta ag an dtús. Faoi dheireadh, mhothaigh mé difriúil – sochair, ciúin agus dírithe. Bhí sé ag obair!

‘Ag traneáil ár gcuid aird atá i gceist leis an t-aireachas.’ a mhínigh Helena dom, nuair a bheartaigh mé níos mó eolas a fháil uaithi. ‘Cá chuireann muid ár n-aird ó nóiméad go nóiméad…is traenáil é freisin ar ár gcuid tuiscint. Mhúineann muid muid féin chun a bheith láthair.’

Dúirt mé leí go raibh sé tabhartha faoi deara agam go bhfuil an tóir ar ann don traenáil seo le deanaí. Mhínigh sí dom go bhfuil sé i ndairíre mar chleachtadh a bhfuil thar a bheith sean – ag teacht ó traidisiún ársa ón Áise, ach go bhfuil sé anois ag eirí i bhfad níos eolaíche.

‘Ceapaim go bhfuil an chuid is mó den fáth a bhfuil sé ag teacht chun chinn ná na torthaí taighde, an taighde eolaíoch atá déanta ar an aireachas – tá torthaí maithe ag teacht astu.’

Dar le Helena, ní mór le gach mic léinn triáil a bhaint as na seirbhísí, ar nós na ranganna a d’fhreastail mé ar.

‘Mar pháirt den oideachas, dar liom, ba chóir go mbeadh seans ag gach duine foghlaim faoi conas a oibríonn muid go síceolaíoch. Tá an méid sin tuillte ag ár mac léinn. Níl aon gá an eolas ar fad seo a choiméad mar rún. Tá an méid sin soiléir domsa.’

Bhí mo suim spreagtha agus thosaigh mé ansin ag lorg slite eile chun na scíleanna a d’fhoghlaim mé ó Helena sa rang a choiméad agus a fhorbairt sa bhaile.

Tháinig mé ar aip darbh ainm ‘Headspace’ a rinne díreach an méid sin dom. Dar leis an mbunaitheoir, Andy Putticombe, ballraíocht giom le haghaidh an aigne atá ann. Tá Headspace in úsáid ag dhá mhilliún ar fud an domhain, ag tabhairt fios dom arís go bhfuil aireachas ag dul ó neart go neart.

Tá triail den aip le fáil saor in aisce ar feadh deich lá. Is feidir é a úsáid chun machnamh treoraithe a dhéanamh, ar feadh deich nóiméid. I go leor bealaí, bhí sé cosúil leis an rang a bhí ar siúl ag Helena, ach anois bhí mé abálta é a dhéanamh gach lá, ag am a raibh fóirsteanach dom. In éineacht leis an machnamh, bhí eolas is léaráidí faoi conas mar a oibríonn an aighne.

D’úsáid mé an aip ar mo fhón ar feadh na deich lá, ag déanamh iarracht é a úsáid céad rud ar maidin. Bhí sé breá simplí chun úsáid, agus thaitin an próiseas ar fad liom. Thug mé faoi deara go raibh sé i bhfad níos éasca ansin dul i mbun oibre ar feadh an lae, tar eís na deich nóiméid sin. Fiú nuair a d’éirigh rudaí strusmhar dom, bhí mé ábálta na teicnící le fáil ón aip, agus dóibh siúd a d’fhoghlaim mé sna ranganna, a chur in úsáid.

Táim thar a bheith sásta go ndearna mé an cinneadh blás a fháil den t-aireachas. Thosaigh sé amach dom mar turgnamh de saghas éigean, rud beag a luaigh dochtúir liom – agus mar go raibh mé ag iarraidh fáil amach cén fath a raibh an méid sin daoine ag fústrail faoi. Ar dheireadh, thuig mé an fústar sin go huile is go hiomlán – faoin cleachtas é féin agus conas é a chur i bhfeidhm i mo shaol ó lá go lá. Ar ndóigh, táim fós ag dul i ngleic leis mo sláinte mheabhrach, ach ceapaim anois go bhfuil i bhfad níos mó uirlisí agam anois chun é seo a dhéanamh.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.