Mo Thaithí Ar TG4

Caoimhe Ní Chathail
Dá gcuirfeá ceist orm agus mé ocht mbliana d’aois cén post a bhí uaim amach anseo ‘láithreoir teilifíse agus raidió’ an freagra a bheadh agam duit. Dá gcuirfeá an cheist sin orm inniu agus mé aon bhliain is fiche d’aois, bheadh an freagra iomlán céann agam duit.
An samhradh seo, d’éirigh liom an bhrionglóid sin a fhíorú leis an phost a bhí agam mar láithreoir ar an seó teilifíse do phaistí WAC (World Animal Championships) ar TG4.
Déanaim féin staidéar ar Ghaeilge agus Iriseoireacht anseo in DCU agus déanann mo chara Éadaoin staidéar ar Chumarsáid. Bhuail muid le chéile ar an ollscoil agus an bheirt againn an-ghníomhach i gcumann MPS, an Cumann Drámaíochta agus an Cumann Gaelach.
I dtreo deireadh na céad bliana, rinne muid an cinneadh tús a chur le cainéal YouTube trí mheán na Gaeilge darb ainm Tusa Tube. Bhí an-suim againn beirt in láithreacht teilifíse agus chonaic muid cainéal YouTube mar dheis cleachtadh a fháil agus scileanna a fhorbairt. Bhí borradh tagtha faoi YouTube ag an am agus cuid mhór ratha á bhaint amach ag vlagálaithe ach níor shamhlaigh muid a leithéid dúinne chomh gasta sin.
An chéad fhíseán a bhí againn ná vlag den lá ar chaith muid ag freastal ar léirsiú An Lá Dearg i mBéal Feirste in Aibreán 2014. Ghnóthaigh an físeán neart cainte agus pobal na Gaeilge ag baint sult as radharc den lá a fháil ón bheirt againn.
Lean muid ar aghaidh ag cur físeáin ar an chainéal. Ba ghnáth-fhíseáin agus dúshláin ba mhó a bhí á thaifead againn agus muid ag iarraidh an meon a chur chun cinn gur fusa an rud é físeáin a mbeadh á thaifead ag na vlagálaithe móra a dhéanamh ach iad a bheith trí mheán na Gaeilge. Cheap muid gur bealach nua-aimseartha é an Ghaeilge a chur chun cinn.
Mar a tharla sé, is tar éis ár gcéad fhíseán den Lá Dearg a tháinig an chuideachta léiriúcháin Macalla orainn. I mí Mheithimh na bliana 2014 chuir siad glaoch orainn ag cur ceist an mbeadh suim againn dá gcuirfeadh siad síos muid mar roghanna do láithreoirí seó úr ar TG4. Ar ndóigh, d’aontaigh muid láithreach!
Bliain tar éis an chéad ghlaoch sin, thosaigh muid ar thaifead an seó do Cúla4. Is seó é WAC bunaithe ar ainmhithe agus in achan clár bíonn muid sa tóir ar ainmhí ar leith, b’fhéidir ‘An tAinmhí Is Greannmhara’ nó ‘An tAinmhí Is Tapúla’. In achan clár bíonn na hainmhithe scrúdaithe againn agus ag an Ollamh Tomaí Tóinchliste, cruthaíonn muid géarliosta agus cuireann muid trialacha le chéile chun cumas achan ceann a thástáil.
Mar a bheadh intuigthe le teilifís do pháistí tá an seó go huile is go hiomlán craiceáilte agus muid ag spochadh as a chéile, ag ligean orainn gur ainmhithe de gach saghas muid agus ag iarraidh an lucht féachána a chur ag gáire.
Bhí taithí den chéad scoth agam agus mé ag obair ar an seó. Bhí sé go cinnte mar an post samhraidh is fear riamh agus mé ag dul chun na hoibre gach lá ag súil le cláir a thaifead, spraoi a bheith agam leis an fhoireann iontach agus a bheith i mo láithreoir teilifíse faoi deireadh!
Ní jab iomlán éasca é áfach. Bhí orainn muscailt ag a 6:30 achan maidin agus bus a fháil chuig an Staidiam Náisiúnta, áit a bhí muid ag déanamh taifid mar gur cró dornalaíochta é seit an seó. Bheadh muid ag obair go dtí thart faoi an 6 achan oíche ansin agus trí chlár le taifead in aghaidh an lae againn.
Bhí 52 clár sa sraith iomlán agus nuair a smaoiním siar anois, is deacair an rud é cuimhniú ar achan rud a rinne muid ann! Beidh an seó ar siúl ar feadh 6 mhí, achan Máirt agus Déardaoin ag 5:20. Tá 15 clár amuigh go dtí seo agus is féidir féachaint siar orthu ar sheinnteoir TG4.
Mar chéad seó agus chéad bhlas den saol mar láithreoir teilifíse, bhí WAC go hiontach. Bhí mé in éineacht le ceann de mo chairde is fearr, bhí foireann spreagtha againn agus bhí mé ag déanamh jab go bhfuil mo chroí istigh ann i dteanga na Gaeilge, lena bhfuil mé an-phaiseanta go deo. Deacair creidbheáil gur eascair sé uilig ó chainéal beag YouTube.
Mar gheall ar an taithí le TG4, aithníonn daoine muid, bíonn deiseanna raidió agus teilifíse eile tugtha dúinn agus bíonn scoileanna ag cur Tusa Tube chun cinn mar uirlis fhoghlamtha na Gaeilge. Le cuidiú Dé, leanfaidh sé leis go deo agus beidh muid le feiceáil sna meáin Gaeilge ar feadh a bhfad.
Amach anseo, ba bhreá liom tuilleadh teilifíse do dhaoine óga a dhéanamh. Baineann an-chuid spraoi leis agus cinnte neart aisteoireachta nuair a bhíonn ort a bheith chomh beo bríomhar sin i gcónaí os comhair an ceamara! Tá mé ag súil le taithí a fháil i réimsí eile fosta agus m’eispéireas a leathnú go saghsanna éagsúla seónna.
Tá seans ann go bhfuil muid ag ullmhú seó eile do TG4 cheana féin ach beidh le feiceáil!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.