Is iomaí tréith a bhaineann leis an Ghaeilge. Is iomaí focal a bhaineann léi; ‘bród’, ‘grá’, ‘freagracht’ – d’fhéadfainn a bheith anseo á scríobh síos ar feadh an lae. ‘Ár dTeanga, Ár dTodhchaí, Ár nDualgais’ a bhí mar theideal ar sheimineár de chuid Chonradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna i mbliana, áit a bpléitear cuid de na tréithe seo.
Bhí ceathrar aoi le bheith i láthair ar an mhaidin Satharn sin in Ostán an Gleneagle; Laura Harmon, Ciarán Ó Feinneadha, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Bláthnaid Ní Chofaigh. Ar an drochuair, ní raibh Laura Harmon, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn in ann freastal ar deireadh ach tháinig Leas Uachtarán Gaeilge, Feidhlim Seoighe ina háit.
Labhair Feidhlim ar dtús, ag plé cumhacht na mac léinn in Éirinn i dtaobh na Gaeilge. Rinne sé cur síos ar na hiarrachtaí móra a rinneadh le cúpla mí anuas chun fearg pobal na Gaeilge a léiriú. Dar leis, réabhlóid atá ar siúl, curtha in iúl go soiléir ag a leithéid de Lá Mór na Gaeilge.
Labhair sé fosta maidir leis an easpa sástachta amuigh ansin leis an chóras oideachais agus an bhagairt don Ghaeilge éigeandála. Is cinnte gur fiú a thuairim go mór, gur chóir múineadh beo a bheith ann i dtaobh na Gaeilge, ag múineadh mar theanga sóisialta í. Coinneoidh an beocht seo slán na Gaeilge.
Ciarán Ó Feinneadha, Gníomhaí Teanga a labhair ansin agus bhunaigh sé a thaispeántas ar 40 bealaí gur féidir an Ghaeilge a úsáid, chuile lá dár saol. Chuir sé comhairle mhaith ar an slua, ag impí orthu úsáid na Gaeilge a bheith mar chroílár dá mbeatha. D’fhéadfadh achan mhac máthar éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life agus a bheith ag féachaint ar TG4. Ar ndóigh, is bealaí intuigthe iad seo ligint don Ghaeilge dul i bhfeidhm inár saol. Comhairle eile ná a leithéid de Facebook, Google agus Microsoft a úsáid trí mheán na Gaeilge. Ní chreidfeá an oiread focal a mbeidh ar eolas agat tar éis duit uair nó dhó a chaitheamh ag ‘logáil isteach’ ar Facebook i nGaeilge.
Chuir Ciarán síos ar thodhchaí na Gaeilge mar chath agus chuir an fhreagracht ar phobal na Gaeilge é a choinneáil beo. Titeann cuid mhór den fhreagracht sin ar theaghlaigh agus iad ag tógail clainne. B’fhéidir gur an rud is antoiscí dúinn mar mhic léinn a bheith ag smaoineamh ar chlann a bheith againn ach is fíor an rud é gur chóir machnamh a dhéanamh ar an chinneadh ár bpáistí agus fiú ár bpeataí a thógáil le Gaeilge amach anseo!
Is ó Bhéal Feirste do Chiarán Mac Giolla Bhéin agus an-taithí aige mar Bhainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta ó Thuaidh le Conradh na Gaeilge. Chuir sé síos ar an tionchar ollmhór a bhí ag Oireachtas na Samhna air ina óige. Do leaid óg ó Bhéal Feirste, thuigfeá gur seo an chéad deis taithí a fháil ar an Ghaeilge lasmuigh den scoil do.
D’fhreastal sé féin ar Choláiste Feirste, atá go fóill mar an t-aon mheánscoil Ghaeilge sa Tuaisceart. Rinne sé cur síos iontach suimiúl ar na híobairtí a rinneadh sna laethannta sin ar son na Gaeilge agus ar son na scoile. Gan aon chuidiú nó aon mhaoiniú, bhí muintir Bhéil Feirste an-ghníomhach sa phobal. ‘Ná habair é, déan é’ a bhí mar mhana acu agus iad ag cinntiú stádas cumhachtach na Gaeilge sa chathair.
Leis na blianta atá imithe thart agus síniú a leithéid de Aontú Aoine an Chéasta, thosaigh tuilleadh daoine ag tuigbheáil ceist na Gaeilge. Tá mórán oibre de dhith chun a caomhnú a cinntiú ach cinnte gur ar an bhealach ceart atá pobal Gaeilge na cathrach.
Bheadh aithne mhaith ag cuid mhór daoine ar Bhláthnaid Ní Chofaigh mar Láithreoir Teilifíse agus mar Phearsa Phoiblí. Tógadh í le Gaeilge i Ráth Cairn agus bhí sé i gcónaí mar aidhm aici a clann féin a thógáil le Gaeilge. Is iomaí constaice a tháinig aniar aduaidh ar an aidhm seo.
Labhair Bláthnaid go mór maidir leis an ríthábhacht cur le saibhreas agus samhlaíocht múineadh na Gaeilge ar an scoil chun cinntiú go mbeidh páistí mór léi agus sásta í a labhairt taobh amuigh den chóras oideachais. Cheistigh sí siceolaíocht na Gaeilge fosta agus ár ndúil í a labhairt agus í a fheiceáil mar ‘Ár dTeanga, Ár dTodhchaí, Ár nDualgais’.
Cinnte go ndearna na cainteoirí ar fad an-iarracht an Ghaeilge a chur in iúl mar theanga s’againne. ‘Ár dTeanga’ is í go cinnte ach caithfidh muid seilbh a choinneáil uirthi. Trína húsáid chuile lá, í a dhaingniú mar thréith dár saol laethúil, cinnteoidh muid an stádas sin. Ní bheidh aon todhchaí ann di mura dhéanann muid an cinneadh seasamh léi agus í a chaomhnú.
Tá ‘Ár dTodhchaí’ ag brath go hiomlán ar an oiread troide a dhéanann muid di. Cuirtear bród s’againn di in iúl le léiriú ár bhfearg lena droch-sheasamh agus ár n-impí ar an rialtas meas a thabhairt di. ‘Ár nDualgais’ atá ann an cath seo a throid agus teanga dúchais na tíre seo a shábháil. Má éisteann muid agus má leanann muid dea-shamplaí ar nós an ceathrar aoi a d’fhreastal ar sheimineár Chonradh na Gaeilge, beidh sí againn ar feadh na blianta fada romhainn!
Caoimhe Ní Chathail
Leave a Reply