D’fhógraíodh ar an Luan go bhfuil seachtar as gach ochtar d’oibreoirí ESB ag taca le stráitéis stailce an chomhlachta. Dar le grúpa aontais an fhorais go bhfuil easnamh de €1.7 billiún tar éis teacht ar chiste scoir na bhfoirne. De réir dealraimh, níl an comhlacht tar éis an sprioceasnamh seo a aithint agus is cosúil nach bhfuil aon dul as stailc oibrithe a chur i mbun le aird an údaráis a tharraingt ar an bhfadhb agus brú a chur orthu an fhadhb a réiteach.
Tuigeann an ESB, a bhfuil maoinithe ag an Rialtas, tromchúise na stailce agus go háirithe agus muid ag druidim i dtreo na Nollag. Anneoin sin, is léir nach bhfuil siad tar éis aon leigheas a chur ar an suíomh go fóill, dar le hurlabhraí an chomhlachta.
Tá an ESB anois sa suíomh céanna le go leor institiúidí eile in Éirinn, Xtra- Vision, na dochtúirí sóisearacha agus an Roinn Oideachais in a measc. Seans gur thosaigh fadhbanna airgeadais agus an lear mór daoine ag dul ar imirce ó Éire, chomh luath is a d’éalaigh an Tíogar Ceiltigh. Anois i 2013, táimid ag ceiliúradh an comóradh céad bhliana den stailc is mó le briseadh amach in Éirinn riamh, a chur stad iomlán ar an tír agus a chur bunúis thionsclaíoch na tíre ag crith le céad anuas, an Frithdhúnadh Mór 1913.
Céad bhliain ó shin d’éirigh le Jim Larkin agus a chuid leantóirí, stailc a eagrú a mhair níos mó ná cúig mhí agus a mhúnlaigh stair na tionsclaíochta in Éirinn ó shin i leith. Sheas Larkin i gcoinne dúshaothrú na hoibreoirí anseo in Éirinn. I dteannta sin, chuir sé mí chothromas an saoil oibre in Éirinn sa spotsolas domhanda agus rinne sé laigeacht ar ghreim na bhfostóirí ar a n-oibreoirí go deo.
Bhí air Larkin go leor íobartha a dhéanamh leis a fhís a bhí aige a chur i gcrích. Chaith sé cúig mhí ar stailc, gan tuarastáil agus gan chinnteacht ar bith go mbeidh sé in ann a gcuid aidhmeanna a bhaint amach. Ar bharr sin, chaith sé lá Nollag sa bhfuacht ag ágóidíocht in ionad é a chaitheamh sa bhaile, lena gclann.
Tá an ESB anois ag bagairt stailc dá leithéid a athchruthú an Nollag beag seo. Ní bheidh íobartha na stailce á dhéanamh ag hagóideoirí an cháis amháin, áfach, ach ag an tír san iomlán is cosúil. Stailc thubaisteach a mbeadh ann mura dtagann réiteach ar an scéal. Stailc í seo a múchfaidh soilsí na Nollag, a fhágfaidh an turcaí go bog bán dearg agus a chuirfidh cosc ar ár muintir atá thar lear filleadh abhaile do laethanta saoire na Nollaig. Má chuirtear stop leis an ESB i mbliana, chuirfear stop leis an Nollag, an giota beag gile i measc na gruaime…An praghas ró-ard é sin le híoc?
Ellen Ní Churtáin
Leave a Reply