Sa lá atá inniu ann, nuair a thagann an chéad lá de mhí Deireadh Fómhair timpeall, buaileann spiorad na féile an pobal uilig agus iad ag súil go mór le hOíche Shamhna. Smaoiníonn gach duine faoina puimcíní, taibhse, scéalta uafáis agus feisteas uilig a bheidh timpeall na háite don mhí. Ach is léir ní thuigeann gach duine gurb í Éireann í féin an ceantar inar cumadh na scéalta Oíche Shamhna níos mó ná 2000 bliain ó shin.
Thagann Oíche Shamhna ón fhéile Cheilteach Samhain; ceann do na ceithre fhéile iontacha a cheiliúradh na Ceiltigh in éineacht le hImbolc, Bealtaine agus Lúnasa.
Thit Samhain ar an 31ú lá de mhí Deireadh Fómhair agus lean sé ar aghaidh go dtí an chéad lá de mhí na Samhna. Chreid na Ceiltigh go dtabharfaidh anamacha na gaolta mairbh cuairt ar a dtithe ar an oíche seo. Ach ar an drochuair, chreid siad go raibh saoirse ag na spiorad dána cleas diabhalta a imirt freisin. Mar gheall ar seo, las siad tine chnámh agus chaith siad feisteas faoi leith chun iad féin agus a ghaolta a chosaint.
Is féidir an t-aistriúchán ó Shamhain go dtí Oíche Shamhna a nasc díreach ar ais go dtí an 19ú haois nuair a chuaigh daoine Éireannach ar imirce go Meiriceá. Ghlac na Meiriceánach leis na traidisiún agus ceiliúradh uilig, ach d’athraigh siad beagán le himeacht na mblianta isteach in Oíche Shamhna mar atá anois.
Tá nósanna dúchasach na Ceiltigh fós le feiceáil ar Oíche Shamhna, dar ndóigh. Ar oíche an 31ú, chaillfeá thú féin ag iarraidh duine gan culaith a aimsiú; is ceann de na rudaí is speisialta faoi Oíche Shamhna é. Is nós iad na feisteas álainn agus aisteach uilig a dtagann díreach óna Ceiltigh. Chaith siad aghaidh fidil agus culaith déanta as craiceann ainmhí chun fórsaí na hoilc a dhíbir; chreid siad mura raibh na spioraid ábalta iad a aithint go mbeidh siad slán sábháilte.
Nós eile a dtagann óna Ceiltigh ná Jack-O’-Lanterns. Bíonn aghaidheanna aisteach snoite isteach i bpuimcíní agus lastar iad ón taobh istigh le coinneal. Tagann an traidisiún seo óna Ceiltigh agus iad ag déanamh a snoíodóireacht féin, ach ar tornapa in ionad puimcín. Arís, chreid siad go gcuirfeadh na tornapaí cúl ar fórsaí na hoilc. Nuair a shroich imirceach Éireannach Meiriceá; tháinig siad ar puimcíní agus meas siad go raibh siad níos éasca le snoigh ná na tornapaí.
Tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil traidisiún na Ceiltigh beo i gcuimhne na ndaoine fós. Mar sin, leis an tseachtain seo chaite, nuair a chonaiceamar puimcíní ag líonadh na sráideanna, agus feisteas ar na páistí uilig, is féidir linn anois smaoineamh go ceanúil faoinár sinsir leis an eolas seo.