Cén fáth go bhfuil Baile Átha Cliath chomh dian ar dhaoine óga atá ina gcónaí ann?

Sofia Roque

Credits: Public Domain Pictures

De réir suirbhé ó ‘Agriland’, tá 7 as 10 duine idir 18 agus 24 blian d’aois ag iarraidh imeacht ar imirce ó Éirinn. Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil sé an-deacair ar dhaoine óga maireachtáil sa tír, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Ach cén fáth?

Cíos Daor, Tuarastail Easnamhach

Tá na praghsanna cíosa is airde san AE ag Éirinn, ach níor choinnigh tuarastail suas leo. Is léir anois go bhfuil sé beagnach dodhéanta do mhórán daoine caighdeán maireachtála réasúnta a bheith acu. Tá daoine óga á bpraghsáil amach as na cathracha, agus tá úinéireacht tí ag mothú mar bhrionglóid i bhfad i gcéin. Fiúi ad siúd a bhfuil poist chobhsaí acu, caithfidh siad cuid mhór dá n-ioncam ar chíos. Rud a fhágann beagán spáis le haghaidh coigilteas nó stíl mhaireachtála compordach. Le linn an ama seo, leanann tiarnaí talún agus forbróirí ag ardú na bpraghsanna. Gnáth a taispeánann Baile Átha Cliath mar cheann de na cathracha is costasaí le cónaí ann, cé nach léiríonn tuarastail an réaltacht sin.

Droch Córas Iompar Poiblí

Is é Baile Átha Cliath an t-aon phríomhchathair mhór Eorpach gan córas Metro. Is mór an frustrachas é a bheith ag brath ar bhusanna a bhíonn de ghnáth moill, daenach, nó plódaithe. Tá sé in am anois do chóras taistil gur féidir linn brath air. Tá an chomaitéireacht laethúil neamhiontaofa, le busanna ag imeacht go randamach óna sceidil, tramanna Luas lán go doras, agus brú tráchta ag déanamh gach rud níos measa. Ní hamháin go n-éascódh infheistíocht i gcóras iompair phoiblí nua-aimseartha an chomaitéireach níos éasca, ach cabhróidh sé freisin leis an spleáchas ar charranna agus astuithe a laghdú.

Dul Chun Cinn Mall

Tógann mórthionscadail bhonneagair go deo sa tír seo. Tá an tOspidéal Náisiúnta Leanaí á thógáil le blianta fada anuas le costais dochreidte. Tá an córas Metro atá geallta le fada, fós i bhfostú ag céimeanna pleanála. Déantar moill ar fhorbairtí tábhachtach de bharr fadhbanna maoinithe agus droch pleanála. Is ansin gur cailleann daoine muinín i dtionscadail nach gcríochnaítear riamh. Is cúis bhróin é cathracha Eorpacha eile a fheiceáil ag méadú go tapa ar a n-áiseanna iompair agus cúram sláinte, agus Baile Átha Cliath ag streachailt leis na rudaí bunúsach a bhaint amach.

Cé go bhfuil Baile Átha Cliath fós cathair beomhar a bhfuil go leor le tairiscint aici, tá sé deacair dearmad a dhéanamh ar na frustrachas a thagann le maireachtáil anseo. Mura dtéitear i ngleic leis na saincheisteanna luaite go luath, tá an baol ann go mbeidh an chathair ina háit nach féidir ach le daoine saibhre a bheith rathúil, rud a fhágann go mbeidh an chuid eile againn ag fanacht le hathrú nach féidir teacht go luath go leor.

Foclóir:

Ar imirce – Emigrate

Cíos daor – Expensive rent

Tuarastail easnamhach – Insufficient wages

Úinéireacht tí – Home ownership

Brionglóid – A dream

Post chobhsaí – Stable job

Coigilteas – Savings

Maireachtála compordach – Comfortable lifestyle

Tiarnaí talún agus forbóirí – Landlords and developers

Moill – slow

Comaitéireacht – Commute

Neamhiontaofa – unreliable

Córas Iompar Poiblí – Public transport system

Spléachas ar charanna – Car dependency

Astuithe – Emissions

Mórthionscadail bhonneagair – Big infrastructure projects

Céimeanna pleanála – planning stages

Description:

Tá Baile Átha Cliath ag fulaingt, agus tá ár daoine óga chomh maith. Leis an méid Éireannach atá ag fágáil an tír na laethanta seo, caithfimid ár bpríomhchathair a shábháil.