Stad Domhan an Cumman Luchleas Gael (CLG) thart ar 10 a chlog oíche Dé Luain, 22/11/2024. Cé go raibh súile na tíortha dírithe ar an gcéad dhíospóireach pholaitiúil beo don olltoghcháin ghinearálta ar siúl ar RTÉ, ní raibh aon duine ag ceapadh go mbeadh a n-aird dírithe áit eile. Ba ansin a tháinig an nuacht chugainn go léir. De réir an Irish Times, rinne peileadóir Bhaile Átha Cliatch, Brian Fenton, an cinneadh éirí as an bpeil idirchontae.
Do aon duine sa CLG, bhí sé ar nós ceann de na chuimhneacháin sin, gur cuimhneoidh tú go deo an áit ina raibh tú nuair a chuala tú an scéal. Mar ní raibh súil ar bith ag aon duine ar seo. Ní raibh aon duine ullamh don scéal seo. Cúpla seachtain ó shin, d’éirigh James McCarthy, comhghleacaí Fenton, as an bpeil idirchontae and bhí sé 34 bliain d’aois. Thosaigh seisin ag imirt i 2011. Bhí daoine ag súil leis an nuacht sin. Dá mbeadh duine éigin eile le fógairt go raibh siad ag imeacht foirn Átha Cliath, cheapfadh daoine gurbh é Stephen Cluxton (43) nó Michael Fitzsimons (35) a bheadh ann.
Níl Fenton ach 31 bliana d’aois. Tá sé ag imirt do na Dubs le 10 mbliana. Feictear é fós mar an imreoir lár na páirce is fearr sa chluiche faoi láthair. Cén fáth, ansin, a dhéanfadh sé an cinneadh imeacht ón gcluiche, and cén fáth anois?
Níl aon rud eile le bhaint amach ag Fenton sa chluiche. Ní fhéadfadh Fenton a bheith níos sásta leis an méid a bhain sé amach. Sna 10 mbliana a d’imir sé le Baile Átha Cliath, bhuaigh sé 7 bonn Uile Éireann, 10 Craobh Laigheann, agus 4 Sraith Náisiúnta. Go pearsanta, bhuaigh sé Imreoir na Bliana dhá uair, i 2018 agus 2020, agus fuair sé 6 Ghradam All-Star.
Creid é nó ná creid, tá na scéalta taobh thiar de na héachtaí seo fiú níos fearr. Tá dhá oiread Craobh na hÉireann níos mó aige (7) agus atá aige i gcluichí caillte sa Craobh (3 – Maigh Eo 2021, Ciarraí 2022, Gaillimh 2024). Níor chaill sé cluiche sa craobh ar feadh 6 bliana (2015-2021) go dtí an cluiche leathcheannais sin in aghaidh Maigh Eo. D’imir Fenton gach cluiche, sraithe and craobh, faoi Dessie Farrell. I 53 cluiche chaill sé thart ar 15 nóiméad. Is é an cumas is fearr ná a bheith ar fáil. Bhí Fenton i gcónaí ann do Bhaile Átha Cliath. Nuair a d’imir Fenton go matih, d’imir Áth Cliath go maith – agus de ghnáth bhuaigh siad.
Bhí gach rud a bheadh uait as imreoir ag Fenton. D’imir sé i gceannas i gcónaí. Bhí an cuma air an t-am ar fad gurbh é an t-imreoir is aclaí ar an bpáirc. Bhí sé cosúil le lúthchleasaí maratóin, níor stop sé riamh ag rith agus ag imirt. Bhí talún spesialta aige do gach scil Peil Gaelach. D’fhéadfadh sé pointí a chiceáil lena chos dheas agus chlé, nó cúl a scóráil, nó léim thar cionn éinne eile chun bhreith ar liathróidí i ngach áit ar an bpáirc. Tá sé aisteach agus deacair scríobh faoi Brian Fenton san aimsir chaite mar tá Fenton fós in ann gach rud atá luaite a dhéanamh agus fiú níos fearr fós. Faoi láthair, tá daoine ag magadh nach raibh Fenton ach peileadóir maith toisc gur as Ciarraí é.
Tá sé deacair a chreidiúint uaireanta, ach tá saol lasmuigh den Pheil Gaelach. Déanann gach duine sa CLG dearmad ar sin ó am go ham. Tá Fenton geallta lena chailín. Tá post aige chomh maith. Is léir go bhaineann sé sult as a bheith ag taisteal an domhain. Níl sé críochnaithe leis an Peil go deo, beidh sé ag imirt dá chumann áitúil Raheeny fós.
An meas is mó is féidir leat a thabhairt do Fenton ná go mbeadh gach foireann eile sa tír thar a bheith sásta nach mbeidh orthu imirt in aghaidh seisin arís. Mar sin féin, is onóir níos spesialta é an cluiche idirchontae a fhágáil agus ní amháin lucht leanúna Bhaile Átha Cliath, ach an domhan CLG ar fad brón a bheith orthu toisc go mbeadh tú imithe.
Fóclóir:
Cinneadh – decision
Comhghleacaí – colleague
Ceannas – control
Dhá oiread – two times
Geallta – engaged
Meas – respect