An Oidhreacht a d’fhág Liam Payne

Chief Irish Editor Harry Byrne

Credits: Manchester Evening News

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil dhá sheachtain imithe anois ó d’imigh iar-réalt One Direction,
Liam Payne, uainn. Ní raibh Liam ach 31 bliain d’aois nuair a thit sé go tragóideach óna bhalcóin san
Airgintín. Ábhar, tá oidhreacht shuntasach fágtha aige tar éis an ama gairid a chaith sé anseo.
 
Is léir go raibh Liam Payne uaillmhianach, cumasach, agus díograiseach. Ní raibh sé ach 14 bliana
déag d’aois nuair a chuaigh sé ar The X Factor den chéad uair sa bhliain 2008. Bhí sé soiléir fiú ag an
am sin go raibh rud éigin speisialta i gcónaí faoin bhfear ó Wolverhampton. Nuair a tháining sé ar ais
chuig an gclár dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach sa ghrúpa buachaillí One Direction. Ní
bheadh a shaol riamh mar a bhí sé roimhe seo. Rinne sé cearthar dlúthchairde agus tháinig sé chun
bheith ina réalta pop domhanda. Deirtear gurbh é Liam ceannaire an ghrúpa.
 
Bhí bua ag Liam chun amhráin a scríobh. Is fíor gur thug ceol One Direction áthas, compord, agus grá
do na céadta mílte duine ar fud an domhain. Bhí Liam mar chuid mhór de sin. Sa laethanta tar éis
Liam a bheith imithe, chruinnigh lucht leanúna dó i mBaile Átha Cliath, san Airgintín, agus i Londain
chun amhráin 1D agus Liam a canadh. Sin é an cineál oidhreachta a d’fhág sé.
 
Níor éirigh go maith le Liam ina shlí bheatha aonair tar éis 1D. Is fíor freisin go raibh fadhbanna aige
le halcól agus le drugaí ina saol. Go minic, bhí na meáin shóisialta cruálach agus mícothrom leis. Ach
ba duine dáimhiúil agus cineálta é i gcónaí.
 
Cén fáth a raibh Liam san Airgintín coícís ó shin? Chun tacaíocht le agus bualadh suas le a chara Niall
Horan ó One Direction. Sin é an cineál duine a bhí i Liam.


Foclóir:
Oidhreacht – legacy
Uaillmhianach – ambitious
Dáimhiúil – charismatic