An bhfuil An Ghaeilge marbh?

Irish Editor, Sadhbh O' Grady Keeley

Agus tú ag léamh é seo is cinnte nach bhfuil an Ghaeilge marbh. Cloisim go leor cainte faoin dóigh a bhfuil an Ghaeilge ina teanga mharbh agus gur mionteanga san Aontas Eorpach agus nach labhraíonn mórán daoine í. Bíonn díospóireacht idir chlanna, idir chairde faoi conas nach n-úsáideann aon duine An Ghaeilge a thuilleadh.

Go pearsanta ní aontaím leis an ráiteas seo agus ní chreidim go bhfuil An Ghaeilge ina teanga mharbh. Measaim féin go bhfuil an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt gach uile lá. An méid foinsí atá againn anois mar shochaí chun ár dteanga dhúchais a fhoghlaim ar líne, ar an teilifís, ar an raidió agus ar na meáin shóisialta. Is rud an tábhachtach é an Ghaeilge domsa mar Éireannach toisc go bhfuil náire orm nach bhfuil An Ghaeilge mar mo chéad theanga.

Is trua é nach gcloisimid an Ghaeilge chuile lá ach fós mar sin mothaím go bhfuil mé féin agus mo ghlúin freagrach as An Ghaeilge a choinneáil beo, le fógraí gaelacha, taithí ó daoine cáiliúla Éireannacha agus ag féiltí ceol, mar shampla. I mbliana bhí “Pop-up Gaeltacht” ann ag Electric Picnic, an fhéile is mó atá againn anseo In Éirinn. Is iontach an rud é a fheiceáil toisc go spreagann sé daoine an cúpla focal atá acu úsáid chun cairde nua a dhéanamh.

Chomh maith leis sin tá níos mó bunscoileanna lánGhaeilge againn anois ná a bhí againn riamh cheana. Mar dhalta a d’fhreastal ar GhaelColáiste ón chéad bhlian go dtí an séú bliain níor thuig mé riamh i mo shaol cén fáth a raibh gráin ag daoine ar an Ghaeilge. Mar a deirim ní hí an Ghaeilge mo chéad teanga ach fós is í an teanga a smaoiním inti i mo chloigeann ar dtús.

Ceapaim go bhfuil na daoine a bhfuil an ghráin acu ar an Ghaeilge díreach mar amhlaidh mar ní thuigeann siad í. Is iad na daoine céanna atá ceanndána. Ní thuigeann siad an saibhreas agus an áilleacht atá ag baint leis an fhoclóir gaelach. Is iad na focail agus frásaí is fearr liom ná focail áille a d’fhoghlaim mé ar scoil blianta ó shin.

Tá níos mó ná 50,000 focal sa Ghaeilge. Gan dabht tá go leor cinn aisteacha, greannmhara agus áille ann. An méid spraoi a bhíonn agam le focail Ghaeilge is iontach an rud é forbairt a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge agus taitneamh a bhaint as.

Is aoibhinn liom breathnú ar na daoine a dhéanann iarracht An Ghaeilge a labhairt. Díreach más rud é nach bhfuil ach cúpla focal acu agus úsáideann siad é go minic seachas ag tabhairt neamhaird ar an teanga uilig. Bíonn daoine ag úsáid Gaeilge anois ar shuíomhanna agus aipeanna éagsúla. Bím dóchasach don Ghaeilge nuair a fheicim daoine eile ag déanamh é seo mar a thuigim uaireanta nach bhfuil sé éasca ábhar gaelach a chur amach, bíonn daoine uaireanta drochbhéasach i dtreo na gcruthaitheoirí seo ar líne.

Tá súil agam amach anseo gur féidir linn an tabú atá ar an Ghaeilge a laghdú. Ní ceapaim in aon chaoi go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis. Ní chreidim agus ní aontaím leis an smaoineamh, i gcónaí beidh mé ag troid ar son na teanga ghaelaí le bheith i mbéal an phobail.

Irish Editor, Sadhbh O’ Grady Keeley