Cuireann an tSín Rialacha Diana Covid i bhFeidhm ar na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh

Claire Young

Thosaigh na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh i mBéising ar an gceathrú lá de mhí Feabhra agus mairfidh siad sé lá dhéag, le breis is 109 himeachtaí ar shiúl thar 15 disciplín spóirt gheimhridh. 

Tástáil triúr a tháinig go dtí an tSín innu chun freastal ar Chluichí Oilimpeacha Geimhridh, dhearfach do Covid-19. 

Tagann an figiúr seo ó na 205 daoine bainteach leis na Cluichí Oilimpeacha a d’eitilí isteach agus a ghlac tástálacha PCR san aerfoirt,  le 128 lúthchleasaí agus oifigeach foirne, agus 77 páirtí leasmhar eile san áireamh. 

Mholadh na lúthchleasaithe na rialacha dochta a leanúint, agus an tSín ag cur polasaí “nialas Covid” i bhfeidhm ag na Cluichí. 

Faoi láthair tá 32 lúthchleasaí sna hOilimpeacha Geimhridh i n-áiseanna leithlise agus tá siad ag caitheamh seachtain amháin ar an meán ar leithlis. 

Tá gach duine a thagann isteach sa tSín “completely separated from the outside society” de réir Choiste Oilimpeach Beijing. 

Tá laghdú ag teacht ar chásanna daingnithe agus le laghdú 50% ar an meán trí lá ar an Luan. 

Leanann an nuacht an chonspóid maidir le coinníollacha na n-áiseanna leithlisithe agus an t-iomaitheoir biathlon Rúiseach Valeria Vasnetsova ag postáil ar Instagram “my stomach hurts, I’m very pale and I have huge black circles around my eyes. I want all this to end. I cry every day. I’m very tired.” 

Roinn sí híomhá dá béile ina raibh cuid bheag pasta, roinnt prátaí, feoil ar chnámh agus roinnt anlann oráiste, ag rá nár ith sí ach an pasta mar go raibh sé “dodhéanta” an chuid eile a ithe. 

“Today I ate all the fat they serve instead of meat because I was very hungry”, ar sise, ag cur leis go raibh meáchan á chailleadh agus duirt sí go raibh “bones are already sticking out.” 

Chaill cupla lúthchleasaithe an deis chun páirt a ghlacadh sna Cluichí, lena n-áirítear an banlaoch Oilimpeach ceithre huaire, Elana Meyers, nach raibh in ann a bheith ina hiompróir ar fhoireann USA ag an Searmanas Oscailte. 

Aon duine a faigheann tástáil dearfach tar éis dóibh teacht isteach sa tír, cuirtear ina leithlis é agus ní cheadaítear dóibh dul san iomaíocht gan dhá thástáil antaigin diúltacha a fháil 24 uair óna chéile.

Thógtar iad a bhfuil siomptóim orthu chuig ospidéal ainmnithe agus fanann siad nach bhfuil siomptóim orthu i saoráid leithlisithe. 

Leathnaíodh srianta Covid ar an slua agus níl cead ag aon lucht féachana iasachta freastal ar na cluichí agus níl cead ag an bpobal i gcoitinne ticéid a cheannach. 

Tá “cuireadh” tugtha do roinnt grúpaí de lucht féachana áitiúla chuig imeachtaí agus beidh orthu rialacha diana Covid a leanúint “before, during and after watching the Games.” 

Claire Young

Image Credit: