I mBéising bhí troid idir tiománaí bus agus paisinéir. Thit an bhus isteach san abhainn Yangtze agus bádh na paisinéirí ar fad.
Tá an scéal seo dochreidte dúinn mar Éireannaigh. Fiú nuair atá daoine óga ar meisce ní bhíonn siad drochbhéasach dona tiománaí bus.
Nuair a bhí muid ag fás aníos in Éirinn chuala muid na rudaí céanna arís agus arís eile. Tá Daidí na Nollag ag coimeád súil ghearr ort. Téigh go hAifrinn. Bígí béasach. Bígí deas le do thuismitheoirí, do dheirfiúracha, do dheartháireacha, do mhadra, do chat. Deir “go raibh maith agat” agus “más é do thoil é”.
D’athraigh gach rud. Is cuma linn faoi thuairim Dhaidí na Nollaig. Tá an Eaglais Chaitliceach sa tír seo scriosta. Bíonn argóintí againn le chéile faoin teilifís, faoin airgead, faoin síobanna atá ag teastáil ag 3 a chlog ar maidin. Ach sin an gnáthrud i ngach chlann. Ach, seasann rud amháin amach, an píosa moladh is tábhachtaí. Deirimid “go raibh maith agat gach am a thógann muid an bhus.
Go stairiúil sa tsochaí in Éirinn tá ceannairí agus na daoine a leanann iad go dílis: sagairt, múinteoirí, dochtúirí, Gardaí. Ach is iad na gnáthdaoine a fhaigheann an chuid is mó den mheas sa lá atá inniu ann; an tiománaí síob amháin atá ag fanacht ar Shráid Grafton, an tiomanaí bus ar an 13 a thagann in am nuair atá tú faoi bhrú traein a fháil. Dar le Aoibhín Ní Fhionnagáin, mac léinn Gaeilge i gColáiste Phádraig tá dea-bhéasa agus buíochas tuillte go maith ag an tiománaí bus. “Ní fhaigheann na tiománaithe bus leath an mhéid buíochas gur cheart dóibh a fháil. Is post deacair é lán le strus. Bíonn siad ag déileáil leis na milliún daoine achan lá.”
Laochra neamhghnách inár dtír? Bhuel, gan amhras déanann cuid de na tiománaí i bhfad níos mó ná atá luaite sa sainchuntas poist. “Ná déan dearmad ar na mic léinn a mbíonn ar meisce gach oíche ag dul chuig na clubanna oíche ag canadh ‘The Fields of Athenry’ ar bharr a nguthanna. Cad faoi na turasóirí nach bhfuil focal Béarla acu. Tá sé deacair ar na tiománaithe cumarsáid a dhéanamh lena leithéid.
An bhfuil sé an rud céanna i dtíortha eile. An léiríonn daoine meas do na tiománaí bus nó an bhfuil rud fíor Éireannaigh é? Ní thógann sé ach nóiméad amháin as an saol. Tá sé soiléir nach raibh na béasaí céanna léirithe ar an mbus i mBéising roimh an timpiste thragóideach thuas luaite. Tá na heachtraí seo ag méadú gach bliain sa tSín. De réir tuairisc ón “Justice Big Data Institute” bhí 223 cásanna cóiriúla a bhain le paisinéirí agus tiománaí, go hiondúil faoi shonraí fánracha- táillí agus na háiteanna a bhfuil an bus ag stopadh mar shampla.
Cad faoi Mheiriceá? Tá ionsaithe ar thiománaí bus in Atlanta ag dul i méid de réir staitisticí nua. Tá méadú soiléír i Nua Eabhrac freisin. Tá na tiománaí bus dúdhoite de. Níl siad sábháilte ina n-áit oibre.
An bhfuil páistí i 2018 go hiomlán drochbhéasach nó an bhfuil an líne idir ceart agus mícheart ag athrú? An bhfuil níos mó saoirse acu nuair a bhí againn nuair a bhí muid óg? An bhfuil droch-thioncar ag an mheáin, ag clár teilifíse, ag gutháin cliste ar na páistí. Gan dabht ar bith, bíonn tionchar acu ar an gcaoi a n-iompraíonn daoine óga iad féin.
Ní bhíonn tuismitheoirí agus páistí ag caint le chéile ag am dinnéar, nuair a bhíonn siad ag taistil sa ghluaisteán fiú nuair a bhíonn siad ar laethanta saoire chon “sos” a thógáil ón saol gnóthach. Tá sé deacair an difríocht idir ceart agus mícheart, maitheas agus olcas a thuiscint nuair atá tú ag féachaint ar scáileán lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiadh bliana. Tá sé deacair a bheith béaseach nuair atá tú ag foghlaim nósanna ón gcarachtair sna cláir teilifíse a bhfuil tú gafa leis. Tá a lán buntáistí ag baint leis an nuatheicneolaíocht, gan dabht ar bith ach tá sé fíor tábhachtach béasaí agus nósanna a spreagadh.
Úsáideann páistí forainm a máthair in ionad “Mam”. Úsaideann siad forainm a ndearthair in ionad “Dad.” Sna Gaeilscoileanna, tá an chuid is mó den mhúinteoirí ag úsáid a bhforainm in ionad “Sir” nó “Ms”. Tá muid críochnaithe lena laethanta lán le heagla agus gothaí. Tá gach uile duine ar an leibhéal céanna fiú na páistí inár sochaí. Blianta ó shin, bhí eagla ar pháistí nuair a bhí a n-athair sa chistin. Ach, anois tá siad in ann caint leis ar leibheáil céanna. Tá siad áblta a dtuairimí féin chur in iúl. Níl siad dofheicthe anois.
An bhfuil áit don chúirtéis in aois a bhfuil muid ag iarraidh comhionannas deiseanna? An bhfuil sé fós ar an bhfear an bille a íoc tar éis béile blásta? An bhfuil sé air doras a oscailt? An bhfuil sé sean-fhaiseanta, rud a dhéanann níos mó dochair ná maitheasa? Ach, tá rud níos tábhachtaí ag fáil bás inár sochaí. Ní chuireann daoine a suíocháin ar fáil do dhaoine atá gortaithe, ag iompar clainne nó faoi mhíchumas. Tá seandaoine ag seasamh ar gach bus, gach traein, gach Luas. Níl sé cothrom ar chor ar bith.
Tá orainn dea-bhéasa a mhúineadh. Tá orainn dea-bhéasa a léiriú. Is sampla iontach é an “cheers” a deir tú leis an tiománaí bus. Tá sé tabhachtach é a choimeád in aigne an Éireannaigh.
Is rud Éireannach é an “cheers” nuair atá muid ag fágáil an bus. Is rud Éireannach é an “Are you busy?” nuair atá tú ar an mbealach abhaile ón Coppers I dTaxi. Is rud Éireannach do cheann a claonadh nuair a bhualadh tú le strainséir ar na sráideanna. Tá na rudaí seo, na nósanna seo greamaithe inár tsícé. Ach, bheadh an domhan i bhfad níos fearr dá mbeadh sé na nósanna i dtíortha eile. Leis na hathruithe atá timpeall orainn, tá rud amháin cinnte. Bí béasach, bí deas, bí cairdiúil. Tá sé fiú níos tábhachtach nuair a fheiceann tú ar an ngráin, leithcheal, ciníochas agus gnéasachas inár domhain i 2018. Bailíonn brobh beart.
Le Róisín Ní Chuillinn
Image Credit : Mikey Walsh