Peileadóirí speisialta DCU chun tionchar mór a bhaint amach i rás Sam Mhic Uidhir

John Morley

Diarmuid Ó Conchubair i gcoinne Ciarraí sa sraith.

Tá roinnt imreoirí DCU a mbeidh ag iarraidh sárthaispeántas a thabhairt tríd an tSamhraidh chun corn Sam Mhic Uidhir a fháil ag tús an Fhómhair. Gan dabht ar bith tá a lán imreoirí againn in Ollscoil na Cathrach Baile Átha Cliath a ghlacann páirt ar phainéal idirchontae timpeall na tíre.

Tá ceathrar ag Maigh Éo go bhfuil feicthe againn i rith na sraithe. Is iad Diarmuid Ó’Chonchubair, Mícheál Halla, Sharoize Akram agus Pádraig Ó’Duarcáin. Tá aithne ag gach mac máthar agus gach uile íníon athair ar Diarmuid agus Pádraig.

Bhí sraith measctha ag an mbeirt acu. Thosaigh Paddy go hiontach ar fad. Rinne sé a sheacht ndícheall i gcoinne Muinecháin chun an cluiche a bhuachan. Fuair sé trí phointe an bhliain seo i Roinn a haon ach ar an drochuair ghortaigh sé a chos ag imirt peile na hOllscoile.

Bhí Diarmuid ag déanamh scriosta ag tús na sraithe. Chríochnaigh sé le 2-01 in aghaidh Ciarraí. Bhí a dheartháir agus captaen na foirne Cillín ar an taobhlíne agus D’aimsigh Diarmuid áit mar chinnire d’fhoireann Mhaigh Éo. Fiú amháin gur chaill siad an chluiche léirigh Diarmuid an damáiste atá sé ábalta a dhéanamh.

Bhuaigh Diarmuid peileadóir óga na bliana dhá bhliain as a chéile i 2015 agus 2016. Chomh maith le sin, bhuaigh Pádraig peileadóir na míosa tar éis cluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin agus beidh súil ag muintir Mhaigh Éo go mbeidh an bheirt acu i mbarr a réime i gcoinne na Gaillimhe.

Go háirithe Ó’Duarcáín. Is ceannaire thar a bheith tábhachtach é d’fhoireann Mhaigh Éo. Ba laoch inspoireádeach é an bhliain seo caite in aghaidh Ciarraí nuair a chic sé phointe den scoth chun na foirne a chur cothrom. Tá sé ag éirí go maith an bhliain seo chomh maith ag dul nócha ón líne leathchúil ag rith timpeall na gcosainteóirí gan mórán stró. Bhí trí phointe scóráilte aige le linn na sraithe. Cé go bhfuil sé fós gortaithe beidh sé an-tábhachtach níos déanaí sa chraobh.

Tá a lán rudaí dearfacha scríofa faoi fhoireann Muineacháin ó thús na sraithe. Chonacthas Fintán Ó’Ceallaigh ag imirt go han-mhaith ar fad. Ceann de na tosaí nua ab ea é a bhí ag tógáil brú agus an bhéim scóráil ó Chonchubhar Mac Mághnuis. Sin rud fíor-thábhachtach dá mbeadh seans acu Corn Ulaidh a bhuachan nó b’fhéidir áit a fháil amach sa chluichí leathcheannas don chéad uair riamh.

Áfach, tagann an fhearr tagann an uair mar a deirtear. Rinne sé an draíocht nuair a d’imir siad na Dubs. Comhscór a bhí i gceist sa bhabhta deireanach don tsraith agus fuair sé an chaid. Bhuail sé é ard agus cruinn thar an trasna. Na Dubs buaite aige. D’fhéadfá a rá go bhfuil air Samhradh an-cinniúnach ar thaobh scóráil, dá mbeadh seans ag Muineachán lean ar aghaidh níos fuide ná a gCúige Ulaidh sa chraobh.

Sin iad na himreoirí DCU a mbeidh ábalta tionchar mór a chur ar an gCraobh. Feicfear an mbeidh Diarmuid Ó Muircheartaigh agus Ros Comáin in ann rud éigean a dhéanamh nuair a bhuailfidh siad leis na bhfoirne níos cumhachtaí sa Chraobh.

John Morley

Image Credit: John McVitty