Rapcheol Gaeilge i mbéal an phobail

Hannah Sullivan

Banna rapcheol é seo de thriúr ceoltóirí Feirsteacha atá ag briseadh íomhánna traidisiúnta na Gaeilge is ag dul I gcoimhlint le RTÉ. Buaiteoirí iad chomh maith de dhuaiseanna ‘Físeán na Bliana’ agus ‘Núíosach na Bliana’ ag Gradam Cheoil Nós 2018. Cinnte, ‘sé an rud is fearr fúthu ná an Ghaeilge snasta a chuireadh ar ‘moll marijuana’.

Cinnte go gcuireann Kneecap an Ghaeilge in oiriúint don dream nach tharlaíodh roimhe seo. Déantar tagairtí d’úsáid drugaí, saol na séishe agus na steiréitíopaí a shamhlú leo mar lucht labhartha na Gaeilge. Tugann na leaids, a théann faoi na hainmneacha Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí, guth do dhream atá ar imeall na sochaí tríd greann gáirsiúil atá acu.

‘Tá dream na Gaeil ann a thaitníonn saol cóisireachta, drugaí agus rámhaille leo. Roinnt mhaith chairde liom nach mbíonn ag vótáil do Shinn Féin agus nach poblachtaigh iad. Táimid bródúil as an tSean-nós agus an cultúr Gaelach, táimid ag iarraidh steiréitíopaí a bhriseadh’ a mhínigh Kneecap don Sunday Times.

Aoir iontach atá I gceist acu agus iad ag magadh faoina bheith ‘ag déanamh snaois bhán le réaltaí TG4’. Cé go bhfuil an greann fite fuaite leis an obair a dhéanann Mo Chara agus Móglaí Bap, tá teachtaireacht thábhachtach acu. Déanann siad beirt thagairt don RUC, téarma eile PSNI, an fhórsa póilíneachta ó thuaidh agus an drochíde a thugtar do chainteoirí Gaeilge atá idir dhá chultúr.

‘Úsáideann muid an greann chun daoine a tharraingt isteach chun a bheith ag éisteacht agus ansin, tá sé ag brath orthu chun an teachtaireacht a díchriptáil. Is cinnte go bhfuil teachtaireacht ansin, dár ndóigh’ a dúirt Móglaí Bap agus é ag labhairt le hiriseoir Siún Ní Dhuinn.

Bhí na rapairí go mór I mbéal an phobail nuair a chuaigh siad I gcoimhlint RTÉ an bhliain seo chugainn. Bhí ‘C.E.A.R.T.A’ an chéad amhráin ag an mbanna ceaptha a bheith ar Raidió na Gaeltachta, ach chuir RTÉ cosc ar an amhráin casadh. Bhur gcuid eascainí, tagairtí do dhrugaí agus an PSNI ba chúis leis an cinsireacht seo a rinneadh orthu. Ach d’fhreagair an threesome go mbíonn na téamaí chéanna pléite ag ceol atá ar RTÉ chéanna féin.

Eisítear amhráin úr nua ‘Amach Anocht’ agus d’éirigh é a éisiúint mar gheall ar an fheachtas bailiúcháin airgid ar gofundme.ie. Tá sé geallta acu ‘go mbeadh gach amhrán chomh conspóideach lena chéile agus nach mbeadh cead ag aon amhrán a bheith ar RTÉ 2FM GO DEO!’.

Cinnte, tá borradh faoin rapcheol faoi láthair in Éirinn. Feictear an fhianaise sa sceideal Longitude I mbliana ina bhfuil seánra an hip-hop ag I mbun na féile ar fad.  Ar feadh na mblianta, bhí rud éigin cringy faoi rap na hÉireann agus níor éirigh leis an hip-hop Éirennaigh taobh amuigh den Éirinn. Ach le ceoltóirí mar Rejjie Snow, Versatile, Godknows Jonas agus Kneecap, bíonn cluas na ndaoine thar sáile in airde do thalún na nGaeil.

Beidh an threesome seo ag Féile na Gealaí óna 15-17ú de Mheitheamh. Má thaitníonn ceol Kneecap leat, tabhair cúpla pingin dóibh ar https://www.gofundme.com/kneecap. Geallann siad canna Carlsberg do gach duine a chabhraíonn leo, ní féidir é sin a shéanadh.