Gníomhairí teanga ag coimeád na Gaeilge i mbéal an phobail

Hannah Sullivan

I stair na Gaeilge, feictear go raibh caomhnóirí na teanga ann mar Dubhghlas na hÍde, Pádraig Mac Piarais, Caitlín Maude agus Norma Borthwick. Polaiteoirí, múinteoirí, filí agus scríbhneoirí a bhí cuid mhór acu. An lae inniu, is féidir caomhnú na Gaeilge a fheiceáil i mbealaí nach rabhas ag súil le, i bhfocail banríon Draig agus i gcoimhlint Twitter leis an BBC.

RuPaul

Cuireadh alltacht ar phobal na Gaeilge nuair a sheol RuPaul, banríon draig an seó Ru Pauls Drag Race, tvúit as Gaeilge. Léirigh sí a cuid tacaíochta lena chomhghleacaí, Michelle Visage, atá ag obair ar Irelands Got Talent faoi láthair.

Léigh an tvúit:

‘A mhuintir na hÉireann! J an chraic? Cloisim go bhfuil mo chailín @michellevisage ag déanamh thar cinn ar @GotTalentIRL Is léir go bhfuil sibhshe, na banríonacha, deadlaí agus maightí freisin, ach b’fhearr daoibh an obair a chur isteach nó is ag sashayáil away a bheidh sibh!’

Bhí deora lena súile ag gach Gaeilgóir agus iad ag baint suilt as an gcruinneas teanga. Frasaíocht nádúrtha a bhí ann, leis an bheannacht ‘J an chraic?’ a gcloistear ó thuaidh. Rinneadh tagairt don gConamarach nuair a dúradh ‘deadlaí agus maightí’.

Cuir Tuairisc.ie in iúl gurbh í seo an tvúit Gaeilge is mó a tharraing aird ar riamh. Mhealladh 14,000 croí agus 4,000 athghiolc ar an ráiteas seo.

Faraor, lasadh an fhearg i gcroíthe na nGaeil nuair a chuir an suíomh On The A Side in iúl gur tvúit RuPaul ‘i dteanga atá i ndíchuimhne’. Ba mhór an chonspóid a bhí san alt maidir le cás na Gaeilge, go dteipeann ar Rialtas agus ar scoileanna na hÉireann an Ghaeilge a chothú. Níl aon dream níos fearr le bhur bhfód a sheasamh ná pobail na Gaeilge agus fuair siad réidh leis na soinicí ar fad.

Níl deireadh leis an bhfeiniméan seo, tá an comhlacht Hairy Baby ag teacht amach le t-léinte le ‘Deadlaí agus maightí- Sashayáil away’ scríofa orthu.

John Connors

Gníomhaire teanga eile atá inár measc ná John Connors, aistear Love/Hate.

Ina dhiaidh Gradaim IFTA a fháil don scannán Cardboard Gangsters agus aithisc a thabhairt a bhí feicthe ag an mhilliúin duine , tugtar cuireadh do Connors teacht ar an gclár teilifíse Nolan Live ar BBC. Thacaigh Connors leis an teanga nuair a dhiúltaigh sé agallamh a dhéanamh toisc go bhfuil dearcadh ‘déistineach’ ag an láithreoir Stephen Nolan i leith na Gaeilge.

Dúirt sé:

‘I will forever boycott that show because of Stevens disgusting mockery of the Irish language. The native language of the whole island of Ireland’

‘Sé san agallamh le Seanadóir Shinn Féin, Niall Ó Donghaile a rinne Nolan scigmhagadh ar cheist na Gaeilge agus athrá ar ‘curry my yoghurt can coca coalyer’. Is ráiteas é seo a rinne Gregory Campbell, polaiteoir DUP agus é ag déanamh scigaithris ar an mbeannacht ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’. Chuir Nolan isteach ar chaint Ó Donghaile arís is arís ag athrá an ráitis ‘it’s a wee bit funny’.

Tá nach mór 7,500 síniú ar an suíomh change.org le hachainí go ngabhfadh Nolan leithscéal as aoir a dhéanamh faoi chás na Gaeilge. Dúirt Connors gur cheart don láithreoir BBC daoine a bhailiú agus idirghabháil a dhéanamh eatarthu.

Is scéalta iontacha iad seo agus Seachtain na Gaeilge ag teacht romhainn. Mar a bhí céad bliain ó shin (agus ní faide siar) is le gníomhairí teanga todhchaí na teanga. Spreagann said an paisean agus an cómhra i measc muintir na Gaeilge.