Seachain na rúin i 2018

Méabh Riordan

Is fuath liom Oíche Chinn Bliana. De gnáth caitear an oíche i dteach tabhairne dubh le daoine, cé, do fhórmhór nach dtaitníonn leat, ag fánacht de hailí a fháil ar athrú mór dá shaol. Ag fánacht ar rud éigean cosúil le heipeafáine chun feabhas a chur ort féin de bharr an bhliain ag teacht roimhe. Ina theannta le seo, bhí mé ag smaoineamh ar chúis go gceapfadh daoine gur tús tábhachtacht é póg na hoíche le duine anaithinid ar an oíche cinniúnach. Conas ar tháinig ar an réiteach saoil sin

Tá mí amháin den bhliain úr thart agus thosaigh mé ag smaoineamh ar an gnáthphróiseas thuasluaite. Thuig mé nár rinne mé aon gealltaí bréagach nó folamh dom féin, mar a dhéanaim, agus b’fhéidir ba chóir? Cinnte go mbíonn na pleananna leathan agus aindréimeach ach b’fhearr le soirbhuíochas, nach fhearr? Is rud dearfach é go dteastaíonn uaim cuspóir a tharraingt ar son mo fhorbairt féin, nach bhfuil?

Le déanaí chonaic mé físeán le cara liom ar Facebook. Chuir sí é le chéile as a stuaim féin agus ba súil siar ar a bliain 2017 é. Rinne sí an cinneadh taifead beag a thógáil ar a himeachtaí laethúil gach uile lá. Is cuma leis dá mbá rud é gurbh iad rudaí leadránach iad, ar nós obair a dhéanamh ar a téis nó ag féachaint ar sheafóid ar an teilifíse, mar dhírigh na físean ar na pléisiúir beaga ina theanta lena turais thar lear nó fiú síos go dtí Loch Garman. Cuirtear faoi dhraíocht or magus dúirt mé dom féin: ‘Féach ar an méid a rinne sí le linn bliana.’ Is dóigh liom is slí níos fearr é sin chun cuimhniú an tréimhse caite agat. In ionad caint faoi céard nach ndearna tú breathnú ar conas ar chaith tú an bhliain agus ceard gur thaitin leat. B’fhéidir ba é siúlóid feadh na Life nó an cupán caife cúrach déanta le mise le meas. Is dóigh liom go mbeadh dearcadh an-dhifriúil agus níos dearfacha ar an mbliain má bhaintear triail asat – ag tugadh aire don laethúil.

In ionad an easpa rudaí nach ndearna tú céard faoi na ratha agus na buaicphointí. Chuala mé le déanaí faoin choincheap  ‘bullet journal’. Is bealach eagair iontach é ina theannta le háit gur féidir leat tarraingt ar cheann do riain. Slí cruthaitheach ina scríobhtar rudaí le déanamh agat ón taobh postíntacht nó jabanna laethúil agus rudaí ba mhaith leat éirigh leis, mar shampla leabhair a dteastaíonn uait a chríochnú nó plean chun teacht ar forbairt maidir le cúrsaí airgeadais nó chun leanú ar nósanna agus ná chailleadh tuairisc orthu.

Tá a neart rud is féidir linn díriú air chun brathnú ar ár ratha nó agus muide i mbun athbhreithniú na bliana. Ní gá dúinn chur ár n-aird iomlán ar mheáchan nach caillfear. In ionad sin céard faoi sraith álainn d’íomha agus físeán a chur le chéile. Tagann feabhas agus forás óna rúdaí beaga. Coiscéim bheaga a mholfainn daoibh.