Rugbaí an gheimhridh agus easpa atmaisféir

Cal Ó Donnabháin

Le 51,000 duine suite san ‘Aviva Stadium’, fuacht an tráthnóna ag fógairt go bhfuil séasúr na scairfeanna tagtha arís, thugadh éinne faoi deara nach raibh an t-atmaisféar ann lena mheaitseáil.

Páistí ag útamáil sna suíocháin, iad ag streachailt leis an bpaicéad criospaí sa lámh acu agus sluaite bailithe ag an mbeár ar thóir dí cé go bhfuil an cluiche fós ar siúl. Níl an rugbaí ar intinn ag tromlach an luchta freastail, ach iarracht á dhéanamh acu íomhá áirithe éigin a chaomhnú, go bhfuil gá ann tú féin a ghléasadh sna héadaí is fearr a bhfuil agat agus iad ag tabhairt faoi mar a mbeadh an staidiam ina chlub oíche.

 

Níl sé go bhfuil ‘ultras’ ag teastáil ón rugbaí mar atá ann sa sacar, go gcuirfeadh duine a s(h)aol i mbaol ar son na foirne a leantar, ach go simplí, tá aire de dhíth. B’fhéidir go bhfuil an fhadhb ann toisc nach bhfuil aon sprioc ann don dá foireann mura bhfuil siad in iomaíocht le chéile don chorn domhanda nó corn ‘6 Nations’, ach bhí sé le feiceáil ar an Satharn díreach caite againn nach raibh suim dá laghad ag daoine áirithe sa chluiche, triúr cailíní ag suí in aice liom ag an gcluiche, pionta sna lámha acu agus iad ag labhairt faoi bhuachaillí agus faoi na himreoirí is ‘teo’.

 

Tuigim go maith gur ócáid mhór é do chlanna agus do chlubanna rugbaí ar fud na tíre agus iad ag taisteal go Baile Átha Cliath don Satharn, ach mura bhfuil suim ag duine a bheith ann ní fheicim cén fáth go dtéann siad. D’fhéadfá an locht a chur ar thicéid saor in aisce chomh maith, sa tslí a dháileann cuideachtaí ar a bhfostaithe iad go neamhshrianta. Is féidir foinse an easpa atmaisféir a aimsiú suite in aice leis an duine ar a dáileadh na ticéid, an ‘móide aon’ nó ‘plus one’, gan suim dá laghad acu sa chluiche idir lámh ach sa seisiún i Searson’s ina dhiaidh, iad i mbun brionglóide faoi bhlas an Guinness ar bharr a theanga cheana.

 

B’fhéidir go bhfuilim cantalach anois toisc go raibh páiste taobh thiar dom don 80 nóiméad uilig, é ag screadaíl ó am go ham agus ag croitheadh bratach aimsithe aige in aghaidh mo chloigeann gach uair a bhí scór ann, ach b’fhéidir gur féidir liom seasamh le mo bheart agus go bhfuil daoine eile in aontas liom. Ní raibh amhráin canta, ní raibh mórán le cloisteáil ón slua ach amháin nuair a bhí scór ann agus bhí macalla geabaireachta ann ó thús go deireadh, táscaire cinnte do mo phointe.

 

Ní theastaíonn uaim ach breis paisean on lucht feachana agus rannphairtiocht le laghdú ar na féinphiceanna, b’fhéidir.