Ag sárú brón na samhna

Méabh Riordan

Bhí mé féin agus cara liom inár suí i gcafé an tseachtain seo caite, caifé á ól againn agus muid ag féachaint amach an fhuinneog. Gan choinne thug muid faoi deara cé chomh gruama is atá mí na Samhna.

Thosaíomar ag plé ár gcuid cásanna agus tuigeadh gur cuireadh an Samhain lionn dubh orainn ach cén fáth? Bhuel, tosaíodh leis an rud is soléire dúinn: athraítear an aimsir agus éirítear an-dorcha an luath sa tráthnóna, ina theannta leis an bhfliuch agus an fuacht feanntach, níl an t-airgead ag daoine na rudaí a thugtar taitneamh dóibh a cheannach mar tá ár bpócaí dírithe ar an Nollaig agus an costas bunaithe ar an bhFéile. Smaoinigh ar seo, roimh an Samhain ní raibh cíos cás ná cathú orm dul amach agus oíche scléipe a bheith againn, anois, i míosa diúltaíonn mé féin dom seacláid the ‘grande’ a fháil! Agus bheadh ionadh ort an meangadh beag a chuireann bua an lae mar seo ort!

Ag breathnú ar an gceist níos dáiríre, cuirtear béim mhór ar an ábhar meabhairshláinte le linn na Samhna. Fuaireamar go léir na ríomhphoist ón SU faoi i míosa agus an réimse leathan imeachtaí a bhíonn le heagrú chun feabhas a chur ar an meon. Go bhfios bhí coileáin luaite mar sheift sonais agus fógra á scaipeadh ag insint go mbeadh seachtain dírithe ar an gcás – 13ú-17ú Mí na Samhna. Chomh maith le sin, oibrím ar shuíomh gréasáin eile ag scríobh ábhair dó agus ba é an tsláinte agus ag tógáil aire duit féin mar phríomhchúram na míosa.

Mar sin de, conas is féidir linn ár meanma a hardú de bharr críoch na míosa? Tá cúpla moladh agam duitse agus creid é, táim ag caitheamh meangadh mór faoi láthair.

An rud is mó a dtaitníonn liom ná mo chuid ceol. Thuig mé an chumhacht le ceol agus an tionchar atá aige ar an meon ach níor thuig mé sula rinne mé an t-athrú. Slán le ‘Sam Smith’, fáilte roimh le Spotify Cheesey Hits! agus scairt speisialta de chuid ‘SClub 7’. Amhrán eile iontach go bhfuair mé amach ná ‘I Ran’ leis an ngrúpa ‘A Flock of Seagulls’. Feictear sliocht don amhrán sa scannán ‘La La Land’ agus mholfainn daoibh agus é an chéad chasadh breathnú ar leis an radharcach do Emma Stone agus a damhsa den scoth. B’fhéidir go gcabhródh na liricí agus muid ag éalú ó mhí na Samhna?

Téigh i ngleic leis an bhfuacht agus ceannaigh scairf nua! Cheannaigh mé mo cheann i H&M agus níor bhris sé an banc agus é ar nós duivé muiníl. Chonaic mé ceann ar líne agus é ag glioscarnach – chun cur i gcuimhne tá sos ag teacht, tá an Nollaig ar fhíor na spéire. Bíonn réimse leathan láidir i bPenneys i gcónaí agus tú ar bhuiséad nó fan go dtí ‘Black Friday’ agus b’fhéidir go dtabharfadh pléisiúr beag duit féin.

Mar fhocal scoir uaim, mothaímid go léir mar an gcéanna agus an pearsantacht Samhna ag teacht i dtír orainn. Is rud coitiana é ‘November Blues’ agus an t-aon rud is féidir linn a dhéanamh ná díriú ar ‘conas is féidir linn ár meon a fheabhsú’. Don chuid is mó déantar leis na pléisiúir beaga – gan costas breise ar leamhachán is fiú le seacláid the ón ‘Insomnia’.