Oireachtas na Samhna – Gréasán na nGael

By Ali Spillane

Póit ar bheagnach 10,000 Gaelgóirí inniu tar éis seachtain fada fiúntach ag Oireachtas na Samhna. Aistear fada a bhí á dhéanamh ag muintir na Gaeilge inné agus iad ag filleadh abhaile ó Cill Airne. N’fheadar an drochrud nó beannacht é nach dtarlaíonn an ocáid seo ach uair sa bhliain.

Is é Oireachtas na Samhna buaicphointe na bliana do mhuintir na Gaeilge agus iad uilig bailithe le chéile chun chéiliúradh a dhéanamh ar ghréasán na nGael. Bíonn idir óg agus aosta ann ag glacadh páirte sna comórtais agus sa chóisir.

Bhí cúig lá lán le himeachtaí ar fáil i mbliana. Seoladh go hoifigiúil é tráthnóna Dé Céadaoin agus ó shin bhí gach saghas imeacht idir Ghradaim Chumarsáide, Chomórtais Liteartha, Seoladh Leabhair, Damhsa ar an tSean-nós agus amhránaíocht ar siúl. Idir Ostán Brehon, Ostán Gleneagle agus an INEC a bhí an chuid is mó de na himeachtaí.

Ó maidin go hoíche bhí buzz den scoth ann. Agus imeachtaí na maidine ag tosú bhí imeachtaí na hoíche ag críochnú suas. Maratón atá ann le fírinne agus má tá tú ag iarraidh bheith beo go dtí an Domhnach bíonn ort luas a shocrú.

Is corr-rud é an Béarla a chloisteáil ann agus na Gaeil ina thromlach ann. Idir seomra teaghlaigh, club na féile, aonad an Oireachtais, lúibíní, agallaimh beirte, cláir RnaG, ceardlanna éagsúla agus taispeántais de gach saghas tá rud éigean ar fáil do gach uile duine ann.

In 1897 a cuireadh tús leis an chéad Oireachtas riamh. Féile leathlae i mBaile Átha Cliath a bhí ann ag an am. Míle duine a bhí i láthair ann. Ní raibh ach naoi gcomórtais ar chlár na féile an bhliain sin. Ó shin tá fás agus forbairt mór millteach tagtha air. I mbliana féile cúig lá a bhí i gceist le os cionn 10,000 duine ag freastal air idir chainteoirí dúchais, foghlaimeoirí agus na meáin ó chuile cearn den tír. Bhí 41 comórtais éagsúla mar chuid de idir cheol, rince, scéalaíocht, lúibíní agus agallaimh beirte.

Bíonn Corn Uí Riada ar cheann de bhuaicphointí na féile agus i mbliana ba é Conchubhar Ó Luasa ó Corcaigh buaiteoir an chomórtais sin. Freisin bhí seoladh Bliain na Gaeilge ar siúl ag Conradh na Gaeilge Dé Sathairn. Comh maith seoladh neart foilseacháin iontacha nua ann an leabhar ‘Súil Eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí ina measc.

Seachas na comórtais is é an chomhluadar, an craic agus an cairdeas mar chroí den fhéile. Níl duine ann nach mbuaileann le ar a laghad cúpla cara nua ann gan trácht ar an méid seanchairde a chasann tú le ann. Bíonn seans agat aithne súl a chur ar na ‘daoine sin’ ó Twitter a bhíonn tú ag leanúint, agus na réaltaí móra ó Ros na Rún agus na leithéidí.

Bíonn na meáin Gaeilge uilig ann chun craoltóireacht a dhéanamh ar an ocáid. Bhí cláir den scoth á chraoladh ag Raidió na Gaeltachta ann idir Bhricfeasta le Blathnaid, agus seó Rónán Mac Aodha Bhuí agus Saol Ó Theas. Bíonn bua an cheoil agus an tallann ar fáil ann. Freisin bíonn TG4, RTÉ, BBC Gaeilge, Raidió na Life srl ann chun chraoladh beo a dhéanamh ar na ocáidí chun an ocáid a scaipeadh le muintir na Gaeilge ar fud an domhain nach bhfuil in ann freastal ar an ocáid iad féin.
Agus an fhéile bliantúil ag dul ó neart go neart bíonn Oíche na Mac léinn ar siúl mar chuid de anois. Deis ar na Cumainn Gaelach uilig teacht le chéile le haghaidh sár-chóisir Dé hAoine. Is beag duine a bhíonn beo le haghaidh Steip maidin Dé Sathairn agus iad marbh sa leaba sna bhrúnna. Ach is cuma faoin póit bíonn siad réidh le tosú arís oíche Sathairn agus an oíche is mó den seachtain ar siúl sa chlub.

Cloistear i gcónaí gurb iad na hoícheanta is fearr ná oícheanta na nGael agus is fíor é gan dabht. Ag caint seafóid agus ag ceol is ag rince, ní haon ionadh nach mbíonn glór fágtha ag tromlach an tslua faoin Domhnach. Pop-Up Gaeltacht ar feadh seachtaine a bhíonn ann.

An t-aon drochrud faoin Oireachtas ná an Luan ina ndiaidh. Come-down uafásach a bhíonn i gceist. Tú tuirseach traochta, tinn sa leaba ag smaoineamh siar ar rógaracht na seachtaine agus ag cur tús leis an comhaireamh síos go dtí an chéad Oireachtas na Samhna eile. Ach an corr-uair is fiú an póit agus is fíor é maidir leis an Oireachtas. I gceann cúpla lá (nó seachtain) agus tú ar ais ar do sheanléim arís beidh na cuimhní álainn agat fós agus an oiread sin cairde nua déanta agat gur fiú é. Go dtí an chéad Oireachtas eile, go n-éirí libh. Mar a dúirt Aodhán Ó Deá ó Chonradh na Gaeilge, ‘‘Go mbeidh bisexual orainn ar fad go luath.’’

Ali Spillane