An chaoi ar tháinig mé ar ais don Ghaeilge agus mé sna fichidí.

Anseo atáim arís. Tuirseach, tinn, agus ag deánamh tada le mo lá. Neart dabhtanna, ach sin é an cás go rialta.  An iomarca piontaí – mar is gnáth. Beidh fios ag beaganch gach dalta riamh faoi “The Fear”. Ar a laghad, tháinig mé go dtí an leabharlann in DCU inniu. Déanfaidh mé iarracht obair a dhéanamh ainneoin an tuirse atá orm. Tá go leor le déanamh don mháistreacht atá idir lámha agam. Cuirim an cheist síoraí orm: Cén fáth a ólann tú? Sigh. Ach bhí rud éigin beagáinín difriúl ar siúl aréir. D’fhreastal mé ar mo chéad Pop Up Gaeltacht. Gach duine – ag labhairt as Gaeilge sa teach tabhairne Bernard Shaw. Ag labhairt ár dteanga. Aisteach ach álainn. Mise – bhí mé ag labhairt as Gaeilge freisin. An raibh sé sin mise? Bhí céad daoine ann, nó dhá chéad daoine. B’fhéidir níos mó. Ach conas ar tharla sé go raibh mé i láthair ann?

Bhí uair nuair a cheap mé go raibh mé críocnaithe leis an Ghaeilge. Faoi dheireadh, bhí Gaeilge déanta and imithe. Bhí an pian mór i mo thóin imithe as mo shaol go deo. ‘Ní labhróidh tú an teanga riamh arís, buíochas le Dia’- a dúirt mé liom féin. Chríochnaigh mé ar scoil agus an ardteist déanta agam. Chuaigh mé ar ollscoil, rinne mé staidéar ar an eolaíocht ríomhaire, bhain mé mo chéim amach, and thosaigh mé ag obair. Bhí mé i gcónaí gnóthach. I mo chéad phost, d’oibrigh mé dhá uair déag gach lá. Bhog mé go Baile Átha Cliath ach ní raibh aon am agam riamh. Tar éis bliain, thóg mé post eile. Agus ansin, don chéad uair le fada, ní raibh mé gnóthach níos mó. Le am saor, thosaigh mé ag smaoineamh.

I 2008, bhí mé sé bliana déag d’aois. Thosaigh mé post páirt-aimseartha in SuperValu. Rinne mé m’ardteist in 2010. Bhí mé ag déanamh staidéar in WIT ón 2010 go 2014, i gcónaí ag obair in SuperValu freisin. Agus tú i do dhalta, síleann tú faoi do chéim a bhaint amach. Is é do chuspóir é. Ceapann tú faoi rudaí freisin – cailíní (nó buachaillí), ag ól, ceol, laethanta saoire, an domhan, fealsúnacht, etc. Ní chríochnaíonn an liosta. I ndiaidh sin is é do ghairm bheatha a bhíonn tú ag díriú air. Tú ag siúl go bhfaighidh tú post maith.

I 2015, bhí gach rud agam. Bhí post maith agam. Bhí airgead go leor agam. Bhí cailín deas agam. Chonaic mé mo chairde (ní raibh sé go leor riamh áfach). Ach bhí rud éigin mícheart. Ní raibh áthas orm. Níor mhothaigh mé comh paiseanta faoi mo ghairm níos mó. Se, bhí céim agam. Sea, fuair tú an post maith a bhí ar intinn agam. Freisin, bhí mé i mo chónaí sa phríomhchathair i m’arásán féin. Ach ní raibh sé go leor. Uaireanta faigheann tú gach rud a raibh tú ag obair i dtreo, ach fós tugann tú faoi deara nach bhfuil tú sásta go fóill. Tuigeann tú nach raibh tú ag smaoineamh faoi na rudaí ba cheart a bheith ag smaoineamh faoi. Bhí mé trí bliana is fiche d’aois, agus thosaigh mé ag smoineamh faoi na rudaí tábhachtach i mo shaol. Cad atá tábhachtach dom féin. Ní raibh gairmeacha nó airgead tábhachtach dom níos mó. Bhí mo shonas pearsanta níos tábhachtaí. Bhí mo suimeanna tábhachtach. Bhí mo chairde agus mo chlann tábhachtach. Bhí daoine bocht tábhachtach. Ní raibh mo phost ró-thábhachtach – is fíor gur mhaith liom eolaíocht ríomhaireachta ach ní raibh mé ag cabhrú daoine i mo phost – bhí mé ag cabhrú comhlacht saibhir bheith níos saibhre. Thosaigh mé ag smaoineamh faoin tír níos mó – faoi daoine eile. Ní raibh sé éasca agus thóg sé míonna, ach ar deireadh  thuig mé mé féin i bhfad níos fearr ná riamh. Bhí spriocanna nua agam. Ba é ceann de na spriocanna sin ná chun teanga nua a fhoghlaim. Ar dtús, cheap mé faoi teanga Icelandic a fhoghlaim, mar tá nasc agam leis an tír. Ach ansin, chuimhnigh mé. Is as Éire mé. Is breá liom mo thír. Is breá liom na daoine Éireannacha. Cad a tharla? Chuimhnigh mé ár dteanga álainn. An teanga a chaill muid beagnach. An teanga atá fós beo againn. Agus anseo atáim. Ag foghlaim ár dteanga. Ag foghlaim Gaeilge arís i mo fhichidí. Bainim úsáid as Duolingo. Freastlaím ar ranganna. Anois táim ag glacadh páirt sna Pop Up Gaeltacht.  Is ball den Cumann Gaelach in DCU mé. Táim ag bualadh leis na daoine is deise agus ag tógáil páirt sa phobal Gaelach. Níl sé ach sprioc amháin ach is sprioc iontach é. Agus anseo atáim arís – tinn agus tuirsearch tar éis bheith ag ól. Ach bhí rud éigin difriúl aréir. Rud atáim níos bródúla as.

Corey Rigley