I mbliana bhí an t-ádh orm a bheith páirteach in rud darb ainm ‘The Washington Ireland Program’. Fuair mé an seans dul chuig Washington DC don samhradh le daoine óga eile ó tuaisceart agus deisceart na hÉireann.
I DC bhí intéirneach agam le comhlacht caidrimh phoiblí i lár na cathrach. Is rud aisteach í dul ó obair i siopa i mBaile Átha Cliath chuig obair in oifig in ardchathair na Stát Aotaithe. Tugann tú faoi deara cé chomh beag is atá ár tír álainn féin, nuair atá tú ag siúil tríd sráideanna leathan DC. Tá an áit i gcónaí plódaithe le daoine ag rith chuig an obair i gculaith gairmiúla, agus le teochtanna chomh ard le 40oC ní rud éasca sin. Tógadh DC ar corcach agus mar sin ar bharr an teocht dofhulaingthe tá bogthaise uafásach ann chomh maith. Deireann daoine go faigheann sé níos éasca maireachtáil sa theas sin de réir a chéile ach domsa chaith mé an samhradh ag rith ó foirgneamh amháin le air-con go dtí an chéad ceann eile.
Gan bheith ag gearáin faoin teocht an t-am ar fad. Fuair mé cuid mór deiseanna iontacha i rith mo thréimhse i Meiriceá. Bhí turas againn tríd ‘Capitol Hill’, foirgneamh ollmhór. Ag amharc ar ‘House of Cards’ ní fheiceann tú an méid turasóirí a bhíonn ann go laethúil, rud táim cinnte nach mbeidh Frank Underwood ró-shásta faoi. Tháining aoichainteoirí dochreidte isteach chun labhairt linn cosúil le príomh scríbhneoir óráide Obama agus stiúrthóir an scannán ‘The Journey’ ina bhfuil Ian Paisley agus Arthur McGuinness na príomh-carachtair.
Chuaigh muid chuig Nua Eabhrac fá choinne seachtain i lár an tsamhraidh chun buaileadh le daoine proifisiúnta eile ag barr a gcuid gairmithe. Bhí bricfeasta againn trí lá an seachtain sin ar barr urlár ilstórach spéire comhlachraí éagsúla i Manhattan ar nós Goldman Sachs agus Bank of America (an nath ‘is fada sin ó gur thógadh thú’ ag rith tríd ár gceann an t-am ar fad). Ní raibh gach rud chomh dáiríre le Goldman Sachs agus muid thall ansin. Tháinig na cuimhní is fearr domhsa ar aon nós ó na BBQs a bhí againn le na haoi-theaghlaigh agus an grúpa s’againne, ón am gur chuaigh muid ag cadhcáil agus ag snámh in abhainn an Potomac (deirtear linn i ndiaidh sin go bhfuil an abhainn sin 100% toxic do dhaoine agus níor chóir d’éinne dul ann…) agus an am gur shochraigh muid i lár na hoíche le dul chuig oíche slam-fhilíocht i lár NYC. Bhí samhradh craiceáilte agam, fiú gan codladh ar bith a bheith agam i rith mo thréimhse i Meiriceá, breathnóidh mé siar ar na dhá mhí sin mar chuid den samhradh is fearr a bhí agam riamh.
Áine Laighléis