Tá an-ómós ar fad ag muintir na hÉireann Mhicheál Ó Muircheartaigh toisc a chuid pearsantachta a tháinig amach go smior ina chuid oibre thar na blianta ag tabhairt cur síos draíochtúil ar na laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh.
Rugadh é sa bhliain 1930. Deireann Micheál gur fhás sé aníos ag labhairt na Gaeilge agus an Béarla: ‘Bhíodh an meascán ann ach bhí níos mó Gaeilge, bhí an-Ghaeilge ag na seandaoine go léir a bhí sa Ghaeltacht, ach an chéad ghlúin eile ní raibh sé acu, sin mar a tharlaíonn sé.’’
Ag labhairt faoina óigeacht admhaíonn sé gur thaitin an obair amuigh faoin aer úr ‘go mór’ leis agus cuimhníonn sé go cruinn ar na haonaigh móra a bhíodh ann sa Daingean le daoine ‘ann go moch ar maidin ag ceannach agus ag díol’ ainmhithe iontu. Níor imir sé móran peile agus é ina pháiste: ‘Beagánín ach ní raibh mórán peile sa scoil ag an am. Ní raibh aon pheil in aon chor sa bhunscoil i gCiarraí ach bhí sé mar sin ar fud na tíre.’’
Agus é críochnaithe sa scoil ní raibh mórán fostaíochta ar fáil sa Daingean ach deireann Michéal go raibh ‘an-mheas ar oideachas’ sa bhaile, rud a chabhraigh leis áit a sholáthar i gcoláiste ullmhúcháin i mBaile Bhúirne i gCorcaigh sa bhliain 1945 i ndiaidh na Meánteiste agus é dírithe ar mhúinteoireacht. Labhraíonn sé go fonnmhar faoin tréimhse a chaith sé ansin agus faoin gcaoi a d’fhorbair an tréimhse seo a chuid Ghaeilge: ‘Ní raibh ann ach 80 scoláire ar fad ann ach an rud iontach mar gheall air, bhí gach rud trí Ghaeilge. Bhí daoine ó gach aon chúige ann, bhí duine ó gach aon Ghaeltacht ann, d’fhoghlaimíomar go léir na ceithre chanúintí óna chéile agus ag déanamh aithris ar a chéile, rud maith é an meascán a bhí ann.’’
Chaith sé trí bhliain ansin sular thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus an dhá bhliain ag síneadh amach uaidh i gColáiste Phádraig. ‘Bhí sé go deas bheith i mBaile Átha Cliath agus cleachtadh múinteoireachta a fháil i scoileanna difriúla.’ Ba i mBaile Átha Cliath a d’oscail geata dó, geata a dhéanfaidh cáiliúil é agus a dhaingneoidh é mar chuid mhór de shaol Chumann Lúthchleas Gael agus na hÉireann i gcoitinne.
Chonaic se fógra sa choláiste faoi thrialach tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig na bliana 1949. Chuaigh sé faoi choimirce na cinniúna agus d’fhreastal sé ann chomh maith le scoláirí eile ó thimpeall na tíre. Admhaíonn sé faoin tráchtaireacht: ‘Ní raibh suim agam dul isteach ann riamh, ach bhíomar ag féachaint air mar sort eachta, adventure, dul ann gan aon bhrú nó aon rud, beimid istigh sa bhosca, bosca Micheál O’Hehir.’’
Nuair a tháinig triail Mhichíl, léirigh sé a chuid cumais tráchtaireachta agus é 19 bliain d’aois, rud a thug an deis dó. Ba é an chéad thasc dó ná tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais an Bhóthair Iarainn an Déardaoin i ndiaidh Lá Fhéile Phádraig, níor bhreathnaigh sé siar ó shin.
Bhí an-mheas ag Micheál ar a réamhtheachtaí; O’Hehir, a bhí mar guth na gcluichí Gaelacha ag an am sular ghlac an Chiarraíoch leis an teideal sin. Nuair a d’éirigh O’Hehir as ón tráchtaireacht i 1985 tar éis dó stróc a fháil tháinig an Chiarraíoch ina áit mar an príomhthráchtaire ar na cluichí Gaelacha do RTÉ agus b’iomaí ráiteas de chuid Uí Mhuircheartaigh a choimeád a lucht éisteachta faoi dhraíocht. D’fhéadfaí a rá gurbh é an ráiteas ba cháiliúla ná: ‘Seán Óg ó hAilpín, his mother’s from Fiji and his father’s from Fermanagh, neither a hurling stronghold.’
Bhí stíl ceolmhar aige a sheas amach agus nuair a cuireadh ceist air faoin stíl seo d’fhreagair sé: ‘Nuair atá suim agat i rud, beidh tú ag foghlaim an t-am ar fad, beidh tú ag buaileadh le daoine agus beidh siad ag caint faoi chúrsaí peile agus iománaíochta agus ag caint mar gheall ar dhaoine, bhaileofá a lán eolais mar sin. An chuid is mó dó ná ag caint le daoine. Bíonn suim ag muintir na hÉireann i ndaoine agus is breá leo eolas a fháil ar dhaoine, ní mar sin a bhíonn sé i dtíortha eile.’’
D’éirigh an Chiarraíoch as ón tráchtaireacht i nDeireadh Fómhair 2010 tar éis chluiche Rialacha Idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil ach deireann sé nach n-airíonn sé uaidh an tráchtaireacht toisc go dtéann sé go dtí na cluichí uilig fós agus leanann sé iad leis an bpaisean céanna a bhí aige.
‘Níl athrú mór i mo shaol toisc go dtéim go háit an phreas anois. Bhíos tamall fada ag obair, 62 bliain a bhíos ag obair ann, cheapas gur am maith é sin éirí as.’
Cé go bhfuil Ó Muircheartaigh éirithe as le 7 mbliana anois níl mórán ama aige suí os comhair na teilifíse ag ligint scíthe. Tá sé sáite i go leor rudaí, is Cathaoirleach é ar Choláiste Íde sa Daingean, tá baint aige leis an obair in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí chun áiseanna spóirt a bhunú do dhaoine atá i gcathaoir rotha, tá sé bainteach leis an ospís i gCiarraí chomh maith leis an Institiúid Néareolaíochta i mBaile Átha Cliath, cúiseanna a bhfuil cion aige orthu.
‘Tá an-iomarca ar siúl agam. Beidh mé ag dul anois go dtí Bangkok le haghaidh Cluichí na hÁise le himreoirí ann ó Dubai, Singapór, San Francisco agus ó gach áit.’’
Is cosúil le reacaire uilefheasach é Ó Muircheartaigh gan dabht. D’athraigh sé thar na blianta, ón mbuachaill óg ón Daingean a thosaigh amach i 1945 go dtí laoch an lae inniu ach d’fhan rud amháin buan i gcónaí; an paisean agus an grá ata ag ‘Guth na gCluichí Gaelacha’ do chluichí Chumann Lúthchleas Gael.
Conor O’ Shea