Cad atá sa vardrús don gheimhreadh

Cúpla rud riachtanach don fheisteas

Éadaí don Gheimhreadh

Agus teochtanna ag ísliú agus an dorchadas ag teacht is cinnte go bhfuil na brístí gearra agus na cuaráin curtha i stóras don bhliain. Ar bhúiséad mhic léinn is cinnte go mbíonn deacrachtaí le feisteas go hiomlán nua a cheannach don séasúr fuar romhainn. Ach tá cúpla rud bunúsach ag teastáil uait chun déileáil leis an drochaimsir.

Ar dtús, beidh cóta maith uait. Gach geimhreadh ceannaím cóta nua. Is infheistíocht é. Má shiúlann tú ar choláiste, ar obair nó fiú má théann tú amach le cairde bíonn cóta deas trom iontach tábhachtach i do shaol. Is féidir gach saghas cinn a fháil. Bíonn cótaí de gach stíl, dath agus praghas ar fáil sna siopaí uilig. Ná déan dearmad go mbíonn éadaí níos saoire ar fáil sna siopaí athláimhe.

Is é an dara rud is tábhachtaí le bheith i do vardrús ná péire buataisí. Is é an rud is fearr faoi bhuataisí ná gur féidir leat iad a chaitheamh ní hamháin i rith an lae ach freisin ag dul amach istoíche chuig teach tabhairne nó fiú chuig club. Agus é fliuch agus fuar i rith an gheimhridh beidh tú fíor-bhuíoch as do bhuataisí.

Is é an céad rud eile lárnach i do vardrús an am seo den bhliain ná oiriúintí. Beidh hataí, scairf, lámhínní agus a leithéid rud an-úsáideach agus tú amuigh faoin aer. Is féidir leat cinn faiseanta ar phraghsanna íseal a cheannach i Penneys nó ar líne. Is féidir éadaí simplí a dhéanamh níos faiseanta le scairf deas nó seodra. Ná déan dearmad scáth fearthainne a thabhairt leat i do mhála agus tú ag dul amach chomh maith.

Is buntáiste mór amháin faoin aimsir fuar ná gurb fhéidir leat riteoga a chaitheamh fiú agus tú ag dul amach. Déan cinnte go bhfuil go leor riteoga san fheisteas agat. Is féidir riteoga a chaitheamh le sciorta deas nó gúna agus buataisí ar choláiste i rith an lae agus amach istoíche. Seans nach mharíonn siad ró-fhada ach ní chosnaíonn siad ach cúpla euro agus beidh tú te teolaí compordach agus ní bheidh ort bheith buartha faoi bheith griandaite agus tú ag dul amach.

Má tá na rudaí seo agat beidh tú réidh don séasúr fliuch fuar romhat. Ní chosnaíonn siad mórán agus is féidir iad a chaitheamh beagnach gach lá agus oíche. Is rudaí riachtanach don gheimhreadh iad gan dabht.