Seachtain na Gaeilge DCU

Cad go díreach ar chóir go mbeadh ar eolas agat do Sheachtain na Gaeilge?

Tá Seachtain na Gaeilge ag rith ón 1 – 17ú Márta i mbliana. Beidh rudaí ar siúil i ngach cúinne den tír, go háirithe DCU. Beimid á ceiliúradh idir an 6ú – 9ú Márta!

1ú Márta – Seachtain na Gaeilge faoi lán seol!

Déan cinnte nach ndéanann tú dearmad go bhfuil sé mar chearta agat do Ghaeilge a úsáid i ngach aon stát seirbhís, san áireamh sin tá na Gardaí, aon chearn de na córais taistil, fiú do aois-chárta, d’fhoirm cháin (faigh an Muirear Sóisialta Uilíoch sin as Gaeilge).

Ó thaobh do chomhairle áitiúil, glactar leis más rud é go bhfuil aon iarratas nó aon sórt foirm scríofa as Gaeilge. Ba chóir dóibh aistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil agus a úsáid maidir le logainmneacha, sloinne, chomh maith le haon seirbhís eile ina bhfuil ag teastáil.

Níl aon leithscéal agat do chuid Gaeilge a úsáid agus do chearta teanga a úsáid, GO ÁIRITHE le linn Seachtain na Gaeilge.

4ú Márta – Spraoi na Seachtaine

Beidh Spraoi na Seachtaine ar siúil Dé Sathairn i bhFaiche Stiabhna (Stephens Green)! Beidh ceol ar siúil ann ó 11:00 – 15:00, le linn seo, beidh John Spillane, Kíla, agus Seo Linn.

I rith an lae, beidh cúinne ceardlainne ann chomh maith, san áireamh beidh amhránaíocht ar an sean-nós, rince sean-nós, drumaí agus fiú beidh ceardlann ióga! Chun cur le sin, beidh comórtas Óráidíochta, Díospóireacht agus REIC (an Cheardlann Fhilíochta). Mar sin, níl aon leithscéal agat gan a bheith ann!

6ú Márta – Seachtain na Gaeilge DCU faoi lán seol!

Ar DCU, beidh seoladh againn ar Champas Naomh Pádraig agus Campas Glasnaíon, le balúin agus píosa beag ceol le craic chomh maith maidin Dé Luain. Beidh feachtas na Gaeilge ar siúil ar champas don lá ar fad. Bígí ag faire amach don chúinne Gaeilge ar Champas Naomh Pádraig agus an Tráth na gCeist ina mbeidh ar siúil an oíche sin ar Champas Glasnaíon.

7ú Márta – Shite Night Gaelach!

Ansin oíche Mháirt, beidh Shite Night Gaelach againn san NuBar, cheann de na hoícheanntaí is fearr na bliana, leis an cheol is fearr leat measctha le píosa beag Lurgan!

Beidh Feachtais Fhocail is fearr leat ar siúil an lá ar fad chomh maith! Mar sin, bígí cinnte teacht síos go dtí an Hub chun do fhocail Gaeilge is fearr leat a chur ar an mballa. Beidh Tae le Plé ar siúil mar is gnáth ar Champas Phádraig ach beidh níos mó rudaí deasa ar fáil!

8ú Márta –

Beidh cúigear an taobh ar siúil ar champas Glasnaíon, le roinnt cumainn in aghaidh a chéile, so bígí cinnte chun teacht síos chun na himreoirí CLG is fearr a fheiceáil! Beidh Club Comhrá ar siúil againn sa Mezz chomh maith le píotsa agus rudaí deasa tar éis na gcluichí!

An oíche seo, beidh Seó Tallainne ar siúil i gConradh na Gaeilge. Beidh daoine ó na coláistí difriúla ann chun tallainne na campais ar fad a thaispeáint! Bígí cinnte bheith ann chun tacaíocht a thabhairt don choláiste!

9u Márta – GaelGáirí insan Conradh!

Beidh na daoine is greannmhara Gaeilge ann ó 8in. Tá costas €5 ar an doras, agus beidh daoine ar nós Martin Angolo, Bláithín de Búrca agus Ger Staunton ann! Tar éis é seo, beidh oíche amach mór ag an dream in DCU chun deireadh a chur le Seachtain na Gaeilge 2017!

Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge snas a chur ar do chuid Ghaeilge agus buaileadh le daoine a bhfuil suim acu sa teanga chomh maith, cé nach bhfuil líofacht i gcónaí i gceist. Tugann sí seans duit éalú ón timthriall laethúil, deis éalú ó na leabhair agus is féidir aithne a chur ar dhaoine nua chomh maith le páirt a ghlacadh sna himeachtaí iontacha ar fad a bheidh ar siúl idir na campais ar fad.

Leanfaidh na himeachtaí agus na ócáidí ar aghaidh go dtí an 17ú Márta – Lá Fhéile Naomh Pádraig! Ná déanaigí dearmad go bhfuil an méid sin cearta agat an teanga an t-am ar fad, ní amháin Seachtain na Gaeilge ! Ár dTeanga, Do Rogha!

Cáit Ní Cheallacháin
Íomhá: blog.southeastireland.com