Príomhchathracha: A n-Athruithe agus a Stair

Cal Ó Donnabhain

Is macasamhail tábhacht chathrach agus an chúis a cheaptar ina príomhchathair í, sa tslí a bhfuil réimse leathan d’fhachtóirí a dhéanann an chathair níos oiriúnaí mar chathair lárnach agus mar phointe nódach de chúrsaí i dtír.

Thar na céadta, ceapadh agus athraíodh príomhchathracha cuid tíortha toisc thionchar na polaitíochta, toisc thionchar cogaidh agus toisc iarrachtaí rialtas déileáil le fadhb an ródhaonra. Ón India chun na Stáit Aontaithe, Ceanada chun na Brasaíle, athraíodh na príomhchathracha agus is ábhar spéisiúil é cúis a n-athruithe agus conas mar a bhí éifeacht acu ar an sochaí ina gcónaímid faoi láthair.

Is féidir go roghnaítear cathair le bheith ina príomhchathair d’aon gnó, ach is féidir go raibh forbairt na cathrach chomh tapa agus chomh héifeachtúil sin i gcomparáid leis na cathracha eile sa tír gur tharla sé gur lonnaigh tromlach an daonra inti, cúrsaí riaracháin agus codanna tábhachtacha de bhonneagar na tíre ag lonnú inti chomh maith agus nár fágadh an rialtas leis an gcinneadh ach an chathair a cheapadh ina príomhchathair oifigiúil ar an tír.

Is féidir Baile Átha Cliath a thógáil mar shampla de seo, toisc a shuíomh ar bhéal abhann na Life, é foirfe do thrádálaithe agus iad ag seoltóireacht, chomh maith le cosaint do mhuintir na cathrach agus iad bunaithe ar na bruacha.

Toisc an margaíocht a bhí ar bhun ann agus toisc go raibh bonneagar ann ó theacht na Lochlannach agus na Normannach, phléasc daonra Bhaile Átha Cliath agus níor thóg sé an iomarca ama air a bheith ceaptha ina phríomhchathair, Teach Laighin agus an Dáil bunaithe ann agus rogha d’fhoirgnimh agus cumainn eile socraithe ann.

Le déanaí, go háirithe le teacht an fhichiú haois, tháinig fás ar líon na gcathracha nua-fhorbartha chun go ndéileáiltear le fadhb an ródhaonra agus chun go bhforbrófar ceantair nach raibh fás ag teacht orthu.

I 1961, mar shampla, athraíodh príomhchathair na Brasaíle ó Rio de Janeiro go Brasília chun go mbeadh suíomh lárnach aige. Toisc go raibh Rio suite in oirdheisceart na tíre, mheas pleanálaithe go mbeadh sé níos oiriúnaí go mbeadh suíomh níos neodraí lárnach ag an bpríomhchathair fheidearálach. Inniu, meastar go bhfuil beagnach trí mhilliún duine ina gcónaí in Brasília agus í mar an ceathrú cathair is mó sa tír.

Cosúil lenár dtír féin, d’fhás Lagos go nádúrtha toisc a shuíomh ar mhurascaill Guinea, í mar chuid den Aigéan Atlantach.  Bhíodh tromlach de thrádáil na tíre bunaithe anseo agus le sin, cosúil le Baile Átha Cliath, tháinig daoine ina milliúin dá bharr. I 1991, athraíodh príomhchathair na tíre ó Lagos go Abuja, cathair phleanáilte a bhí bunaithe i lár na tíre nach raibh tógtha nach mór go dtí na hochtóidí.

Is de bharr an ródhaonra arís a athraíodh an phríomhchathair, leis an iar-phríomhchathair ag fás ‘s ag fás gan stad gan sos. Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le dáileadh cothrom áiseanna agus comhlachtaí a scaipeadh amach le scéimeanna agus an phleanáil cuí a chur ann.

Píosa comhairle a bhí ag mo mhúinteoir Ghaeilge sa mheánscoil domsa agus do mo rang ná gan seal a chaitheamh i dtír atá díreach tar éis a phríomhchathair a athrú. Is as taithí a dheartháir féin a thagann sé seo, toisc tréimhse caite aige sa Chasacstáin ag críoch na nóchaidí agus é ag obair mar phéintéir, nó sin a deir a dheartháir ar aon nós. I 1997 roghnaíodh Astana mar phríomhchathair nua na tíre, athruithe ó Almaty toisc go raibh bac ar fhorbairt na cathrach agus gan spás di fás.

Is sa chathair nua seo a fuadaíodh deartháir mo mhúinteora agus cara leis, na póilíní éillitheach á gcoimeád ar son airgid toisc athlonnú an rialtais agus neamhaird an rialtais céanna i leith a ngníomhaíochtaí. Léiríonn sé seo chomh maith na haimhréidheanna bainteach le hathrú chomh mór.

Ní bhíonn in aon rud ach seal, a deirtear. Níl sé deimhnithe go mbeadh príomhchathair ar bith ina príomhchathair go buan agus braitheann sé go hiomlán ar chúrsaí reatha na tíre. Is féidir athrú a bheith ina ráiteas cumhachta le faicsean amháin ag maíomh faoina chumhacht chomh maith i dteannta réimse leathan de chúiseanna eile.

Ní aon rúin é go dtugann príomhchathracha eolas dúinn i leith stair áite agus tugann eolas ó thaobh tábhacht chathair dúinn san am atá thart agus san am ina bhfuilimid.

Cal Ó Donnabhain