Trump Fós ar an bPáipéar Ballóide

Tá sé díreach fógartha ag an bhfear gnó Peter Thiel go bhfuil sé ag tabhairt $1.25 milliún d’fheachtas uachtaránachta Trump agus ní hé an t-aon tacadóir amháin atá fós taobh thiar den fhear gnó. Is cinnte go bhfuil Trump fós san iomaíocht don Oifig Uachtaránachta. B’fhéidir go bhfuil a céile comhraic, Hillary Clinton, den tuairim nach bhfuil an taithí ná an meon ag Trump le bheith ina Uachtarán. Ach is léir nach bhfuil gach duine ar aon intinn léi. Tá an comhaireamh síos don 8ú Samhain faoi lán seoil agus an domhain uilig ag coimeád súil ghéar ar an méid atá ag tarlú ann.

Tá an feachtas uachtaránachta seo difriúil ó aon fheachtas roimhe i go leor bealaí. Tóg an tseachtain atá díreach imithe uainn mar shampla den chineál ócáide neamhghnách atá bainteach lena iarrachtaí suíochán an uachtaráin a aimsiú.

Ag tús na seachtaine tháinig físeán amach de Trump i 2005 agus eisean ag caint i leith crúbáile a dhéanamh ar mhná áirithe, rud a chur déistin ar neart daoine. Ceaptar go mbeadh físeán den chineál sin in ann droch-chlú a tharraingt ar aon duine agus a feachtas a dhíothú. Ach ní i gcás Trump. Ba chuma leis cad a bhí á rá aige san físeán gnéasaíoch seo. B’fhéidir go raibh Céad-Bhean na Stáit Aontaithe trína chéile faoi ach chas Trump an scéal bunoscionn ag rá go raibh sé ina íospartach. Dar leis tá feachtas polaitiúil bunaithe chun é a scriosadh. Anois is eisean atá ag ceistiú Clinton, ag moladh tástáil drugaí roimh an chéad díospóireacht eile.

Rud eile atá éagsúil go leor faoin bhfeachtas toghchánaíochta seo ná an stór focal ionsaithe a bhíonn le cloisteáil sna díospóireachtaí idir an beirt iarrthóirí. Ní minic a chloistear focail ar nós ‘Biogóid’ nó ‘Claonta” sa chás sin. Is cosúil go bhfuil an-bhéim curtha ar thréithe pearsanta agus saol príobháideach an iarrthóra seachas a cuid polasaithe. Níl mórán ó thaobh eitic ghairmiúil le feiceáil ann.

Cé go bhfuil an-suim múscailte i measc muintir an domhain sa toghchán seo, níl tuiscint ag an gcuid is mó de ghnáthdhaoine eachtrannach ar chóras pholaitiúil casta na Stáit Aontaithe.

Tá beirt iarrthóir san iomaíocht don Uachtarán, ceann amháin ón Pháirtí Poblachtánach, sin é Trump, agus ceann eile ón Pháirtí Daonlathach, is í Hillary Clinton. Gach ceithre bliana bíonn feachtas uachtaránachta ann. Ó 1950 bhí seacht dtréimhse le duine de na Daonlathaigh i gceannas agus naoi dtréimhse le poblachtach san oifig.

Roghnaítear an t-Uachtarán agus Leas-Uachtarán nua le córas darb ainm ‘Electoral College’. Tá méid áirithe ‘toghthóirí’ ag gach stáit ag brath ar an daonra. Mar shampla tá 39milliún duine i California, mar sin tá 55 toghthóir ar fáil ann. I gcomparáid, níl ach 10% den daonra sin i Connecticut le 7 dtoghthóir acu. Is é an chéad duine a fhaigheann 270 vóta a bhfuil tofa ina Uachtarán.

Tá cúpla stát idir eatarthu. Níl siad tógtha le taobh amháin thar an taobh eile. Mar sin díríonn na hiarrthóirí a gcuid feachtas ar na stáit sin mar de ghnáth braitheann toradh an toghcháin ar vótaí na stáit seo. Ó 1964 is é an duine a bhuaigh Ohio an duine a bhí tofa.

Faoi láthair taispeánann na pobalbhreitheanna is déanaí nach bhfuil mórán idir an dá. Tá cúpla phointe sa bhreis ag Clinton. Ach le 3 seachtain fágtha, ní féidir le haon duine bheith cinnte cad a tharlóidh.

Feictear arís agus arís eile gur cainteoir neamhbhalbh ar neart gné den tsochaí atá i Trump. Is iomaí dream de mhuintir na tíre atá gortaithe de bharr a chuid tuairimí gránna, idir Moslamaigh agus mná. Is leor cuardach Google ar a ainm a dhéanamh chun blas den droch-phoblaíocht atá déanta air a fheiceáil. Ach tá gach seans go mbeidh sé tofa ar deireadh agus é a bheith mar Uachtarán ar cheann de na tíortha is cumhachta ar domhain. Dar le Mary Lou Quinlan in alt a scríobh sí don Irish Times, Is í Clinton an duine is cáilithe don phost riamh. Mar sin, is é an cheist ar bharr teanga na n-eachtrannach ná cén fáth Trump?

Tá neart Meiriceánaigh den tuairim go bhfuil a tír ina phraiseach, go bhfuil athrú mór agus atógáil uathu agus gurb é Trump an t-iarrthóir is fearr chun an athchóiriú sin a thabhairt dóibh.

Is cuma lena chuid tacadóirí go bhfuil an Pápa den tuairim nach duine Críostaí é. Is iomaí duine atá meallta ag a chuid tuairimí faoin inimirce agus slándáil náisiúnta. Creideann méid mór duine, laistiar den bhréag a bhíonn á insint aige agus na ráitis neamhbhalbha, go bhfuil Uachtarán iontach i Trump.

‘Make America Great Again’, sin atá geallta ag Trump. An bhfuil sé ag insint na fíreanna nó an bréag eile sa liosta fada bréag é? Má tá sé tofa mar Uachtarán na Stáit Aontaithe an mhí seo chugainn beidh seans againn an freagra a fháil.

Ali Spillane

Creidmheas: Greg Richter

1 Comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.