Ag a leath i ndiaidh sé san iarnón 15ú Márta chuaigh mé i dteagmháil leis an scríbhneoir gairmiúil Fionlannach Panu Höglund agus thógamar faoi hagallamh eagraithe againn.
Thosaigh mé an comhrá agus mise á cheistiú i leith a áite dhúchas agus a chúlra. Ar dtús, dúradh liom nach bhfuil braon fola Éireannach ag sreabhadh trí Phanu, toisc go bhfuil gairm aige sa scríbhneoireacht trí mhéan na Gaeilge.
Scríobhann se chugam “Mé féin rinne mé staidéar ar an bPolainnis agus ar an Rúisis sula bhfuair mé greim ceart ar an nGaeilge. Le fírinne theastaigh uaim dul leis an léann Slavach sular chuir mé spéis cheart sa Ghaeilge.” Leis an nGaeilge, tá an Rúisis, an tSualainnis, an Béarla agus an Fhionlainnis ag Panu Höglund, ach níl leabhar scríofa aige ach amháin trí mheán na Gaeilge.
Mar bhuachaill óig is léir go raibh suim ar leith aige ó thaobh na cultúr eachtranacha de agus ba chlár faisnéise a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim, clár a chur eolas i leith na teanga in iúl dó agus a spreag grá di ann.
I ndiaidh don ghrá muscailt ann, thug sé faoin nGaeilge a fhoghlaim. Ar dtús ba le cuideamh leabhair a d’fhoghlaim sé í, leabhar ar a dtugtar “Learning Irish” le Mícheál Ó Siadhail. Sheoil cairde leis as Éireann leabhair scríofa i dteanga na Gaeltachta chuige, teidil cosúil le ‘Peig’ agus ‘Rotha Mór an tSaoil’, agus is as iadsan a fuair sé blas don Ghaeilge agus tuiscint ar na canúintí difriúla aige anois. Chuir sé críoch lena fhreagra ag rá, “D’ordaigh mé leabhair ó dhíoltóirí leabhar in Éirinn agus bí cinnte gur éirigh siad saibhir ag díol leabhar Gaeilge liom”, é ag cur a acmhainn grinn in iúl.
Ag cur ceiste air conas mar a chuir sé snas ar a chuid Gaeilge, dúirt sé liom, “fuair mé scoláireacht acadúil sa bhliain 1998 agus chaith mé bliain ag staidéar i nGaillimh”.
Le déanaí feictear go bhfuil stadas na Gaeilge ceistithe anseo in Éirinn agus is dócha go mbeadh meon na n-eachtrannach ina leith spéisiúil toisc nach mbeadh claon ann. Cheistigh mé a smaointe i leith todhchaí na Gaeilge agus an bhfuil sí ar shlí na fírinne nó an bhfuil forbairt ag teacht uirthi. D’fheagair sé le sliocht fada mé.
“Bhuel tá sí beo breabhsánta i gcónaí agus tá sí doiciméadaithe go hiomlán. Is é sin, dá bhfaigheadh an cainteoir deireanach dúchais bás, bheadh an litríocht iomlán againn chomh maith leis an mbéaloideas. Agus bheadh strainséirí craiceáilte cosúil liom féin ag foghlaim na teanga, marbh is uile mar a bheadh sí. Pé scéal é cuirfidh mise cath ar son na teanga agus le cúnamh Dé éireoidh liom súil tuilleadh daoine a tharraingt uirthi.
Tá leabhair nua á scríobh nó á n-aistriú agam, agus tiocfaidh siad faoi chlúdach fós. Is féidir go n-imeodh an Ghaeilge, is féidir go n-imeodh an cine daonna féin, is féidir go dtiocfadh cogadh adamhach nó rud eile a chuirfidh de dhroim an domhain sinn. Ach fad is atá sracadh éigin fágtha sa teanga beidh mise ag déanamh mo dhichill le hí a shábháil agus le daoine eile a spreagadh chun na hoibre céanna.”
Nuair a d’fhiafaigh mé de cad chuige a bhfuil grá chomh mór aige don Ghaeilge agus a tábhacht ina shaol, chuir sé in iúl nach gcreideann sé go mbeadh bean chéile aige mura raibh an Ghaeilge, “ba dhual di grá a thabhairt domsa, ó ba mise an fear a bhí eolach ar Éireann”. Is cosúil go bhfuil ár dteanga níos tábhachtaí ná mar a shíleamar tráth, ón méid atá le rá ag Panu.
Ag cur crích lenár agallamh shíl mé go mbeadh ní le rá ag Panu i dtaca le téarmaíocht seanfhaiseanta na Gaeilge agus greim an Eaglais Chaitlicigh, toisc go bhfuil cónaí air i dtír shaolta, nach mór. Deir sé liom nach bhfuil, dar leis, go dtugann sé pearsanta di. Deir sé nach bhfuil ort a chloisteáil “ach cúpla téarma le rudaí cosúil leis na dúphoill, na neodrónréaltaí nó na cuasáir a phlé as Gaeilge”.
Chríochnaigh sé a fhreagra a chinntigh nach teanga seanfhaiseanta í an Ghaeilge. “Ní mhothaím in aon chor. Tá mé féin tar éis scéalta craicinn a scríobh agus a fhoilsiú as Gaeilge agus ba chuma leis an Eaglais faoi. ” Foirfe.
*Gabhaim mo mhíle buíochas le Panu as ucht a gcuideachta agus Brent Ó Casaide, cé nach raibh mé ábalta a agallamh a fhoilsiú sa leagan seo.
Cal Ó Donnabháin
Leave a Reply