Bábhta amháin fágtha i tSraith Náisíunta Iomanaíochta

Níl ach babhta amháin fós le imirt sa tSraith Náisiúnta Iománaíochta, ach go leor idir dhá cheann na meá.

Bhí feachtas thar a bheith díomách ag na gCorcaíoch agus cé go bhfuil orthu imirt in aghaidh Tiobraid Árainn an tseachtain seo chugainn, beidh orthu imirt i gcluiche íslithe, gan beann ar an toradh atá i Staid Semple.

Thug siad taispeántas i bhfad níos fearr in aghaidh Cill Chainnigh i bPáirc Uí Rinn ag an deireadh seachtaine, agus iad chun cinn le linn an chluiche. Ach chaill siad mar thoradh ar cúil T.J. Reid agus Colin Fennelly agus cúilín ó John Power agus an t-am beagnach thart.

Chríochnaigh an cluiche idir an Gaillimh agus Tiobraid Árainn ar chomhscór. Ba chosúil go raibh an bua ag muintir an Iarthair nuair a d’éirigh le Joe Canning cúilín a fháil ó phoc sleasa, ach bhí John ‘Bubbles O’Dwyer in ann comhscór a sciobadh ag an deireadh.

Beidh ceann amháin den dá foireann iománaíochta seo i gcomhlint géar leis na gCorcaíoch chun stádas 1A a choimeád, ag brath ar a dtorthaí an tseachtain seo chugainn.

Cé gur fheabhsaigh na Ceannaircigh go mór ag an deireadh seachtaine, tá tasc mór é an ceann is fearr as a chéile a fháil in aghaidh ceachtar den dá foireann seo.

Tá feabhas ar leith tághta ar na fir ón gcaipiteal agus d’éirigh leo rud an-dheachair a dhéanamh ag an deireadh seachtaine – Bua a aimsiú in aghaidh Port Láirge i bPáirc Bhreathnach.

Bhí sárthaispeántais ó Éamonn Dillon agus David Treacy, agus beidh siad ag tnúth go mór le cluiche ceathrú ceannais i gcúpla seachtain.

Gan amhras ar bith, an cluiche is tábhachtaí atá fós le teacht ná an cluiche idir Luimneach agus An Clár, i Sraith 1B. Tá sé beagnach riachtanach go n-éiríonn leo beirt iad féin scaoileadh ón Sraith seo agus beidh an chreach go léir ag na buaiteoirí.

Is cosúil go bhfuil Luimneach i ndea-shláinte agus na ceithre cluiche buaite acu go cuimsitheach. Bhí imreoirí nua ag teastáil uathu i ndiaidh bliain díomach agus d’éirigh le T.J. Ryan imreoirí óga a chur chun cinn.

Tá Diarmuid Byrnes, Richie English, Darragh O’Donovan, Tom Morrissey agus Barry Nash, imreor a bhuaigh cluiche ceannais na hÉireann fé 21 anuraidh, ag imirt go rialta anois.

Chomh maith leis an mbua sin, d’éirigh le Coláiste Mhuire gan Smál a bhaint agus beidh Na Piarsaigh ag imirt i gCluiche Ceannais Iomána na gClub ar Lá Fhéile Pádraig. Is cúis dóchais don dtodhchaí é an rath seo.

Tá An Clár ag dul sa treo ceart freisin. Ba chompordach an feachtas go dtí an pointe seo agus beidh gliondar an domhain orthu Podge Collins a fheiscint le camán ina láimh in áit liathróid pheile.

Is ollmhór an cailleadh é Tony Kelly ach tá Bobby Duggan agus Aaron Cunningham ag cuidiú chun an bhuile sin a laghdú.

Bhí mórán cluichí spleodracha ag na Mumhanaigh seo le linn na nóchaidí agus tá an rud céanna ag tarlú arís sa déag seo. Tá an dá fhoireann inchurtha le chéile ach is cosúil go mbeidh lámh in uachtar ag Luimneach in aghaidh fir Davy Fitzgerald.

I measc na hocht foireann is láidre, níl foireann amháin gan locht agus is léir go mbeidh Craobh a lán níos corraitheacha i mbliana.

B’fhéidir gur é an rud is mí-shásúil le linn na sraithe ná taispeántais Laoise. Bhí roinnt dul chun cinn déanta acu faoi stiúir Cheddar Plunkett le cúpla bliain anuas, ach ní raibh siad san iomaíocht ar chor ar bith in aghaidh Luimneach ag an deireadh seachtaine. Tá an-traidisiúin acu agus is mór an trua é iad a fheiscint i bponc.

Paddy Lynch

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.