Féilte na Samhraidh – tá an comhaireamh síos tosaithe.

Le cúpla seachtain anuas foilsíodh an chéad sceideal don Phicnic Leictreach agus fógraíodh go raibh na ticéid go léir díolta don fhéile samhraidh bhliantúil. Má bhí an t-ádh ort ticéad a fháil, is dócha go bhfuil tú an-sásta leis an chéad sceideal. Tá meascán deas ann chun gach duine a shásamh, le Lana Del Ray, Chemical Brothers, Years & Years agus Gavin James i measc na hainmneacha is cáiliúla ann.

Anois, le tús curtha leis an gcomhaireamh síos don chéad deireadh seachtaine i mí Meán Fómhair, tá an t-ullmhúchán faoi lán seoil. Tá pubaill nó lóistín le heagrú, éadaí le pleanáil agus deoch le ceannach.
Mura bhfuil ticéad faighte agat don fhéile i gContae Laoise ná bí éadóchasach. Tá neart féilte eile ar siúl i mbliana. Tá an féile úrnua cheoil agus chultúr Gaelach- Ravelóid ar siúl idir an 10-12 de mhí an Mheithimh. Beidh Dolerentos, Seo Linn, The Riptide Movement agus Kíla ag seinm i gCaisleán Ard Giolláin BÁC le linn an deireadh seachtaine Níl ach €99 don ticéad deireadh seachtaine.

Chomh maith le sin tá féilte níos lú cosúil le Forbidden Fruit, Life Festival, Body & Soul, Sea Sessions agus Longitude ar siúl. Tá Longitude ar ais arís i mbliana i bPáirc Mharlaí. Tá an fhéile seo oiriúnach le haghaidh daoine nach dtaitníonn an champáil leo – ní féidir campáil ann agus mar sin, bíonn ar dhaoine lóistín áitiúil a fháil. Is féidir ticéad laethúil a cheannach chomh maith. Tá Kendrick Lamar, Major Lazer agus the National mar ceannlínte ann.

Tá Body and Soul i mBaile an Locha Contae an Iarmhí iontach ó thaobh na healaíona agus an chultúr de. Is deireadh seachtaine draíochtúil é i mí an Mheithimh chomh maith. Bíonn blas beag den Body and Soul le brath ag an bPicnic Leictreach chomh maith. Mura bhfuil an t-airgead agat ticéad a cheannach ná déan dearmad gur féidir leat obair dheonach a dhéanamh ann.

Is féile difriúl é Sea Sessions os rud go bhfuil sé suite ar an trá i mBun Dobhráin. Tá Tinie Tempah agus Primal Scream i measc na mórainmneacha atá ag seinm ann i mbliana. Is ar an bPáirc CLG atá an t-ionad campála oifigiúil. Má tá tú i do bhall de banna ceoil atá ag iarraidh a bheith cáiliúil, is iad na Unsigned Sesions ar an Satharn agus an Domhnach an deis is fearr an aidhm sin a bhaint amach!

Tá comóradh 10 mbliana á cheiliúradh ag Castlepalooza i gCaisleáin Baile Fearainn an samhradh seo. Beidh Caribou, Villagers, Jurassic 5 agus Cat Power i dTulach Mhór idir an 1ú agus an 3ú lá Iúil. Bíonn atmaisféar réchúiseach deas le brath timpeall na háite le linn na féile. Tá sé mar ceann de na suíomhanna fhéile is áille in Éirinn.
Beidh Bell X1, The Kooks, The Strypes agus Hudson Taylor ag seinm ag Indiependence i gCorcaigh. Tá tús curtha le feachtas Festi Huts i mbliana – nó ‘glamping’, mar a deirtear. Beidh cith agus leithreas ann agus gan an bhrú sin ort puball a cur in airde chomh maith.

Uaireanta, bíonn costais ollmhór ag baint le féilte ceoil. Chun é a dhéanamh níos éasca ar do phóca, bí cinnte go dtosaíonn tú ag pleanáil go luath. Bíonn pubaill agus cathaoireacha ar díol ar phraghasanna ísle i Lidl nó Aldi ó am go ham. Má tá tú ag dul thar lear nó fiú cara atá ag dul déan cinnte go gceannaíonn tú do chuid deoch san aerfort nó thar sáile, áiteanna ina bhfuil sé i bhfad níos saoire. Agus cuir do chuid airgéad i dtaisce le linn an tsamhraidh chun é a dhéanamh níos éasca nuair a thagann an t-am!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.