Mo thaithí ar Erasmus

Ní raibh sé i gconaí ar intinn agam an bhliain ‘Erasmus’ a dhéanamh. Bhí a fhios agam go mbeadh sé úsáideach domsa, ach theastaigh uaim mo chéim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis a dhéanamh chomh tapa agus a dtiocfadh liom. Shíl mé go mbeadh sé i bhfad ró-deacair bliain iomlán a chaitheamh i dtír iasachta i m’aonar gan mo theaghlach agus mo chairde. Ní raibh aon fhonn orm iad a fhágáil. Nuair a tháinig an tseachtain dheireanach chun mo chinneadh a dhéanamh áfach, chuir mo Dhad brú ollmhór orm an ‘Erasmus’ a dhéanamh agus d’aontaigh mé leis faoi dheireadh.

Gan dabht ní raibh mé réidh do gach rud romhaim nuair a shroic mé m’ollscoil nua i Perpignan i ndeisceart na Fraince. Thóg sé roinnt mhaith ama dul i dtaithí le mo shaol nua. Ar dtús bhí orm trial a bhaint as a lán ranganna difriúla roimh a d’fhéadfainn mo ranganna a roghnú don bhliain. Dá bhrí sin bhí mé ag déanamh thart ar tríocha uair de ranganna don chéad dhá sheachtain ar an ollscoil. Bhí mé tuirseach traochta an t-am ar fad. Bhí orm foirmeacha tar éis foirmeacha eile a líonadh, rud a chur strus mór orm!

Má tá tú sa chéad nó sa dara bhliain anois agus é i gceist agat dul thar lear go dtí na Fraince, is maith an rud é a thuiscint go bhfuil an córas oideachais sa Fhrainc i bhfad níos deacra ná atá in Éirinn. Is é daichead faoin gcéad an pasmharc in Éirinn. Bhí fíor-ionadh orm nuair a dúirt na leachtóirí linn gur caoga faoin gcéad an pasmharc i ngach scrúdú. Ina theannta sin, má tá tú as láthair i gcomhair trí rang nó níos mó, níl cead agat na scrúdaithe stáit a dhéanamh ag am Nollag nó sa samhradh . Tá an riail seo an-dian ar fad.

Tosnaíonn na ranganna ag a hocht a chlog ar maidin sa Fhrainc. Mar sin, má tá tú ar nós seilide (cosúil liomsa) ag éirí sa go moch ar maidin, beidh go leor aláram socraithe agat. Uaireanta críochaníonn na ranganna ag a hocht a chlog tráthnóna. É sin ráite, téann tú i dtaithí leis an gcóras diaidh ar ndiaidh.

An rud is fearr faoin bhFrainc ná an aimsir ar dóigh. Cé go bhfuil mí na Nollag ann anois i Perpignan, ní théann sé faoi bhun 20 céim . Bím fós ábalta dul chuig mo ranganna i t-léine agus brístí gearra. Buntáiste eile faoi shaol na Fraince ná an iompar poiblí mar go bhfuil sé iontach saor. Ní chosnaíonn sé ach euro chun dul go dtí an príomhchathair i Montpellier.

Má tá tú san ollmhargadh nó in ionad siopadóireachta, ná bí aon ionadh ort má iarrann garda slándála ort do mhála a chuardach. Lá amháin nuair a bhí mé ag fágáil an ollmhargadh chonaic mé beirt ghardaí slándála ag rith i ndiaidh orm. Ba bheag nár bhuail taom croí mé. Ní raibh cliú dá laghad agam cad a bhí ag tarlú – iarradh orm gach rud a chur as mo mhála. Nuair a bhí siad lán-chinnte nár ghoid mé aon rud, bhí mé in ann dul. Bhí mo chara ina seasamh in aice liom sna tríthí ag gáire, ach bhí m’aghaidh chomh bán le púca!

Is fíor go dtaitníonn rólaí aráin leis na Francaigh. Ní rud neamhgnách é Francach a fheiceáil san ollmhargadh le deich ‘baguettes’ móra nó níos mó ina dtrálaí siopadóireachta. Bíonn iliomad uathdhíoltóirí a dhíolann ‘baguettes’ timpeall an campas. Dá bhrí sin, ná bí buartha muna bhfuil an t-am agat dul chuig an mbialann idir do ranganna.

Sa Fhrainc ar an Domhnach déanann daoine faic! Ní féidir leat aon rud a dhéanamh mar go bhfuil na siopaí,pictiúrlanna agus an chuid is mó de na bialanna dúnta. An Satharn a bhí ann nuair a shroich mé m’ollscoil nua i Perpignan. Rinne mé dearmad bia a cheannach don lá dár gcionn. Mar thoradh, níor ith mé mórán ar an Domhnach. Ar an dea-uair bhain mé úsáid as na uathdhíoltóirí ar an gcampus a dhíol ‘baguettes’ – bhí sé níos fearr ná tada ar a laghad.

Má tá sé ar intinn agat dul thar lear ar Erasmus, an molladh atá agam duitse ná bí cinnte go bhfuil tú in ann roinnt cócaireachta a dhéanamh duit féin. Nuair a bhí mé sa chéad agus sa dara bhliain, bhí dinnéar breá blasta réidh dom i gcónaí nuair a théinn abhaile gach deireadh seachtaine. Ach ní bheidh rudaí chomh simplí sin go deo. Réadaigh mé tar éis mo chéad seachtain sa Fhrainc nach mbeadh mé ábálta tósta le nutella agus calóga ábhair le bainne a ithe don bhliain ar fad! Mar sin, bí réidh muna bhfuil scilenna cócaireachta ró-mhaith agat.

Tá sé fíor-deacair a chreidiúint go bhfuil an chéad seimeastar beagnach thart. Níl ach dhá sheachtain fágtha anois go dtí scrúdaithe na Nollag. Tá mé thar a bheith sásta anois gur roghnaigh mé an bhliain a dhéanamh. Caithfidh mé buíochas a ghábháil le mo Dhad as an gcinneadh seo. Táim ag tnúth go mór leis an dara sheimeastar cheana.

Muiríosa O’Sullivan

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.