Lá lán-Ghaeilge den scoth ar son Gaeilge24

Áine Monk

Ar an 10 Deireadh Fómhair chuir Cumann Gaelach DCU roinnt imeachtaí ar son an dushlán Gaeilge24

ar siúl ar fud an gcampas.

Ba lá ar son na Gaeilge é agus daoine ag déanamh sár-iarracht Gaeilge amháin á labhairt ar feadh 24 uair ar fad.

Bhí roinnt imeachtaí eagraithe chun aidhm an lae a chur chun cinn, deir cathaoirleach Cumann

Gaelach DCU, Caoimhe Ní Chathail:

“Seo an chéad bhliain dúinn páirt a ghlacadh i nGaeilge 24 agus tá muid ag baint an-sult as.” arsa Ní Chathail, a bhfuil ina mic léinn Gaeilge agus Iriseoireacht. “Deis í an Ghaeilge a scaipeadh ar an champas agus muid ag bogadh i dtreo campas dá-theangach.”

Spreagaíodh Gaeilge a labhairt i rith an lae, go háirithe ag na himeachtaí eagraithe ag coiste

an chumainn. Tugadh deis do mhic léinn freastal ar bhricfeásta trí-Ghaeilge i rith na

maidine, triail a bhaint as graifití na Gaeilge agus rince ag an gcéilí tar éis léachtaí in éineacht le Music Soc.

Chuir Conradh na Gaeilge an imeacht náisúnta ar siúl don cheathrú bhliain i mbliana agus iad ag

bailiú airgid ar son na cúise. Creidtear gur ghlac thar 400,000 daltaí scoile páirt sa dhúshlán i

mbliana i meáinscoileanna agus bunscoileanna chomh maith leis na hollscoileanna!

Tá líon na ndaoine a ghlacann páirt sa dúshlán ag fás le blianta beaga anuas agus
líon na ndaoine atá ag labhairt an Ghaeilge mar an gcéanna.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.