Teanga agus cultúr á ceiliúradh ag Oireachtas na Samhna

Oireachtas na Samhna 2015

Ar an 30 Deireadh Fómhair, chuamar ar an mbus go dtí Cluain Dolcáin le haghaidh Oireachtas na Samhna 2015. Bhí an tOireachtas féin ar siúl in Óstán Citywest agus bhíomar ag fanacht i halla na ngasóg ar Lána an Uisce, Cluain Dolcáin. Bhí grúpa mór ó Ollscoil Chaithair Bhaile Átha Cliath ann, le fiche seacht ag fanacht sa halla ach d’fhreastal thar tríocha mac léinn ón ollscoil ar an imeacht bliantiúil.

Bhí Oíche na Mac Léinn ar siúl ar an gcéad oíche agus bhí gach duine gléasta suas. Ba é an téama a bhí againne i mbliana ná ‘fir grinn.’ Rinne Éadaoin agus Caoimhe an phéint aghaidhe orainn agus fuaireamar bus chuig Citywest. Bhíomar go léir i seomra amháin san óstán agus bhí an áit plódaithe le daoine ó ollscoileanna difriúla na tíre.

Bhí ceolchoirm bheag ar siúl le bannaí ar nós An Crannóg ag seinm agus ag canadh don oíche ar fad. Ach ag thart ar a dó dhéag, tháinig Seo Linn amach ar an stáitse, agus b’iad an banna a bhí gach duine san áit ag súil leis don oíche ar fad. Chan siad na hamhráin cháiliúla atá ar eolas ag gach duine ar nós ‘Bí i d’thost ‘s damhsa liom.’ agus bhí oíche den scoth ag gach duine le chéile. Go pearsanta, bhí an oíche amuigh is fearr agam riamh toisc go bhfaca mé na cairde go léir a bhí déanta agam thar na blianta sa Ghaeltacht agus bhí sé go hiontach ar fad iad a fheiceáil arís.

Ar an Satharn, chaitheamar an lá ar fad san óstán ag dul timpeall na háite chuig na rudaí difriúla a bhí ar siúl. Bhí seastáin ann sa halla le go leor comhlachtaí ar nós Fiontar, Nos.ie, An Fíbín agus níos mó. Níos déanaí sa lá, bhí na comórtais le haghaidh damhsa sean-nós do chuile aois ar siúl. Bhí daoine ó ocht mbliana d’aois go dtí daoine fásta ar an stáitse agus seó iontach a bhí curtha os ár gcomhair. B’fhir iad na buaiteoirí go léir ag deireadh an lae ach bhain gach duine taitneamh as an sárthaispeántas a bhí in san chomórtas. Bhí stáisiúin raidió cosúil le Raidió Na Life in éineacht le TG4 ag craoladh beo ó thaobh istigh den óstán don chuid is mó den lá, agus bhí craoltóir taistil le haghaidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh taobh amuigh den óstán chomh maith.

San oíche, chuamar ar ais go dtí an óstán le haghaidh an oíche dheireanach. Bhí Gaelgáirí ar siúl le fuirseoirí cosúil le Eoin Ó Murchú agus Andy Ó Faoláin ag insint scéalta grinn agus chuir siad seó iontach greannmhar ar siúl dúinn. Tar éis sin bhí níos mó ceol ar siúl le banna traidisiúnta ag seinm sa halla mór agus bhí oíche thar barr ag gach duine ag damhsa.

Is taithí iontach é an t-Oireachtas toisc gur féidir linn bualadh le daoine nua leis na suimeanna céanna atá againn agus ár dteanga dúchais a labhairt. Bhí an-chraic againn ag fanacht i málaí codlata don oíche mar ní dhéanann tú é sin an-mhinic i rith na bliana, go háirithe le cairde. Fiú sa halla sula ndeachaigh gach duine go dtí an óstán, bhíomar ag meascadh le daoine ó choláistí eile nuair a bhíomar ag fáil réidh agus is iontach an rud é gur féidir linn go léir fanacht i halla cosúil le sin agus an chraic a bheith againn.

Mar fhocail scoir, tá mé chun buíochas mór a ghabháil le Caoimhe Ní Chathail agus Éadaoin Nic Mhuiris ár gcathaoirleach agus ár leas-chathaoirleach, ó thaobh a gcuid scileanna eagraíochta de. Bhí deireadh seachtaine iontach ag chuile duine toisc go raibh gach rud eagraithe go foirfe acu agus tá an t-ádh orainn go bhfuil na cailíní seo i gceannas ar an gCumann Gaelach i mbliana. Molaim an t-Oireachtas go hard na spéire d’éinne le Gaeilge. Tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn cheanna féin!