Nuair a thosaíonn tú an ollscoil, tá go leor rudaí nua le feiceáil agus le déanamh agat. Bogann cuid mhór daoibh as bhaile agus faoi dheireadh, mothaíonn tú mar fíordhuine fásta. Níl do mháthair ann chun ordaithe a thabhairt duit nó tabhairt amach duit. Is tusa do shaoiste féin.
Rud amháin i mo thuairim gur ceart do chuile duine a dhéanamh ná dul chuig ‘Lá Clubs and Socs’ agus a bheith i do bhall den mhéid clubanna agus socaithe is féidir leat. Tá go leor buntáistí ag baint leo agus is fiú é an airgead a chaitheamh. Muna dhéanann tú é seo, tá seans go mbeidh tú ag suí sa leabharlann nó d’arasán leat féin le faic le déanamh seachas glaoch a chur ar do mhuintir – go réadúil, cé atá ag iarraidh an méid seo a dhéanamh?
Nuair a bhí mé sa chéad bhliain, d’íoc mé an ceithre euro chun a bheith i mo bhall den fhoireann camógaíochta agus ba é sin an cinneadh is fearr a rinne mé. Bhuail mé le go leor daoine nua agus fiú go raibh mé ag comaitéireacht gach lá, bhí cairde déanta agam ó thús na bliana.
Imrím spóirt sa bhaile agus mar sin, bhí níos mó traenáil agam mar bhí an fhoireann camógaíochta ag traenáil faoi dhó gach seachtain agus tar éis cúpla seachtaine, thosaigh na cluichí. Bhí an caighdeán ard go leor ach bhí seo go maith domsa mar bhí mé in ann feabhas a chur ar mo chuid scileanna.
Ag brath ar an bhfoireann a imríonn tú le, bíonn turais nó in áiteanna difriúla sa tír chun cluichí a imirt agus páirt a ghlacadh i gcomórtais difriúla. Mar shampla, I mí Feabhra 2014, mar gheall go bhfuaireamar áit sa leath-cheannais den Ashbourne Cup, bhí an deis againn dul chuig Béal Feirste agus ba dheireadh seachtaine iontach é. Chuamar ann ar an Aoine agus d’fhanamar in óstán, bhí an leath-cheannais in aghaidh WIT ar an Satharn agus fiú gur chailleamar, bhí oíche den scoth againn amach mar fhoireann le chéile. In éineacht le sin, fuaireamar éadaí spóirt nua álainn freisin.
Bíonn oícheanta amach tar éis cluichí i rith na bliana agus tá an craic ar an mbus go dtí an cluiche agus ar an mbealach abhaile thar bharr. Sin an t-am is fearr le haghaidh ‘team bonding’!
Tá sé tábhachtach spóirt a imirt in aon chor toisc go ndéanann sé maitheas don chorp. Cabhraíonn traenáil chun do scíth a ligint tar éis lá breá fada sna léachtanna agus glanann sé do cheann má tá drochspionn ort. In éineacht le sin, is ócáid shóisialta é mar fheiceann tú do chairde agus do chomhimreoirí.
Tá a fhios ag gach mac máthair go ndeireann na dochtúirí go ndéanann tú níos fearr i scrúdaithe más rud é go bhfuil réim chothrom bia againn agus i mo thuairim, tá an ráiteas seo fíor. Ní féidir linn ár bhfócas a choinneáil sna leabhair ar feadh uaireanta gan sos a bheith againn. Má thógaimid sos chun dul ag traenáil nó fiú le haghaidh siúlóid beag san oíche, cabhraíonn sé go mór sa chaoi seo. Tagaimid ar ais agus muid athnuaite agus réidh le haghaidh uair nó dhó eile staidéar, mar.. cé atá ag iarraidh teacht ar ais chun na scrúdaithe uafásacha seo a dhéanamh arís? Tá uair amháin dona go leor!
Mar sin, molaim daoibh chun a bheith i bhur mball de go leor leor foirne spóirt agus clubanna. Ní bheidh aiféala ort!
Ciara Ní Chába
Leave a Reply