Gafa le Siopadóireacht ar Líne

Caithim an iomarca ama ar líne, níos mó ná aon rud eile i mo shaol. Nach mór an trua é nach bhfuil níos mó le dhéanamh agam ná a bheith ag breathnú ar fhíseáin ar YouTube nó ag caitheamh mo chuid ama ar Facebook!

Níos minice ná a mhalairt, bím ag breathnú ar na suíomhanna siopadóireachta. Déanaim saghas anailís orthu agus mé ag iarraidh an praghas is ísle a fháil astu.

Bíonn sé níos éasca an rud ceart a fháil ar líne mar nach mbíonn an mhéid cheart ar fáil sna siopaí sa cheantar an t-am ar fad.

Sin an fáth go gcaithim an chuid is mó de mʼairgid ar shuíomhanna idirlínte in ionad sa bhaile mór. Is rud an-dainséarach domsa é mo charta creidmheasa mar gheall nach mbíonn orm ach an uimhir a chur isteach sa bhosca chun táirgí a cheannach.

Tá sé ró-éasca am a chailleadh agus tú i do shuí ar an tolg agus do ríomhaire oscailte ar an mbord nó ar do ghlúine. Bhuel, i mo thaithí féin, ní féidir liom mʼaird a dhíriú ar aon rud seachas YouTube nó ar shuíomh siopadóireachta nuair a bhím ag lorg éadaí nua.

Ceannaím chuile rud ar líne, ní amháin éadaí. Bím ag lorg smideadh nua ar líne. Tugaim faoi deara go mbíonn níos mó roghanna ar líne. Tá a fhios ag mo chairde go mbím ag labhairt faoi na rudaí is saoire atá ceannaithe agam ar líne go minic agus iad ag iarraidh na rudaí céanna a cheannach chomh luath agus is féidir!

Ar bhreatnaigh tú ar shuíomh River Island le déanaí?! Tá díolachán ar siúl muna bhfuil sé feicthe agat! Bʼfhearr liomsa a bheith i mo shuí i mo sheomra féin agus mé ag dul tríd na táirgí go sciopadh ná a bheith ag troid le daoine eile sna siopaí chun an mhéid cheart a fháil sna díolacháin.

Is aoibheann liom rudaí a fháil sa phost. Tá sé cosúil le bronntanas a fháil ó do chara (ach cheannaigh tú féin é!) Bím ag tnúth go mór leis an rud a fháil ó mo bhosca phoist in Campus Residences agus rithim ar nós na gaoithe (nílim ag pléidhcíocht, seans gur fhaca tú mé..)

Tá sé chomh úsáideach suíomhanna cosúil le Aldi.ie agus Tesco.ie a úsáid chun eolas a fháil faoin ʻSuper 6ʼ nó rudai a bhíonn le cheannach ar phraghas níos ísle ná a bhí riamh cheanna. Tá bealach chun do liosta siopadóireachta a chruthú ar shuíomh Tesco agus is féidir leatsa claoí le do bhuiséad má chéannaíonn tú do chuid bia ar líne.

Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an siopadóireacht ar líne.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.