Le Luan na Cásca 2015 imithe uainn, tá cuid mhór daoine anois iomlán dírithe ar an chéad Luan Casca eile a mbeas á chéiliúradh sa tír seo.
Luan na Cásca 2016. 100 bliain ó Éirí Amach 1916. 100 bliain ó cuireadh tús le gluaiseacht na saoirse a bhí mar chúis leis an Phoblacht ina bhfuil muid anois inár gcónaí.
Rinne muid ar fad staidéar ar Éirí Amach na Cásca agus muid ag freastal ar an scoil agus cuireadh béim mhór i gcónaí ar an tábhacht stairiúil ar leith a bhain leis agus leis an mhóiminteam a d’eascair uaidh.
Tá aithne ag gach mac máthair ar a leithéid de Phádraig Mac Phiarais agus ní thiocfadh an oiread tionchar agus spreagadh a bhí ag an dream sin ar thodhchaí na tíre a shéanadh.
Tá 100 bliain beagnach imithe anois ó léigh Mac Phiarais Forógra na Saoirse amach lasmuigh de Ard-Oifig an Phoist, ag léiriú mian muintir na hÉireann a bheith saor ó dhian-chumhacht na mBreatannach.
Leis an chomóradh ag tarraingt orainn go scioptha, bhí sé in am don rialtas clár an chéiliúrtha ‘Éire 2016’ a fhoilsiú.
San iomlán, tá 40 mór-imeacht fograithe acu don bhliain seo chugainn. Ceann de na himeachtaí ba shuntasaí ná fáiltiú stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath do dhaoine muinteartha iad siúd a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, imeacht atá chun fáilte a chur roimh suas le 5000 duine. Beidh a leithéid de mhórshiúl ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath go Cearnóg Parnell ar Dhomhnach na Cásca agus imeacht mór in Halla na Saoirse chun saol James Connolly a chéiliúradh ar siúl chomh maith.
Chun an chúig bású dhéag i bPríosún Chill Mhaigheann a shonrú idir an 3 agus 12 Bealtaine, beidh sraith searmanas ar siúl, ag comóradh na tírghráthóirí sin á gcuireadh chun báis.
Deir stiúrthóir an chomóraidh go mbeidh an Forógra, na sínitheoirí agus an brat násiúnach mar chuid lárnach an chéilúrtha.
Maidir leis an Ghaeilge, rinneach cáineadh mór gur fágadh ar lár í sa dréachtchlár comórtha a foilsíodh i mí na Samhna. Rinneadh maslú uirthi fosta leis an aistriúchán uafásach, nó an easpa aistriúcháin ar shuíomh ‘Éire 2016’.
Le seoladh ‘Éire 2016 : Clár Comórtha Céad Bliain’ an tseachtain seo chuaigh thart, dúradh go mbeadh an Ghaeilge mar snáithe den chomóradh agus ‘An Teanga Beo’ mar ainm ar an chuid sin.
Beidh sé suimiúil faire amach d’úsáid na Gaeilge anois i rith na bliana. Shílfeá go mbeadh sí le feiceáil chuile áit, le dátheangachas go forleathan ach ní thiocfadh ach buaile faoi thuairim a dhéanamh. Leis an rialtas seo i gcumhacht agus an seans go dtiocfadh rialtas úr teacht isteadh idir seo agus an bhliain seo chugainn, tá sé deacair le rá an mbeidh an tús áite sin tugtha don teanga. Ar ndóigh, tá sé tuillte go hiomlán ag an Ghaeilge. Bhí seisear amach as an seachtar a shínigh an Forógra mar bhaill de Chonradh na Gaeilge agus caithfear a rá go raibh an Ghaeilge mar chuid ríthábhachtach dóibh agus iad ag iarraidh stát neamhspléach a chruthú.
Beidh le feiceáil ach in aineoinn láithreacht nó easpa na Gaeilge cinnte go mbeidh ‘Éire 2016’ ina chéiliúradh ollmhór.
Leave a Reply