Mhothaigh mé nath cainte ar na mallaibh, de bhunadh Oirthear Uladh, a bhí mar seo, “Téann an saol thart mar a bheadh eiteogaí air agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.” Má chuireann féin, i mbliana ní amháin ar chuir sé bliain, ach cúpla orlach de sneachta orainn fosta. Leoga, ní raibh sé i bhfad go dtáinig an ghaoth agus a comrádaí Stoirm Rachel, len ár ngualainn a ghlanadh arís (nach mé atá fileata!).
Bhail, le teacht na bhFaoilleach (tús mí Feabhra), tá súil againn uilig go bhfuil ár sáith de dhrochaimsir fulaingthe againn agus cuirtear fearadh na fáilte roimh Bhríd, naomh Caitliceach na hÉireann, atá mar ábhar féile dúinn fán aimsir seo. Imbolg a thugtar ar an fhéile seo, ach Lá Fhéile Bhríde is fearr aithne atá uirthi. ‘Sí ceann de na féilte Ceilteacha is mó agus is ársa dá mbíonn á gcéiliúradh againn agus sin mar is ceart.
Chomh fada siar leis an 18 haois in áiteacha fá Éirinn agus Albain go háirithe, bhíodh nós ann féasta mór a ullmhú, le lear mór bia agus dí, agus cuid de a chur ar leataobh do Bhríd féin. Dhéantaí leabaidh don naomh agus d’fhágtaí an bia agus gloine fíona amach di. Mar shampla, ar Inse Ghall na hAlban, ba ghnáth leofa “a Bhríd, a Bhríd, thig a sligh as gabh do leabaidh” (a Bhríd, a Bhríd, tar isteach is gabh chuig do leabaidh) a rá trí huair agus iarraidh uirthi teacht isteach agus an teach a bheannú. Dhéantaí crosa Bríde fosta as luachair agus chrochtaí os cionn an dorais iad le cuireadh isteach a thabhairt do Bhríd. Théadh grúpa girsigh, agus iad gléasta i ngúnaí bána, thart fán bhaile agus “Brídeóg” (léiriú bábóige de Bhríd) leo.
Mar is eol d’achan duine, bíonn daoine in Éirinn go fóill ag déanamh cros Bhríde ar an 1 Feabhra in ómós don naomh, ach ní hé seo an t-aon traidisiún amháin de Imbolg a mhaireann. Tá daoine i gCondae Chiarraí a bhíonn go fóill ag dul thart fán bhaile, gléasta i róbaí bána (mar a bhíodh), ag ceol is ag damhsa agus ag bailliú airgid do chúiseanna mhaithe. The Biddy Boys a thugtar orthu údaí agus caitheann siad hataí móra tuí. Tugtar duais don Bhiddy is fearr. Bhí an traidisiún seo iontach láidir sa chondae i lár an 20ú haois agus fiú ba ghnáth leis na Biddy Boys úsáid a bhaint as gruaig a máithreacha móra leis na Brídeoga a dhéanamh.
De reir an tseanchais, más olc atá an aimsir ar Lá Fhéile Bhríde, ní mar sin a bheas sí don chuid eile den bhliain. Beidh mé féin ag dúil go mór le giota beag dea-aimsir amach anseo, ach mar a insíonn mo mháthair dom i gcónaí, nuair a rugadh ise i mí Áibreán dornán blianta ó shin bhí na bealaigh clúdaithe le sneachta!
Leave a Reply