An lá ar osclaíodh an chéad Aldi ar oileán beag s’againne; b’shin casadh na taoide, b’shin an croisbhealaí grósaeireachta ba thábhachtaí is ba ghalánta a bheannaigh Éire ariamh. Tháinig sí chugainn díreach roimh an mhílaois sa bhliain 1999 agus, anois ó chuimhním air, tá teacht Aldi mar mheafar teibí de caidé a bhí le teacht sa 21ú haois: rathúnas, saibhreas, lúcháir, agus deiseanna. Cuireadh fearadh na fáilte roimpi – mar is ceart a dhéanamh in amanna mar sin – agus níor caitheadh súil riamh arís ar an tsaol atá imithe, siocair na maitheasa dhochuimsithe a tháinig léi.
Tá Aldi de bhunadh na Gearmáine agus, d’aineoinn na mórbharúla, níl baint ar bith ag an chomhlacht seo le Lidl (iomaitheoir beag bídeach sa rás grósaeireachta in Éirinn – níl seans ar bith acu). Seasann Aldi do nuálaíocht agus inniúlacht an mhúnla Airianaigh. Cé go ligeann an chuid is mó dár bpobal orainn nach bhfuil meas ar bith againn ar a mhacasamhail de “chine Airianach” – agus nár lige Dia go mbeadh meas againn ar theoiricí an Hitleireaigh – caithfear éachtaí na Gearmáine go dtí seo a aithint. Is dea-shampla í Aldi dá bhfuil bainte amach acu. Tagann seo a leanas ó bhéal gasúir a bhfuil a chroí istigh ina thír fhéin, a thabharfadh “poblachtach” air fhéin, agus nach malartódh a bhunadh ar óir na cruinne. Tá buanna ar leith ag Éirinn; saibhreas cultúir, muintir fháilteach chroíúil, tírdhreach millteanach galánta, teanga ársa álainn. Ach ní thiocfadh a mhacasamhail d’Aldi choíche as Éirinn. A leithéid d’eagrúchán, de leagan amach, de mhargaidh mhaithe!
Fiafraítear díom go minic, cad chuige a théim go hAldi achan uile seachtain (dé Luain de ghnách). Bhail, a deirimse leo, ní chreidfeá riamh é, ach níor leag mé cos ar shiopa Aldi go dtí thart fá’n am seo an bhliain seo chuaigh thart. Is léir uaidh sin fhéin an tuíghe gur thosaigh mé ag dul go hAldi. Bhí mé i ndiaidh thoiseacht ar an ollscoil, bhí mé liom fhéin gan mo mhamaí ag ceannacht bia dom, agus bhí orm soláthar dom fhéin. Bhí Tesco beag i m’aice, ach maraim nach raibh fiúntas ar bith sa siopa sin ach an “Reduced Section” thíos ar chúl an tsiopa, áit a bhfaighteá áran an lae sin ar phraghas íseal. Níorbh fhiú an tsiúlóid. An aimsir sin bhí mé ag stopadh i dteach le Ciarraíoch, agus ba ghnách leis dul suas go Seantrabh ar an rothar ab aige ar son a chuid siopadóireachta. I mbeagán focal, léim mé ar mo rothar, rinne mé an turas baolach go Seantrabh, agus tháinig mé na bhaile le dearcadh úr ar an saol. B’shin tús mo chaidrimh le hAldi; tháinig mé ar son na margaí, d’fhán mé ar son na mbuanna líonmhaire eile.
Níl sé ró-mhall duitse gaol mar seo a bhunú. Cuirfear fáilte Éireannach romhat, i dtimpeallacht chomh snasta le hAmbasáid na Gearmáine.
Barra Ó Scannláin
Leave a Reply