Foireann camógaíochta DCU ar ais le haghaidh bliain eile

Tá an fhoireann camógaíochta ar ais le chéile in DCU agus tar éis bliain iontach anuraidh, tá siad ag iarraidh cur lena rath i mbliana.
Tá Stephen Behan fós i gceannas ar an bhfoireann agus tá Stephen Fitzgerald ann mar traenálaí leis. Tá an bheirt mar bhaill den chlub Na Fianna, i mBaile Átha Cliath. Tá cabhair agus tacaíocht ag teacht ó Eimear Mc Carthy freisin, imreoir Naomh Uinseann agus iarimreoir DCU.
Bhuaigh siad an Corn Purcell dhá uair i ndiaidh a chéile sa bhliain 2012 agus 2013 agus anuraidh, chuaigh siad ar aghaidh go Béal Feirste le haghaidh an corn Ashbourne, craobh camógaíochta triú leibhéal. Bhí a fhios ag na cailíní go raibh an Corn Ashbourne mórthaibhseach i gcomparáid leis an gCorn Purcell. Chun páirt a ghlacadh san Ashbourne Cup, bhí orthu cluiche cáilithe a imirt in aghaidh Ollscoil Chathair Chorcaí, agus tar éis cluiche iontach, tháinig DCU amach leis an mbua.
Bhí an comórtas Ashbourne ar siúl i mBéal Feirste le linn deireadh seachtaine i mí Feabhra i mbliana agus deireadh seachtain iontach a bhí i gceist. D’imir siad in aghaidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge sa chluiche leathcheannais ach tar éis cluiche deacair in aimsir an-fhliuch, bhí WIT rólaidir dóibh. Éacht iontach a bhí ann don fhoireann. Ar an Domhnach, chuaigh siad chun an cluiche ceannais a fheiceáil. Imríodh na cluichí go léir sna páirceanna imeartha de chuid Ollscoil na mBanríocha.
Fiú go bhfuil cúpla phríomh-imreoir ón mbliain seo chuaigh thart tar éis imeacht, tá 83 cailín cláraithe le haghaidh an fhoireann camógaíochta i mbliana. Tá cáilíní le scileanna éagsúla ó gach bliain sa choláiste agus ó na ceithre chúinne in Éirinn ar an bhfoireann. Tá an-chuid dóibh sa chéad bhliain – rud atá iontach le feiceáil.
Gach Luain, bíonn seisiúin sa spórtlann chorpacmhainne ar maidin acu agus traenáil san oíche ar an Astro in ionad traenála Naomh Chláir. Bhí an áit forbartha i rith an tsamhraidh agus is iontach an rud é go bhfuil na háiseanna ann anois don traenáil agus go bhfuil spórtlann san áit chéanna. Taitníonn na háiseanna úra go mór leis an bhfoireann.
Ó thaobh na cluichí de, tá an sraith i mbliana tosaithe agus an chéad bua bainte amach. Bhí cluiche in aghaidh Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar siúl Dé Máirt seo caite, an 14 Deireadh Fómhair. Tar éis taispeántas iontach ón bhfoirean ar oíche fuar, d’éirigh leo an bua a fháil. Tá an chéad chluiche eile sa sraith acu ar an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair in aghaidh Ollscoil Ulaidh Báile Shiurdáin i mBéal Feirste.
I mbliana, beidh DCU mar óstach don Chorn Ashbourne. Beidh na cluichí go léir ar siúl i bpáirceanna imeartha Naomh Chláir. Ócáid iontach do DCU a mbeidh ann agus beidh comórtas iontach ar siúl an deireadh seachtain sin.
Tá an fhoireann camógaíochta in DCU ag dul ó neart go neart agus cinnte go mbeidh rudaí iontacha le cloisteáil uathu go luath.

Ciara Ní Chába

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.