Ba bheag nár phléasc Facebook an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair JK Rowling go bhfuil trí scannán nua Harry Potter ar an mbealach. Sheol sí tvuít nach ndearna ciall ar bith, ach le cúpla milliún duine á leanúint, níorbh fhada go bhfuarthas amach gurbh anagram a bhí ann, ag insint dúinn go raibh Harry ag teacht ar ais chugainn.
Cúpla lá ina dhiadh sin, fograíodh go mbeadh trí scannán, bunaithe ar an leabhar a scríobh Rowling do Comic Relief “Fantastic Beasts and Where To Find Them” ar an scáileán, in 2016, 2018 agus 2020.
Beidh an chéad cheann bunaithe sna fichidí i Nua Eabhrac, agus Newt Scamander mar an príomhcharactar. Dar leis an leabhar, rugadh i Sasana é sa bhliain 1897 – ciallaíonn sé sin go mbeidh sé idir fhiche agus tríocha bliain d’aois don chéad scannán. Níl duine ar bith ró-chinnte faoi chéard a bhéas ar siúl sa scannán, toisc gur ciclipéid é an leabhar – cén chaoi a dhéanfaidh siad trí scannáin as?
Toisc go bhfuil sé ag tarlú beagnach seachtó bliain roimh Harry Potter, ní fheicfidh muid Harry nó a chairde sa sraith nua. Ach, ní hionann sin agus a rá nach mbeidh éinne a airíonn uainn ann. B’fhéidir go bhfeicfeá Dumbledore, nó na taibhsí i Hogwarts. Deirtear sa leabhar go raibh Newt in Hufflepuff é féin.
Beidh David Yates, an stiúrthóir a bhí i gceannas ar na scannáin Potter deireanacha, ag obair lena fhoireann arís, rud atá an lucht leanúna an-sásta leis, agus beidh Rowling ag tógáil páirt lárnach sa scannán í féin. Don chéad uair riamh, tá sí ag scríobh agus fiú ag stiúrthóireacht!
Ta beagáinín brú ar an sraith – is iad na scannáin Harry Potter na cinn is cáilúla agus is mó feicthe riamh, le hocht mbilliún euro tuillte go dtí seo. Ach is gá a rá nach bhfuil an t-údar ann don airgead.
Thosaigh Rowling amach ag obair do Amnesty International, áit a bhfaca sí an taobh dorcha den chine daonna. Ní dhearna sí dearmad riamh ar chéard a d’fhoghlaim sí agus sí ag obair ann, agus sa bhliain 2010, thosaigh sí a carthanacht féin. Lumos an t-ainm atá air agus is éard atá i gceist leis ná go nglacann siad páistí amach as institiúid dáinséaracha agus cuidíonn leo saol nua a thosach. Dar leo, sa tréimhse sin,tá siad tar éis 12,000 páistí a shábháil. Daoine iad go d’fhéadfadh a bheith ar na sráideanna, i bpriosiún, nó faoi thionchar na ndrugaí faoi sin. Is iontach an rud é daoine le cumhacht agus tionchar a fheiceáil ag déanamh maitheas.
Scríobh sí an leabhar “Fantasic Beasts” don charthanacht Comic Relief ar an gcéad dul síos, eagraíocht a chuireann seirbhisí ar fáil do pháistí ar fud an domhain. Níl dabht ar bith go rachaidh cuid mhór den bhrábus a thuilleann na scannáin nua do na daoine sin i ngéarchéim.
Eoghan O’Connor
Leave a Reply