Radharc ar fhaisean le Style-Eyes

Is feidhmchlár faisin é Style-Eyes. Is aip Éireannach í, ach baintear úsáid as sna Ríocht Aontaithe freisin.
Bunaíodh an chomhlacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhun taighdeoirí Dr. Mark Hughes agus Bobby Pringle ó Clarity Centre for Sensor Web Technologies Research é.
Is féidir é a íoslódáil saor in aisce don Android ó Google Play Store agus don iPhone ón iPhone App Store.
An úsáid atá leis ná chun stíl daoine cáiliúla a athchruthú ar bhuiséid (is mac léinn muid!). Is féidir Snap Her Style a dhéanamh leis ar do fhón póca.
Is feidhmchlár deá-shimplí é Style-Eyes, cé nach bhfuil ort ach grianghraif a thógáil leis. Ansin, faigheann an sistéim an táirge is cosúil leis.
Tá éadaí ó bheagnach 400 siopaí (ar líne nó as an bpríomhshráid) ar fáil fríd an fheidhmchlár agus go minic bíonn lascainí orthu. Gach lá, bíonn lascainí difriúla le feiceáil agus le húsáid air.
Ní gá duit dul chuig an t-ionad siopadóireachta, is féidir na h-éadaí a cheannach díreach ó na siopaí tríd an fheidhmchlár féin.
Is iad samplaí de na miondhíoltóirí atá páirteach in Style-Eyes ná Topshop, River Island, Warehouse agus Miss Selfridge.
Tá blag ag Style-Eyes freisin. Cuirtear ailt suas gach lá ar an suíomh gréasáin www.style-eyes.eu. Áine Marie, Alana Lavender, Amy Mulvaney, Belle Jolie, Faking Couture, GSUS agus Vintage Venom na h-ainmneacha atá ar na scríbhneoirí dó.
Scríobhann siad ailt faoi chúrsaí faisin, smideadh agus lascainí ar tháirgí, go háirithe ar líne. Bíonn comórtais ar siúl acu ó am go ham agus is féidir duaiseanna éagsúla a bhaint.
Go dtí seo, buaitear cíos gúna ó Cari’s Closet, dearbhán de luach £100 do Phase Eight agus dearbhán de luach £50 do UGG.
Is féidir coimeád suas le stíl an tséasúir ar shuíomh Facebook Style-Eyes, agus trí chuntas Style-Eyes ar Twitter nó Instagram a leanadh. (Feictear comórtais orthu go minic!)

Áine Marie Ní Mhainicháin

www.beckboop.com

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.