Gaeltachtaí in iomaíocht

Is é lá deireanach Chraobh Shinsear Peile na hÉireann an an lá is mórthaibhseach agus an t-éacht is mó gur fédir a bhaint amach in aigne achan peileadóir sa tír. Ní haon eisceacht é sin sa Ghaeltacht.
Idir fhoireann Dhún na nGall agus foireann Chiarraí sa chluiche ceannais i mbliana, rinneadh ionadaíocht den scoth ar son foirinn agus muintir na Gaeltachta.
Tá ceantair mhóra Ghaeltachta i nDún na nGall agus i gCiarraí le timpeall 22,000 Gaeilgeoir Ghaeltachta idir an dá chondae. Leis na huimhreacha sin, ní bheadh iontas ar éinne go mbeadh ionadaíocht Ghaeltachta go daingean sa dá fhoireann.
Ní féidir rath agus cáil Chlub Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill a sheachaint, ní amháin i nDún na nGall ach in Éirinn. Tá ceithre Chraobh Sinsir an Chontae bainte acu óna mbunú sa bhliain 1931. Ní haon iontas mór é mar sin, go mbeadh imreoirí an chlub le feiceáil idir fhoireann sinsear Jim McGuinness agus mionúr Declan Bonner an chontae.
Cúis ollmhór bhróid don chlub a bhí ann, ar Dhomhnach an haonú lá is fiche de mhí Meán Fómhair agus naoíniúr imreoir ó Ghaoth Dobhair a fheiceáil idir an dá fhoirinn Chonallach.
Le himreoirí mionúr Ciaran Gillespie, Cian Mulligan, Michael Carroll, Niall Friel, Gavin McBride agus Gary McFadden ag teacht ó Ghaoth Dobhair ba léir dea-chuma an dochúlacht go mbeidh ionadaíocht Ghaoth Dobhair sábháilte ar feadh tamall ar fhoirinn Dhún na nGall cibé.
B’ainmneacha cáiliúla faoin am seo iad na deartháireacha Éamonn McGee agus Neil McGee agus ag imirt go háitiúil do Ghaoth Dobhair, is cuid de na himreoirí is rathúla ón cheantar iad. Bliain den scoth a bhí ann i mbliana fosta do himreoir óg Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais, a d’éirigh leis áit tosaithe a dhaingniú ar fhoireann Dhún na nGall. Is deacair creidbheáil an fhorbairt ann do, ó bheith mar bhall den lucht tacaíochta i gCnoc 16 sa bhliain 2012 go ceann de na himreoirí is mó féideartha ar fhoireann Mc Guinness i mbliana.
Ní amháin Gaoth Dobhair atá tar éis dul go mór i bhfeidhm ar fhoirinn Thír Chonaill ach lena leithéid de Ryan McHugh ó Cill Charthaigh agus Leo McLoone ó na Gleanntaí, is iomaí imreoir Ghaeltachta ar fhoireann an chontae.
Bhí an scéal céanna le feiceáil ar fhoireann Chiarraí an Domhnach grianmhar sin agus na foirinn ag líneáil amach i bPáirc an Chrócaigh.
Ó clubanna ‘An Ghaeltacht’ (ainm fíor intuigthe) agus ‘An Daingean’ is mó a sholáthar imreoirí Gaeltachta do fhoirinn Éamonn Fitzmaurice agus Jack O’Connor. 2003 an uair dheireanach gur bhain ‘An Ghaeltacht’ Craobh Sinsir an Chontae ach tá ionádaíocht mhaith acu ar dá fhoireann an chontae. Lena leithéid de Bhrian Ó Beaglaoich agus Tomás Ó Sé ag imirt don fhoireann mionúr agus Marc Ó Sé ag imirt don fhoireann sinsear, tá éacht ollmhór bainte amach ag an chlub agus iad ag spreagadh talúin na fir óga seo.
Comhartha mór de spreagadh Daingin é fosta go bhfuil seisear acu a gcaitheann léinte Ciarraí go rialta idir an dá fhoireann leis an imreoir deireanach Gaeltachta, Brian Rayel, ag teacht ón chlub Lios Póil.
Bhí láithreacht mhórthaibhseach Ghaeltachta i gCraobh Shinsear Peile na hÉireann i mbliana gan dabht. Ní amháin go raibh dá chondae in iomaíocht, ach dá Ghaeltacht, dá chanúint Ghaeilge go hiomlán difriúil óna chéile, ‘na fadudas’ in éadan ‘na n’fheadars’ mar a dúirt fear amháin agus sin a chuir go mór le haoibh an lae.
Ní fhios cá huair a mbeidh an dá fhoireann in iomaíocht arís ach cinnte go mbeidh Gaeltacht Dhún na nGall ag iarraidh an lámh an fháil in uachtar an chéad uair eile in éadán condae agus Gaeltacht chumhachtach Chiarraí.

Caoimhe Ní Chathail
www.gaa.ie

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.