Mo Thaithí den Michaela Foundation

Ar an 10 Eanáir 2011 baineadh stangadh as pobal an Chumann Lúthchleas Gael agus an saol Fódlach nuair a scaipeadh an scéal go raibh Michaela McAreavey imithe ar shlí na fírinne. Mar iníon Mickey Harte; bainisteoir foireann peile Thír Eoghain, mar mhúinteoir meánscoile, mar chara, mar dheirfiúr agus mar iar-iomaitheoir de chuid an Rose of Tralee, bhí áit speisialta ag Michaela i go leor croíthe cé nach raibh ach seacht mbliana is fiche slánaithe aici.

Bunaíodh an Michaela Foundation go gairid ina dhiaidh sin agus cuireann sé gliondar croí orm cé chomh mór atá sí ag dul ó neart go neart lá i ndiaidh lae a fheiceáil. An aidhm atá ag an Michaela Foundation ná leagáid Michaela a choinneáil beo agus í a úsáid le haos óg na tíre a spreagadh. Tá tuairim ag an Fhondúireacht go bhfuil an cumas ag daoine óga bomaití beoga, draíochtacha, inspioráideacha a chruthú go fo-chomhfhiosach.

Lá cinniúnach a bhí ann dom nuair a fuair mé scairt fóin le hinsint dom go raibh mé roghnaithe i gcuideachta cúigear eile le duais speisialta a fháil ón Fhondúireacht Michaela. Tugtar ‘Scolairí Michaela’ orainn agus an ról atá againn ná a bheith mar ambasadóirí don Fhondúireacht inár gcoláistí éagsúla agus an teachtaireacht a scaipeadh i measc ár gcomhscolairí. Bíonn blag le scríobh achan mhí againn, ag cur síos ar ár gcéad bhliain ar an ollscoil. Go dtí seo tá cur síos déanta agam féin ar an athrú idir an mheánscoil agus an ollscoil, ag bogadh ón bhaile go dtí an chathair mhór gan foscadh mo thuismitheoirí, mo scileanna cócaireachta millteanacha agus ag glacadh mo chreideamh liom chuig an choláiste. Fosta, tá cur síos déanta agam ar mo rannpháirtíocht leis an Chumann Gaelach, DCUSVP agus Sober Soc agus taithí réadóra ar an saol sóisialta.

An aisling atá ag an Fhondúireacht ná na luachanna a bhí tábhachtach do Mhichaela a choinneáil beo. Bean le spiorad dea-mhéineach a bhí in Michaela, a chuaigh i bhfeidhm ar chuile dhuine a tháinig sí i dteagmháil leo. Bhí sí ina dia beag agamsa agus mé ag fás aníos mar gheall ar an dóigh a d’iompar sí í féin agus an stádas a bhí aici mar réadóir. D’éirigh léi saol iomlán agus sásta a chaitheamh gan cuidiú ar bith ó alcól nó drugaí agus is é sin atá ar intinn agam féin fosta. Bhí ceangal daingean docht ag creideamh Michaela leis an saol a chaith sí agus chreid sí go láidir gurbh é an chúis go raibh sí chomh sona sásta sin. Bhí grá aici don Ghaeilge agus bhí sí i gcónaí fíor-bhródúil as a fhéiniúlacht Ghaelach. Thar gach rud eile áfach, rinne sí a dhícheall gach lá sult a bhaint as an saol.

Ní thig liom na focail chuí a fháil chun cur síos a dhéanamh ar an chlaochlú ar mo shaol a bhuí leis an Michaela Foundation. Tá borradh tagtha faoi mo féinmhúinín agus faoin mhisneach atá agam seasamh suas do na rudaí atá tábhachtach dom agus ní thig liom buíochas go leor a ghabháil le muintir na Fondúireachta a thug an seans speisialta seo dom. Tá saol an mhadaidh bháin a chaitheamh agam anois. Tá mé ag baint sult as m’am anseo i DCU agus, gan amhras, go fada buan a bheidh.
Aoífe Ní Shiadháil

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.